Showing posts with label ceol. Show all posts
Showing posts with label ceol. Show all posts

Wednesday, December 15, 2010

BanditsBalls?

Blianta ó shin, nuair a tháinig Home and Away ar an teilifís anseo in Éirinn den chéad uair, thug mé faoi deara bearta agus briathra nár réitigh go hiomlán le teagasc an tuismitheora seo.

Bhí an clár ar siúl luath go leor sa tráthnóna, am a raibh mo pháistí ag breathnú ar an teilifís. Bhí sé de nós agam féin, ó am go chéile, súil a chaitheamh ar gach clár ar a mbíodh siad ag breatnú, le go mbeinn ar an eolas, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos aon cheo ar tarlú, i ngan fhios dom, mar thuismitheoir.

Nuair a chonaic mé, nó nuair a chuala mé, rud éigin nár thaitin liom, mar thuismitheoir, thug mé comhairle do mo pháistí, agus ní raibh dabht ar bith ina gcloigne, tar éis mo chomhairle a fháil, an raibh an beart, nó an briathar, ar an teilifís ceadaithe sa teach inar tógadh iad, nó, fiú, an raibh sé ceadaithe taobh amuigh den teach inar tógadh iad.

Níor stop mé iadsan ag breathnú ar an gclár, ach bhí mé féin sa chúlra, ag éisteacht, ag breathnú, agus ag comhairliú, nuair ba ghá.

Rinne mé amhlaidh nuair a tháinig ríomhairí ar an saol. D’fhan an t-aon ríomhaire amháin a bhí againn sa chistin, agus, ach an oiread leis an teilifís, cuireadh srian ar an méid ama a chaith siad os a chomhair, agus bhí tuismitheoir ag teacht agus ag imeacht, i rith an ama sin.

Maidir leis na hamhráin lenar éist siad, dá gcloisfinn amhrán, óna mbéal nó ó dhlúthdhiosca, nár réitigh le teagasc an tuismitheora seo, bheadh comhrá agus comhairliú ann arís. Níor stop mé iad ag éisteacht leis na hamhráin chomhaimseartha, ach is dócha, ar bhealach, gur chinntigh mé gurb iad teachtaireachtaí agus teagasc a dtuismitheoirí a d’fhan ina gcloigne, seachas aon teachtaireacht eile. Ceapaim. Tá súil agam.

Bhí mé ag éisteacht leis an raic ar Liveline inniu, raic atá tarraingthe ag an amhrán seo, Horse Outside, leis na Rubberbandits as Luimneach, anuas sa mhullach ar fhear eile as Luimneach, Willie O’Dea.

Bhuel, b'fhéidir gurb é Willie é féin atá ciontach as an raic a tharraingt sa mhullach air féin ach, pé scéal é, tá beagnach milliún go leith amas faighte ag an amhrán, go dtí seo, ar youtube, agus tá an seans ann go mbeidh sé ag uimhir a haon sna cairteacha don Nollaig.

'Sé an smaoineamh a rith liom féin ná go bhfuil an saol ag athrú, ach nach bhfuil sé ag athrú ag an am céanna.

Ó thaobh ‘shock factor’ de, an bhfuil mórán idir amhrán ‘Horse Outside’ an lae inniu, agus na hamhráin ‘Chocolate Salty Balls’, agus 'You Oughta Know', mar shampla, amhráin a bhí ar an bhfód, agus i mbéal go leor páistí, sna nóchaidí, nó an é nach bhfuil ag athrú ach liricí na n-amhrán, mar fhianaise ar a bhfuil ag tarlú sa saol?
.

Saturday, November 20, 2010

Ceilteach

Ar maidin, nuair a d’oscail mé na dallóga, ní fhaca mo shúile na nithe ab iondúil leo a fheiceáil. Ní raibh romham ach ceo, ceo, agus tuilleadh ceo.

Ó am go chéile, chonaic mé carr, nó veain, nó leoraí. Tá na tiománaithe á dtiomáint go mall ciallmhar tríd an gceo, iad ag dul go deas réidh, ar fhaitíos na bhfaitíos.. Cén mhaith an bhuile bhóthair ar lá ceilteach an cheo. Nach bhfuil gach tiománaí sa bhád céanna, na laethanta ceomhara ceilteacha seo.

Tá droichead rompu, tá a fhios agam an méid sin, ach ní féidir liom an droichead a fheiceáil ón bhfuinneog thuas staighre. Téim síos staighre.

Anois, tá an droichead le feiceáil agam ó fhuinneog na cistine. Tá na carranna, na veaineanna, na leoraithe, ag trasnú. Níl a fhios agam cá bhfuil a dtriail. Beidh cuid acu ag dul in aghaidh an aird, gan dabht. Go dtuga a gCé slán iad ón aimsir cheilteach.

Feicim fir agus mná ag dul trasna an droichid. Tá a gcloigne cromtha acu, iad cúramach ag siúl, súile dírithe acu ar an gcosán rompu, ar fhaitíos aon cheo ceilte uatha ag an gceo. Tá faitíos orthu go dtitfidh siad, is dócha. Sa dallcheo, is fearr a bheith faireach ar na nithe ceilte.

Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine againn céard atá ceilte orainn ar maidin. Ach, tá a fhios againn go bhfuil an ceo ag ceilt uainn cianradharc na maidine. Ní féidir an ghrian, an fharraige, na crainn, nó fiú na cnoic i bhfad uainn a fheiceáil.

Mar sin féin, tá a fhios againn go bhfuil siad ann. Agus beidh áilleacht na tíre le feiceáil againn arís. Nuair a scaipfidh an ceo.
.

Sunday, November 14, 2010

Fuaim Chonamara Abú!


Bígí ag caint ar X Factor, más mian libh, a léitheoirí, ach ní fhaca sibh an rud is X Factor ann go dtí go bhfeicfidh sibh Brian Ó Cuinneagáin, thuas, agus an taispeántas iontach uaidh féin, a shiblíní agus a chomhghleacaithe sa seó iontach, Fuaim Chonamara.

Taitníonn damhsa ar an sean-nós liom, agus is é a mheall an bhean seo chuig an Inishowen Gateway i mBun Cranncha aréir, áit ina raibh an seó, Fuaim Chonamara, ar siúl, seó lena raibh mé ag dúil go mór. M’anam, ach fuair mé mo mhian, a léitheoirí, agus tuilleadh nach í.

Is éard a chonaic mé, agus a chuala mé, ná ‘a wealth of talented musicians and dancers from all over the west of Ireland’, mar a deirtear ar an suíomh. Ní haon bhréag é sin, a chairde.

Ní damhsa ar an sean-nós amháin a bhí sa seó, ach damhsa à la Riverdance le Doireen Carney agus Joanna Evans, amhráin ó Chaitríona Ní Cheannabháin agus Mike Scanlon, ceol ó John O’Halloran (cairdín) Joseph Gibson (veidhlín), Tommy Doherty (cairdín), Jim Woods (bodhrán) agus Pat Ducey (giotár); gan trácht ar an tionlacan a thug John Mannion (portaireacht béil), agus Michael Cunningham (trumpa béil), athair mhuintir Uí Chuinneagáin, do Bhrian nuair a bhí sé ag damhsa ar chláir.

Ach ní ar chlár amháin a bhí Brian, a dheirfiúracha Irene agus Ashline, agus a dheartháir, Micheal ag damhsa – bhí siad ag damhsa le scuaba agus ar bhairillí, gan trácht ar an damhsa ar an sean-nós a rinne Michael Óg agus é ag seinm ar an gcairdín ag an am céanna. Bhabha!

Bhí Brian agus a dheirfiúracha ag jiveáil geábh, a léitheoirí, agus ní chreidfeá go bhféadfadh triúr a leithéid a dhéanamh le chéile gan oiread is botúin amháin uatha. Ní amháin go bhfuil muintir Uí Chuinneagáin iontach dathúil agus fuinniúil, ach tá tallann nach beag ag chuile dhuine beo acu. Nár laga a gCé iad.

Ní raibh Lorraine, an duine is óige den chlann, ná a máthair ann aréir, cé gur iondúil go mbíonn, dúradh liom tar éis an tseó, am ar bhuail mé leis na rannpháirtithe. Tá Lorraine ag teacht chuici féin tar éis obráide – go raibh tú ar ais ar do sheanléim go luath, a Lorraine!

Mo chuimhne, ba é John Mannion fear déanta an tseit, bhí Gary i mbun soilsithe, agus ba é Michael (athair) a bhí ina bhainisteoir stáitse. Bhí a jab féin ag chuile dhuine, feictear dom, agus níos mó ná jab amháin ag duine nó dhó, shilfeá. Chuir Mike Scanlon an gang in aithne dúinn, é féin agus Brian ag roinnt an jab sin, feictear dom.

An rud ba mhó a rith liom faoin seó iontach seo, ná an chomrádaíocht agus an cairdeas a bhí le brath eatarthu ar an stáitse. D’airigh mé go rabhadar féin ag baint suilt as an gcraic, rud a chuir go mór leis an ócáid. Ní haon ionadh go bhfuair siad seasamh ag bualadh bos. Bhí sé tuillte acu.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach tá moladh agam daoibh – mura bhfuil an seó, Fuaim Chonamara, feicthe agaibh fós, ansin mholfainn daoibh dul isteach ar shuíomh s’acu anseo, faigh amach cén áit ina mbeidh siad, agus téigh ann.

Mura bhfuil siad ag teacht i do threo, bí i dteagmháil leo. B’fhiú iad a mhealladh, bíodh sibh thall nó abhus. Sin mo thuairim, agus mo mholadh.

**********
An pictiúr thuas tógtha ón ngailearaí anseo.
.

Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

Wednesday, May 26, 2010

Comórtais Amhránaiochta agus Amhrán

Scríobh mé anseo, mí Feabhra seo caite, faoin amhránaí Crystal Bowersox. Mar iomaitheoir ar an gclár American Idol an t-am sin, thaitin sí go mór liom, agus níor athraigh mé m’intinn ó shin.

Seachtain i ndiaidh seachtaine, bhí na hamhráin uaithi go hiontach ar fad. Níl aon ionadh ormsa, mar sin, go bhfuil sí sa bhabhta ceannais ar American Idol thall anocht, cé nach mbeidh an clár á chraoladh ar TV3 anseo in Éirinn go dtí Dé hAoine, chomh fada agus is eol dom.

Beidh Crystal in iomaíocht le Lee DeWyze, amhránaí eile a thaitin liom ó thús, caithfidh mé a admháil. Mar sin féin, sí Crystal mo rogha don chomórtas, bíodh mé ceart nó mícheart. Beidh le feiceáil.

D’éist mé leis an gcéad bhabhta leathcheannais den Eurovision Song Contest aréir. Ag an bpointe seo sa chomórtas, taitníonn an fear seo, Tom Dice, amhránaí na Beilge, go mór liom. Diabhal locht air féin, ná ar an amhrán, Me and My Guitar.

Ní raibh amhrán na hÉireann, It’s For You, sa bhabhta sin aréir, ach beidh Niamh s’againne sa bhabhta leathcheannais tráthnóna amárach, ar chlár a bheas á chraoladh beo ar RTÉ2. Go n-éirí go geal léi.

Beidh an babhta ceannais den Eurovision Song Contest ar an 29 Bealtaine, Dé Sathairn seo chugainn.
.

Friday, February 26, 2010

Reuben le Cathy Davey

Tosaíonn an t-amhrán, Reuben, le Cathy Davey, ar an bhfíseán thíos tar éis 40 soicind, nó mar sin, agus is fiú an fanacht, i mo thuairim.

Tá an t-amhrán le fáil ar an albam Ceol 09, agus táim buíoch de Scott, a tharraing m'aird ina threo.

Is maith liom an físeán seo. Cuireann sé fonn damhsa orm. Go mba hé daoibh, a léitheoirí, agus bainigí sult as an deireadh seachtaine.

Saturday, February 20, 2010

American Idol

Tá ceithre dhuine is fiche roghnaithe anois, as na mílte a rinne iarracht áit a fháil sa bhabhta ceannais ar American Idol agus, ón méid atá feicthe agam go dtí seo, tá an caighdeán iontach ard i mbliana, ceapaim féin.

Cé nach bhfeicim é chuile uair a bhíonn sé ar an teilifís, chonaic mé an clár anocht agus, más fiú a dhath mo thuairim, is maith liom an bhean seo:


.

Friday, February 12, 2010

Thar Fóir nó Over the Hill

Fiú agus mé i mo chailín óg, nó i mo dhéagóir, ní raibh sé de nós agam mo chloigeann a chailleadh i ndiaidh réalta ar bith, mar a rinneadh le Jedward i mBaile Átha Cliath inniu, mar shampla. Cé go raibh réaltaí éagsúla a thaitin go mór liom thar na blianta, ní rachadh mo thacaíocht thar fóir, mar a déarfá. Bhí mé rud beag staidéarach, shílfeá.

Níl a fhios agam an raibh baint aige sin leis an gcaoi inar tógadh mé ach, go dtí an lá atá inniu ann, ní dhéanfainn ‘show of myself’. Ní cuimhin liom na focail sin a chloisteáil ó bhéal mo thuismitheoirí, ach tá a fhios agam go raibh tús áite acu i mo chloigeann is cuma cén áit ina raibh mé, go háirithe agus mé in aon áit phoiblí, mar a déarfá.

Mar sin féin, ní chuireann sé isteach ná amach orm nuair a fheicim cailíní agus buachaillí ag cailleadh an bhloic, go poiblí, faoi réaltaí, cé nach ndearna mé féin riamh é, ceapaim. Meas tú cén fáth é sin? An é go raibh baint aige le ciall, nó le hiompar, nó le heaspa foinn, b’fhéidir?

Cloisim na focail ‘am agus áit’ i mo chloigeann, freisin. Bhí mé breá ábalta an cloigeann céanna sin, agus an corp a bhí greamaithe thíos faoi, a chroitheadh go craiceáilte ar urlár an dioscó fadó, go háirithe dá gcloisfinn glór Meatloaf, nó ceol Horslips, mar shampla.

Ach, chuirfinn geall go raibh mé ag déanamh ‘show of myself’ mar sin féin, nó go raibh daoine ann a cheap go raibh mé á dhéanamh sin, agus mé ag ‘jumping and jiving/rocking and rolling’ liom ar urlár an dioscó. An mbaineann sé sin le dearcadh, nó le béasa, nó le haicme, nó le haois?

Nó an é go bhfuil a teorann féin ag chuile ghlúin, agus nach bhfuil daoine óga, lucht leanúna Jedward agus réaltaí mar iad, ag dul thar fóir ar chor ar bith, ach ag baint suilt as an saol ina mbealach féin, bealach na glúine seo, díreach mar a rinne lucht leanúna na Beatles, agus Tom Jones, mar shampla?
.

Sunday, January 17, 2010

Dala an Scéil...



Níor chuala mé iomrá ar na mná seo go dtí inniu, nuair a léigh mé fúthu ar bhlag Hilary. Ón méid atá cloiste agam go dtí seo, beidh mé ag éisteacht leo arís agus arís eile!

Is maith liom an t-amhrán ‘Catch the Wind’, agus is fiú éisteacht leis an jab álainn atá déanta den amhrán ag Dala, agus iad á chasadh san fhíseán thuas ó youtube.

Bainigí sult as, a chairde.

.


Wednesday, October 21, 2009

Caoineadh na Neamhchiontach

Táim ar ais ar mo mhéara ó inné, a chairde, le caoinchead ón dochtúir.

Tá mo dhá láimh ag clóspraoi lena chéile arís, iad ag leipreach timpeall an mhéarchláir anseo, mar a bheadh uain ann lá earraigh.

D’éirigh liom, agus mé faoi mhéarghéibheann, bheith ag éisteacht leis an raidió níos minice. Bhí an t-ádh liom gur chuala mé Countrywide Dé Sathairn seo caite, clár ar a raibh ‘Donegal Harmonica virtuouso Tom Byrne’ ag labhairt faoina dhlúthdhiosca nua ‘Tom Byrne’.

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, mura ndéanfaidh sibh a dhath eile inniu, mholfainn daoibh dul isteach ar shuíomh an fhir, Tom Byrne, anseo, agus íoslódáil, nó ceannaigh, an dlúthdhiosca nua seo, mura bhfuil in ann daoibh ach traic uimhir 7, 'Caoineadh na Neamhchiontach', a chloisteáil.

Tháinig an dlúthdhiosca sa phost inné, é ordaithe agam tar éis an méid a chas Tom ar an armónach, ar Countrywide an lá úd, bheith cloiste agam. Tá sé aoibhinn, agus tá Frankie Gavin, Carl Hession, Paul O’Driscoll agus Laurence Doherty ina chuideachta ar an dlúthdhiosca, freisin.

Tá poirt, ríleanna, válsaí, agus cornphíopaí le cloisteáil, agus tá leagan de 'Macushla', le Tom ar an armónach, nach féidir a shárú, i mo thuairim.

Ach, domsa, tá traic uimhir 7, 'Caoineadh na Neamhchiontach', ar fheabhas ar fad. Dar le Tom féin, is ‘a tune I composed a number of years ago in response to the deluge of suffering endured by innocent people in Ireland and around the world’ atá ann. Nár laga Cé do lámh ná d’anáil, a Tom.

Feictear dom go bhfuil www.focal.ie ar ais ar a sheanléim, freisin, buíochas le cibé cé atá i gceannas air mar shuíomh. D’airigh mé uaim an seanleagan.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.