Wednesday, July 15, 2009

RíRá

Fuair mé cóip den ghreannán Gaeilge, RíRá, an tseachtain seo caite, a bhuíochas d’Aidan Courtney. Thug mé an chóip sin liom go Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, agus is ann atá sé fós mar go bhfuil grúpa páistí ansin ag dul ag léamh an ghreannáin dom, agus beidh aischothú le fáil uatha amach anseo.

Idir an dá linn, is féidir liom an méid seo eolais a roinnt libh, a léitheoirí. Bhí buachaill, 10 mbliana d’aois, ina shuí taobh liom ag an mbord maidin Dé Luain seo caite, an bheirt againn ag ithe bricfeasta. Thug mé an greannán RíRá dósan, agus thosaigh mé féin ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil, mar is iondúil liom. Bhí mé ag fanacht le héifeacht an chaife a chuideodh liom súile m’aigne a oscailt, an dtuigeann sibh.

Thosaigh mo dhuine le mo thaobh ag gáire. “Ar fheabhas!”, ar seisean. “An bhfuil an greannán go maith?”, a d’iarr mé féin. “Tá sé an-ghreannmhar.” arsa mo chara óg, agus gan é fós ach ar an gcéad leathanach. Tháinig a chairde isteach ansin, agus cuireadh an greannán go leataobh, mar a thuigfeadh sibh, a thuismitheoirí.

Ní féidir aird pháistí a choinneáil dírithe ar ábhar léitheoireachta nuair atá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, mar a bhí an mhaidin sin, is cuma cé chomh maith is atá sé. Ach, más rud gur féidir aischothú a thabhairt ar an ngreannán RíRá ón méid a chuala mé ón leaid sin maidin Dé Luain, tá jab maith déanta ag lucht RíRá, ag Aidan agus a chomhghleacaithe.

Tá siad ag obair ar an suíomh idirlín i láthair na huaire, agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ach scríobh chuig eolas@coimicigael.ie.
.

7 comments:

  1. Cuir neasc ar: www.catholicheritage.blogspot.com le do thoil

    ReplyDelete
  2. Conas is féidir liom cóip a fháil?

    ReplyDelete
  3. Cliceáil ar an ngreannán ar an suíomh idirlín, www.coimicigael.ie, agus tabharfaidh sé go dtí an siopa tú,
    http://www.coimicigael.ie/paypal/comics.php.

    Tá an t-eolas uile ansin, a chara.

    ReplyDelete
  4. Buíochas mór do Áine. Tá an alt seo ar fheabhas. Tá líosta de roinnt dena siopaí a bhfuil Rírá ar fáil freisin ar 'Rírá Facebook':

    http://www.facebook.com/#!/pages/Ri-Ra/109857627861

    agus nuair a bheidh an ám agam ar mo bhlogspot. Go raibh míle maith agat arís Áine.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.