Tuesday, July 14, 2009

'Na Daoine Béarla'

Tá teaghlach deirfiúracha ar m’aithne a bhfuil cónaí ar a bhformhór acu sa Ghalltacht, duine amháin acu sa Ghaeltacht. Tógadh iad le Gaeilge agus le Béarla i nGalltacht i lár na tíre, a n-athair a labhairt Gaeilge leo an t-am ar fad, a máthair ag labhairt Béarla leo. Béarla an teanga ba choitianta a labhraítí sa teach i measc na ndeirfiúracha, agus is Béarla fós a labhraíonn siad eatarthu féin mar dhaoine fásta anois.

Gaeilge an teanga labhartha a bhí ag an athair é féin ar feadh a shaoil agus é ag fás aníos, i nGalltacht Bhaile Átha Cliath. Gaeilge a labhair a dheirfiúracha agus a dheartháireacha freisin, agus is cleachtas é a thug siad leo isteach ina dteaghlaigh féin nuair a phós siad, blianta fada ó shin. Tá cónaí ar na teaghlaigh sin sa Ghalltacht den chuid is mó, agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu. Is daoine fásta anois iad a bpáistí, agus tá siadsan, freisin, ag labhairt Gaeilge lena bpáistí féin, i nGalltachtaí a bhformhór acu.

Is de bhunadh ceann de na teaghlaigh sin na deirfiúracha a luaigh mé ag tús an ailt. Gaeilge amháin a labhraíonn an deirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht, lena páistí óga, nach bhfuil fós ar scoil; Béarla amháin atá ag páistí óga deirfiúr amháin eile, páistí nach bhfuil fós ar scoil; Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag páistí na ndeirfiúracha uile eile, mar go bhfuil na páistí sin ag freastal ar Ghaelscoileanna éagsúla sa Ghalltacht.

Bhí teacht le chéile ag na deirfiúracha lena bpáistí uile, níl sé i bhfad ó shin. Bhí col ceathracha na nGaelscoileanna ag labhairt Gaeilge den chuid is mó, ach amháin nuair a labhair siad leis na páistí beaga nach raibh fós ar scoil, agus nach raibh Gaeilge acu. Ach ní raibh an ábaltacht sin ag na páistí ón nGaeltacht, mar nach raibh oiread is focal amháin Béarla acu. Agus iad ag labhairt lena máthair ní ba dheireanaí sa lá, ba ‘na daoine Béarla’ an t-ainm a thug siad ar na col ceathracha sin nach raibh Gaeilge acu.

Is é an smaoineamh a rith liomsa agus mé ag éisteacht leis seo ná go bhfuil an Ghaeilge chomh flúirseach sin sa Ghalltacht i mBaile Átha Cliath anois gurb iad an bheirt gan Gaeilge acu fós a tugadh faoi deara, agus a bhí sa mhionlach an lá sin.

Tá seans ag an teanga fós, agus feictear dom gur sa Ghalltacht atá an borradh is mó, agus nílim iomlán cinnte nach as na Galltachtaí, agus ó lucht na nGalltachtaí, a tháinig an tacaíocht is díograisí roimhe seo freisin.
.

3 comments:

  1. Tuairimí simiúla.Bhí Eamon ó Cuív ag caint le deanaí faoi bhunu Gaeltachtaí Úirbeacha agus sampla an Ceathrú Gaeltachta i mBéal Feiriste i gceist aige. Tá an-dhaimh ag tuismitheoirí uirbeacha leis an Ghaeilge go mór mór iad siúd a bhfuil a bpaistí ag freastal ar gaelscoileanna.Bíonn cuid acu ag foghlaim an teanga iad féin chun cuidiú leis na bpaistí agus iad ag sealbhú na teanga.Tuigim go mbeidh tagairt do Ghaeltachtaí úirbeacha sa bPlean Fiche Bhliain atá ag ullmhú chun an spríoch a beidh ann go mbeidh 250K daoine ag labhairt na Gaeilge le h-aghaidh 2020.

    ReplyDelete
  2. Cibé plean atá ag an Aire, agus is fear é atá iontach dílis don teanga, feictear dom, leanfaidh an Ghaeilge ar aghaidh ar a cúrsa féin, mar a rinne sí riamh, creidim. Tá an Ghaeilge ag leathnú léi sna Galltachtaí, ach nílim iomlán cinnte go bhfuil sí faoin mborradh céanna sna Gaeltachtaí.

    Maidir le Gaeltachtaí Uirbeacha, agus níl a fhios agam cén fáth a gceapaim é seo ach gur rud é a mhothaím, samhlaím teorannú de shaghas éigin á dhéanamh ar an teanga dá dtarlódh a leithéid. Tabhair saoirse don teanga, agus síolóidh sí san áit atá torthúil, gan gá le lipéad.

    Nílim iomlán cinnte, ach an oiread, faoin gcleachtas atá ann deontais a bheith ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta amháin, díreach mar gheall go bhfuil cónaí orthu i gceantar atá in ainm agus a bheith ina Ghaeltacht, má thuigeann tú leat mé. An é go bhfuil an rialtas ag íoc deontas le daoine le go bhfanfaidh siad sna ceantair sin? Nó, bhfuil siad á n-íoc as an teanga a labhairt? An bhfeileann a leithéid d’fhás/meath nádúrtha na teanga?

    Táim den tuairim anois, bíodh mé ceart nó mícheart, gurb iad siúd le meas acu ar an teanga, meas nach mbaineann le ceantar ná leis an bpolaitíocht, meas nach mbaineann le cur chun tosaigh pearsanta ná leis an saothrú airgid, ach meas a bhaineann le féiniúlacht, gurb iad sin na daoine a thabharfaidh an Ghaeilge slán isteach sa todhchaí, más é sin atá i ndán di.

    ReplyDelete
  3. John, a chara,

    Tháinig mé ar an suíomh seo http://www.iol.ie/~drimnagh/sean.htm, maidir le seanfhocail, más suim leat é a léamh.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.