Bhí mé féin agus an Dómhnallach ag labhairt ar an bhfón an lá cheana, agus an ‘Dip in the Nip’ faoi chaibidil againn, scéal faoi mhná in Éirinn a tháinig le chéile agus snámh carthanachta déanta acu le hairgead a bhailiú d’Action Breast Cancer .
“M’anam, ní raibh folach orthu!” a dúirt an Dómhnallach. Sin nath cainte nach raibh cloiste agam, agus sé ‘They hadn’t a stitch of clothes on’ atá i gceist leis, rud a thuig mé mar gheall go raibh an focal ‘folach’ san abairt, agus mar gheall go raibh mo splancacha céille ag tabhairt faoi deara an leid mhór a bhí le fáil san fhocal sin ‘Nip’.
Isteach liom in FGB Uí Dhónaill, leathanach 564, go bhfeicfinn an raibh bealaí eile le húsáid a bhaint as an bhfocal sin, arb iad ‘hiding’, ‘concealment’ agus ‘covering’ na focail is coitianta dó sa Bhéarla.
Ar ndóigh, tá ‘rud a chur i bhfolach’ ann le haghaidh ‘to hide something’; ‘folach bíog a dhéanamh’ = ‘to play hide and seek’; ‘folach cnoc a chur ar dhuine’ = ‘to leave someone far behind (as in race, or work); ‘folach an chait (ar a thuar) a dhéanamh ar rud’ = ‘to try to conceal the obvious’; ‘Le folach na náire a chur orthu féin’ = ‘in order to cover their nakedness’; agus, mar is eol dúinn uile ‘Níl dul i bhfolach ar an mbás’ = ‘There is no escaping death’.
Is léir, go deimhin, nach bhfuil dul i bhfolach ar an mbás, agus is léir, freisin, nach raibh na mná ar an trá an lá sin le folach na náire a chur orthu féin, ach le hairgead a bhailiú a chuirfidh mná na tíre seo ar an eolas faoi ailse chíche, agus le tacaíocht a chur ar fáil, más gá. Nílim ag dul mo bhuíochas do na mná nochta sin a chur i bhfolach. Go raibh maith agaibh, a mhná misniúla!
Anois, a chairde na gcíoch, cibé faoi na nathanna cainte thuasluaite, scaipigí an nasc seo, Action Breast Cancer, ar na mná lena roinneann sibh grá. Maith sibh!
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
3 days ago
ag caint faoi nathanna cainte cad is bhrí le "as seo go Lá Pilib an chléite"
ReplyDeleteIs 'To-morrow come never' atá in FBG Thomáis De Bhaldraithe, leathanach 474, mar mhíniú, a John, do 'go Lá Philib an chleite', agus 'go Lá Sheon Dic'
ReplyDelete'Lá speire na gcat' a deirtear i gConamara, agus súil agam go bhfuil sé sin litrithe mar is ceart agam! Is é mo thuiscint ar na trí nath cainte gur rud 'nach dtarlódh go brách' atá i gceist.
Nílim cinnte cén bunús atá leo, ach b'fhéidir go mbeadh Dennis ó Nótaí Imill in ann cuidiú linn, nó léitheoir eile atá eolach ar na nithe sin.
A MhiseÁine go maire tu do chabhair.
ReplyDeleteGo raibh maith agat. Ní mhairfinn gan í...:-)
ReplyDelete