Sunday, July 12, 2009

Nathanna Cainte

Bhí mé féin agus an Dómhnallach ag labhairt ar an bhfón an lá cheana, agus an ‘Dip in the Nip’ faoi chaibidil againn, scéal faoi mhná in Éirinn a tháinig le chéile agus snámh carthanachta déanta acu le hairgead a bhailiú d’Action Breast Cancer .

“M’anam, ní raibh folach orthu!” a dúirt an Dómhnallach. Sin nath cainte nach raibh cloiste agam, agus sé ‘They hadn’t a stitch of clothes on’ atá i gceist leis, rud a thuig mé mar gheall go raibh an focal ‘folach’ san abairt, agus mar gheall go raibh mo splancacha céille ag tabhairt faoi deara an leid mhór a bhí le fáil san fhocal sin ‘Nip’.

Isteach liom in FGB Uí Dhónaill, leathanach 564, go bhfeicfinn an raibh bealaí eile le húsáid a bhaint as an bhfocal sin, arb iad ‘hiding’, ‘concealment’ agus ‘covering’ na focail is coitianta dó sa Bhéarla.

Ar ndóigh, tá ‘rud a chur i bhfolach’ ann le haghaidh ‘to hide something’; ‘folach bíog a dhéanamh’ = ‘to play hide and seek’; ‘folach cnoc a chur ar dhuine’ = ‘to leave someone far behind (as in race, or work); ‘folach an chait (ar a thuar) a dhéanamh ar rud’ = ‘to try to conceal the obvious’; ‘Le folach na náire a chur orthu féin’ = ‘in order to cover their nakedness’; agus, mar is eol dúinn uile ‘Níl dul i bhfolach ar an mbás’ = ‘There is no escaping death’.

Is léir, go deimhin, nach bhfuil dul i bhfolach ar an mbás, agus is léir, freisin, nach raibh na mná ar an trá an lá sin le folach na náire a chur orthu féin, ach le hairgead a bhailiú a chuirfidh mná na tíre seo ar an eolas faoi ailse chíche, agus le tacaíocht a chur ar fáil, más gá. Nílim ag dul mo bhuíochas do na mná nochta sin a chur i bhfolach. Go raibh maith agaibh, a mhná misniúla!

Anois, a chairde na gcíoch, cibé faoi na nathanna cainte thuasluaite, scaipigí an nasc seo, Action Breast Cancer, ar na mná lena roinneann sibh grá. Maith sibh!
.

4 comments:

  1. ag caint faoi nathanna cainte cad is bhrí le "as seo go Lá Pilib an chléite"

    ReplyDelete
  2. Is 'To-morrow come never' atá in FBG Thomáis De Bhaldraithe, leathanach 474, mar mhíniú, a John, do 'go Lá Philib an chleite', agus 'go Lá Sheon Dic'

    'Lá speire na gcat' a deirtear i gConamara, agus súil agam go bhfuil sé sin litrithe mar is ceart agam! Is é mo thuiscint ar na trí nath cainte gur rud 'nach dtarlódh go brách' atá i gceist.

    Nílim cinnte cén bunús atá leo, ach b'fhéidir go mbeadh Dennis ó Nótaí Imill in ann cuidiú linn, nó léitheoir eile atá eolach ar na nithe sin.

    ReplyDelete
  3. A MhiseÁine go maire tu do chabhair.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat. Ní mhairfinn gan í...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.