Friday, July 17, 2009

Am

Ba mhaith liom níos mó scríbhneoireacht a dhéanamh ar an mblag, ach ní bhíonn mórán ama agam na laethanta seo. Tá cead luí agus eirí agam agus, dá bhrí sin, tá am agam, ach nílim á bhainistiú ar dhóigh a thabharfadh deis dom níos mó am a chaitheamh ag scríobh. Tá fáth leis sin.

Tá sé deacair chuile thrá a fhreastal. Bíonn laethanta ann agus is mise atá i gceannas ar mo chuid ama, ceapaim. Inné, mar shampla, chinn mé an lá iomlán a chaitheamh ag dul trí na boscaí leabhar uile a thug mé liom as Uimhir 1 go Ceann Scríbe, agus a bhí fós le cur ar na seilfeanna i m’oifig agam. Plean iontach simplí agus soiléir. Shílfeá.

Thosaigh mé ar maidin, le díograis agus le dea-rún. Faoi am lóin, bhí cúpla céad leabhar timpeall orm ar an urlár, mise i lár báire, díograis is dea-rún i bhfolach sna boscaí folmha, áit éigin. Bhí leabhair oscailte chuile áit, caibidlí á léamh agam as chuile cheann acu, gach ceann níos suimiúla ná an ceann roimhe. Faoi dheireadh, thug mé cic sa tóin dom féin, chaith mé na leabhair uile ar nós cuma liom ar na seilfeanna, gan ord, gan eagar. Aiféala orm faoi sin.

Anois, os mo chomhair, taobh leis an ríomhaire, tá trí leabhar oscailte agam; An Poc ar Buile le Críostóir Ó Floinn, agus a chaibidil ar ‘Cearta na mBan' ag fanacht liom; Iarchonnacht Began le Desmond Fennell, agus an caibidil 'Revival or Not?' go foighneach ag faire ar m’aire; agus An Graiméar Nua le Séamus Ó Céileachair, a alt ar ‘An Forainm’ fós le léamh agam, gan trácht ar an dá chóip de Nuacht 24 a tháinig sa phost inniu, an greannán RíRá a tháinig freisin, agus an iris ‘Village’ a cheannaigh mé ar maidin.

Agus cén fáth nár scríobh mé rud éigin tráthnóna inné? Ní raibh am agam, mar ní mise a bhí i gceannas an t-am sin. Tháinig cuairteoirí, gan súil ar bith agam leo, ach fearadh na fáilte rompu. Bhí comhrá againn leo, comhrá gur fiú a roinnt libh amach anseo, a léitheoirí, mar go raibh siad ag insint dom féin agus don Gharraíodóir faoin sean-am, agus faoin ngreim a bhíodh ag an eaglais ar dhaoine. Déanfaidh mé am an scéal sin a roinnt libh amach anseo.

Ní ba dheireanaí san oíche, chuaigh mé féin agus é féin ar cuairt chuig teach nua eile, teach le comharsa linn. Trí bliana ó shin, gan ach tús curtha aige leis an teach nua seo, fuair an leaid óg, ar leis an teach, an drochscéal go raibh ailse ina chuid fola. Aréir, bhí sé istigh sa teach nua sin, ach é ina luí i gcónra, agus gan é ach ocht mbliana is fiche d’aois, a mháthair agus a athair croíbhriste lena thaobh.

Beidh An Bhean Neamhspleách anseo ar ball, í ag teacht don deireadh seachtaine, cinneadh a rinne sí ar maidin nuair, mar a dúirt sí féin, ‘I just fancied some time at home with you and Dad’. Cé gur ghlac mé am inniu chugam féin le rud beag scríbhneoireacht a dhéanamh, is uirthi a bheidh m’aire dírithe don deireadh seachtaine, agus áthas orm go bhfuil ‘time’ aici, agus am agam, le bheith i gcuideachta a chéile.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí, agus roinnigí bhur gcuid ama leo siúd, agus ar na rudaí sin, a thabharfaidh síocháin agus suaimhneas daoibh, a fhad is go bhfuil an t-am agaibh é sin a dhéanamh.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.