Tá dalta, cailín óg atá i mbun na hardteistiméireachta i láthair na huaire, ag scríobh go rialta san Indo maidir leis na scrúduithe sin. Inné, agus í ag tabhairt faoi Pháipéar 2, Gaeilge, bhí an bhean bhocht ‘Tormented by that mystery word’.
Bhí trua agam di nuair a léigh mé an líne ‘I quickly scanned the first page and immediately began to panic as I realized I had no idea what the first question meant.’. Chuir mé féin triúr de mo pháistí trí chóras na hardteistiméireachta, ach an oiread liom féin blianta fada ó shin, agus is maith atá a fhios agam an t-uafás agus an choscairt a ritheann trí do chloigeann agus do chorp nuair a tharlaíonn a leithéid de rud ag tús scrúdú ar bith. Ar aon nós, chuir sí smacht uirthi féin agus thug sí faoin gcuid eile den pháipéar, agus d’fhág an cheist sin go dtí an deireadh. ‘And then I was back to that frustrating first question, still had no idea what it meant. I had a choice…I could leave, or I could take a stab in the dark. I stabbed.’ Nár laga Ollmháthair na Cruinne í. Áthas orm go ndearna sí é sin, agus tá súil le Cé agam go n-éireoidh thar barr léi.
Ach, bhí ‘stab’ nach beag ag fanacht liom féin nuair a léigh mé an chéad líne eile uaithi, ‘After that I left, not entirely happy, but satisfied I’d never have to look at another Irish book again.’ Nach é an trua é sin, a léitheoir? Is léir go bhfuil áthas ag an gcailín ábalta díograiseach cumasach seo nach mbeidh uirthi breathnú, go brách na breithe, ‘at another Irish book’. Meas tú, céard sa diabhal atá ar iarraidh ón gcóras seo againne nach bhfuilimid ag mealladh a leithéidí ach, níos measa arís, dá n-iompú go glan i gcoinne na teanga? An focal sin a chuir ise, agus go leor daltaí eile, is cosúil, amú? Bhí siad ciaptha ag ‘Ciapadh’.
Bhí alt eile ‘Question appears two years in row .’ agus, cé gur dóigh liom gurb é ‘two years in a row’ a bhí i gceist, is cosúil go raibh ‘row’ eile ag blub-blubáil de thoradh ceist eile a bhí ar Pháipéar 2. ‘Confusion, anger, surprise and disappointment greeted the appearance of a replica question from 2008…’ a scríobhadh. Cibé faoi na mothúcháin sin a spreagadh, is léir go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil boladh an mhadra rua ón eachtra seo. Más fíor an méid atá scríofa san alt, cheap ionadaí ón ASTI go raibh sé ‘a”little sneaky”, agus ‘It could only have been intended to catch out students.’. Dúradh san alt freisin go bhfuil ‘speculation that the purpose of repeating the question was to avoid a selective grind school type of approach to exam preparation.’. Sea.
An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, nach bhfuil a fhios agamsa sa diabhal céard atá ag dul ar aghaidh, nó céard atá, má tá, ar bun ag an ‘State Examinations Commission’ atá luaite san alt sin, ach tá a fhios agam an méid seo – siad na daltaí agus an teanga atá thíos leis.
Blub-blub-blub…
.
Cluiche 'Hurling for Gaza'
11 hours ago
Tagaim leat, a Áine. Tá mé ag múineadh na hArdteiste le cúig bliana déag anois. Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé á teagasc, bhí mé chomh díograiseach sin ag úsáid an chúrsa chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i measc na scoláirí - is beag béime a chur mé ar an scrúdú agus is mó go mór an bhéim a chur mé ar an sult agus ar an chumarsáid. De réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, áfach, is i dtreo ullmhúchán scrúdaithe a chuaigh mé. Is fuath liom go raibh orm é a dhéanamh, ach is é sin an rud atá de dhíth ar thuismitheoirí agus scoláirí, an marc is fearr go dtig leo a fháil i scrúdú.
ReplyDeleteTá sé in am an Ghaeilge a shaoradh ó scrúduithe. Ba bhreá liom dá mbeadh cúrsa i litríocht na Gaeilge ann dóibh siúd a bhfuil suim acu ann, agus cúrsa eile bunaithe ar an teanga labhartha agus an cultúr do achan duine eile.
Níos fusa do Choimisiún na Scrúduithe Stáit rudaí a choinneáil mar atá... ar an drochuair.
Mar a dúradh liom le déanaí, a Phroinsias, níltear ag éisteacht leo siúd atá ar an eolas faoi na fadhbanna i.e na múinteoirí cosúil leat féin.
ReplyDeleteMaorlathas, agus téip dhearg ag tachtadh na teanga...
Cuireann sé seo an córas pre-cana atá againn san eaglais chaitliceach (i Meiriceá). Ní mór do gach duine atá chun pósadh san eaglais freastal ar an gcúrsa seo. Don chuid is mó díobh, is é an chéad uair go raibh siad istigh san fhoirgneamh ó chuaigh siad faoi lámh an easpaig. Ní mór ná sásta iad de ghnáth, agus tar éis a bpósta, ní fheictear iad arís go lá bháiste a bpáistí - má fheictear ar chor ar bith iad sa lá atá inniu ann.
ReplyDeleteAch ba mhaith leo a bheith pósta san eaglais, ar chúis éigin. Cé nach bhfuil an eaglais chéanna tábhachtach dóibh in aon chaoi eile. Truailliú eile, cinnte. An t-aon leaghas ná an soiscéal a chraoladh, is dócha.