Friday, December 31, 2010

Beannacht

Nuair a phós mé, bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall. Bhí mé iontach uaigneach, gan aithne agam ar aon duine anseo, ag an am. Bhí sé crua orm slán a fhágáil le mo bhaile, agus le mo mhuintir, fiú agus mé breá sásta tús nua a dhéanamh le m'fhear céile in Inis Eoghain.

Bhíodh An Garraíodóir ina shealoibrí, agus is minic a bhínn sa teach liom féin. B’iad na hoícheanta ba mheasa. Ní raibh fón againn, agus dá mbeadh féin, bheadh sé ródhaor glaoch a chur abhaile, an t-am sin.

D’airigh mé uaim glór agus comhairle m’athar, ach go háirithe. Is iomaí comhrá a bhíodh againn ar chuile ní beo, agus ar chuile ní marbh, d’fhéadfá a rá. Fear spioradálta a bhí ann, agus, thar blianta m'óige, d’éist sé le focail m’amhrais, le tuiscint agus le grá nach beag. Níor chuir sé iallach orm cloígh le haon chreideamh ach le mo chreideamh féin. Ní raibh uaidh ach go mbeinn suaimhneach le mo chuid. D’éirigh leis.

Phós mé i Mí Mheán an Fhómhair. Trí mhí ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht gar den Nollaig, agus bhí uaim mo mhuintir a fheiceáil arís. Bhí Nollaig gan iad romham, ó tharla An Garraíodóir ag obair, agus theastaigh uaim am a chaitheamh le mo dhream féin, roimh thús na féile.

Tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile i nGaillimh leo, bhí sé in am dom an turas a dhéanamh ar ais go Dún na nGall.

‘Have you a crib?’ a d’fhiafraigh m’athair díom.

‘No.’ a d’fhreagair mé féin.

Suas leis san áiléar, agus thug sé anuas an mainséar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. Ceann nua a bhí ann, é fós ina bhosca, ach an chuma air gur chaith sé bliain nó dhó díomhaoin san áiléar, gan aige ach comhluadar na ndamhán alla, a chlúdaigh an bosca lena maisiúcháin féin, facthas dom.

‘You have one now.’ a dúirt m’athair, agus thug sé an mainséar beag, agus barróg mhór, dom.

Tá sé tríocha bliain ó bronnadh an mainséar sin orm, agus tá m'athair álainn imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, faraor. Chuile bhliain, ag an am seo den bhliain, téim suas i m’áiléar féin, tugaim anuas an mainséar sin a thug sé dom, agus airím arís a bharróg, agus a ghrá.

Go bhfaighe sibh barróga go leor sa bhliain nua, a léitheoirí, agus go raibh grá nach beag in bhur dtimpeall.
.

Thursday, December 30, 2010

ah sure...

Níl aon aithne agam ar Lorraine, ach tháinig mé ar a blag, trí thimpiste, agus mé ar thóir oidis le haghaidh spionáiste.

Bhí sé i gceist agam giota a scríobh faoin staid ina bhfuil an tír seo faoi láthair, ach ní dóigh liom gur gá dom anois, ó tharla go bhfuilim den bharúil go bhfuil gach rud ráite ag Lorraine sa mhír seo uaithi.

Tosaíonn an mhír ‘a rant and a recipe’ leis an 'rant',

‘Times are very strange here in Ireland at the moment as you all well know…’,

agus críochnaíonn sí an 'rant' leis na focail,

I won’t be beaten by this crazy “ah sure” attitude and will continue to try to grow even in these crazy times…..

Nár laga do Ché tú, a Lorraine!

Dá mbeadh tusa i do pholaiteoir, is duitse a thabharfainn mo vóta, mar gur dóigh liom go bhfuil a fhios agam céard a dhéanfadh do leithéid le péint, agus ní ar dhaoine a bheadh tú á caitheamh.
.

An 'Sea' Anseo!

Ritheann Abhainn an Mhuilinn ar chúl tí s'againne. Cé nach féidir Ceann Scríbe a fheiceáil sa ghrianghraf thuas, tá ráillí an tí le feiceáil, ar éigean, trí shúil an droichid, an tsúil droichid ar dheis.

Thóg mé an grianghraf thuas, an tseachtain seo caite. Bhí an t-uisce reoite go hiomlán, beagnach.

Thóg mé an grianghraf seo ar maidin. I bhfocail an Gharraíodóra, tá an 'sea' anseo!

Daoibhse nach dtuigeann an chaoi a munlaíonn An Garraíodóir focail Ghaeilge le focail Bhéarla, The Irish Yes, atá i gceist leis an 'sea' sin - Sea=Tá=Thaw!

Sa ghrianghraf thuas, a tógadh an tseachtain seo caite freisin, tá an seanmhuileann sa chúlra.

Is féidir na fothracha a fheiceáil sa ghrianghraf thíos, chomh maith, grianghraf a tógadh, ón spota céanna, gar go maith, ar maidin inniu.

Tá na coinlíní reo, agus an t-oighear uisce, uilig imithe anois. Thaw, gan dabht!
.

Caillte!


Bronntanas, mirlíní, a thug mo pháistí dom maidin Lá Nollag.

Cén fáth?

'Because you lost yours!' a dúradh liom.

Hmmm...
.

Friday, December 24, 2010

Uaimse Chugaibhse

Airím uaim mo bhlagáil rialta na laethanta seo, a chairde. Táim gnóthach i gCeann Scríbe, clann agus comhluadar liom anseo chuile lá, gan deis agam suí ag mo ríomhaire, mar is iondúil liom. Go deimhin, is mar sin a bheas an scéal, go ceann seachtaine, nó mar sin. An Nollaig, an dtuigeann sibh. Am ar leith den bhliain, mar is eol daoibh.

Beannachtaí an tséasúir uaim chugaibhse, a léitheoirí dile; go dtuga bhur gCé slán abhaile sibh, go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha, póiteanna san áireamh.

Bainigí sult as an laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais go luath.
.

Thursday, December 23, 2010

Tuismitheoireacht

Thiomáin Gráinneog ó Bhaile Átha Cliath go hInis Eoghain inné, turas a mhair os cionn ocht n-uaire an chloig, cé gur iondúil léi an turas sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre huaire an chloig. Bhí sneachta agus sioc ar na bóithre, an dtuigeann sibh, agus, dá bhrí sin, thiomáin sí le cúram.

Ar ndóigh, ní raibh nóiméad suaimhnis ag an máthair seo, go bhfaca mé m’iníon ag seasamh os mo chomhair aréir, ag doras Cheann Scríbe.

Inniu, tá an turas céanna roimh an mBean Neamhspleách agus, ó tharla na bóithre chomh dona céanna fós, beidh an mháthair seo imníoch, arís eile, go bhfeicfidh sí a hiníon ag seasamh os a comhair, ag doras Cheann Scríbe.

Nach suimiúil gur féidir stop a chur le tuismitheoireacht, nuair atá páistí tógtha, ach nach féidir, go brách, stop a chur le himní an tuismitheora.

Nó, an cuid den tuismitheoireacht í an imní sin?
.

Wednesday, December 22, 2010

Céard é? - An Freagra

Seo an grianghraf iomlán den phictiúr 'Céard É? Creid é nó ná creid, is crann atá ann.

Níl a fhios agam an é gur thit sé, nó an é gur tháinig sé isteach leis an taoide, ach tá sé ina luí ansin, ar an talamh, le tamall.

.

Monday, December 20, 2010

Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge - Tréimhse 4

Tá tréimhse comhairliúcháin a ceathair de phróiseas athbhreithnithe an CSA ar an gCaighdeán Oifigiúil tosaithe ó thús na míosa, agus is í an Aoine, 31 Nollaig, 2010, an sprioc le haghaidh bhur n-aighneachtaí ar ábhar na tréimhse seo,

'Moltaí faoi chlaochluithe tosaigh [an séimhiú, an t-urú agus h roimh ghuta]'.

Is féidir gach eolas a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo.
.

Cá?

Cá gcuirfidh siad an bruscar i mo dhuine thall, meas tú?

Cá bhfuil mo Mhamaí?

Cá bhfuil an diabhal simléar?

Sneachtagraif a thóg mé i mBun Cranncha ar maidin. Bhí reocheo ann ar feadh an lae. Brrrr....
.

Céard É?

Tabhair buille faoi thuairim - céard é sin atá ina luí ar an sneachta?
.

Friday, December 17, 2010

Frog Fóinteach?

An raibh a fhios agaibh go raibh am ann agus bhíodh leigheas le fáil ar dhaitheacha, ar thriuch agus ar scornach thinn, ach frog a bheith agat?

Nó, an miotas é sin, a léitheoirí?

Fadó, dá mbíodh daitheacha ar dhuine, dúradh go bhfhéadtaí frog beo a chuimilt den fhiacail thinn, nó d’fhéadtaí cos froig a chogaint, le fáil réidh leis an bpian. Más fíor.

Dá mbíodh triuch ar pháiste, thugtaí an páiste chuig áit ina mbíodh uisce reatha, chuirtí frog beo isteach i mbéal an pháiste, trí huaire, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh an frog leis an triuch ón bpáiste. Más fíor.

Dá mbíodh scornach nimhneach ar dhuine, ní bhíodh le déanamh ach frog beo a chur isteach i mála beag, é a chur isteach i mbéal an duine tinn ar feadh méid áirithe ama, ansin scaoiltí saor an frog, agus thógadh sé an tinneas leis! Más fíor.

Tá an béaloideas sin uilig le fáil sa leabhar ‘Ireland’s Animals: Myths, Legends and Folklore’ le Niall Mac Coitir. Mo chuimhne, feicim go bhfuil cúpla leabhar eile sa tsraith ‘Myths, Legends and Folklore’ sin scríofa ag Niall cheana; ‘Ireland’s Trees’ agus ‘Irish Wild Plants.

Léirmheas gairid ón Irish Examiner le léamh anseo, ach fuair mise m'eolas ó Eric Dempsey, a bhí ag moladh an leabhair, 'Ireland's Animals: Myths, Legends and Folklore', ar chlár Derek Mooney inniu. Bronntanas deas do dhuine éigin, cheapfainn féin. An leabhar, chan Derek.

Nod Leat: Ná bain úsáid as na leigheasanna miotasacha thuasluaite, le bhur dtoil, a léitheoirí. An frog bocht...
.

Aibíocht

An bhfuil do pháirtí ag dul thart le smut air nó uirthi, iad cineál pusach ag breathnú, gan fhios agat féin céard a rinne tú as bealach?

Bhuel, ná bí buartha. Seans nach ort atá an locht ar chor ar bith, a léitheoir.

B’fhéidir nach bhfuil cearr leis an duine páistiúil ach nach bhfuil sé nó sí aibithe fós!
.

Cóisir Iontais

Ní fhaca mé, go dtí anocht, an skit seo, Surprise Party’, le Christopher Walken agus Kristen Wiig, ó Saturday Night Live.

Maireann sé timpeall chúig nóiméad, agus is fiú súil a chaitheamh air, más rud go bhfuil tú ag iarraidh tuiscint a bheith agat ar an skit eile seo, atá, i mo thuairimse, i bhfad níos greannmhaire ná an ceann ar a bhfuil sé ag déanamh aithrise.
.

Wednesday, December 15, 2010

BanditsBalls?

Blianta ó shin, nuair a tháinig Home and Away ar an teilifís anseo in Éirinn den chéad uair, thug mé faoi deara bearta agus briathra nár réitigh go hiomlán le teagasc an tuismitheora seo.

Bhí an clár ar siúl luath go leor sa tráthnóna, am a raibh mo pháistí ag breathnú ar an teilifís. Bhí sé de nós agam féin, ó am go chéile, súil a chaitheamh ar gach clár ar a mbíodh siad ag breatnú, le go mbeinn ar an eolas, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos aon cheo ar tarlú, i ngan fhios dom, mar thuismitheoir.

Nuair a chonaic mé, nó nuair a chuala mé, rud éigin nár thaitin liom, mar thuismitheoir, thug mé comhairle do mo pháistí, agus ní raibh dabht ar bith ina gcloigne, tar éis mo chomhairle a fháil, an raibh an beart, nó an briathar, ar an teilifís ceadaithe sa teach inar tógadh iad, nó, fiú, an raibh sé ceadaithe taobh amuigh den teach inar tógadh iad.

Níor stop mé iadsan ag breathnú ar an gclár, ach bhí mé féin sa chúlra, ag éisteacht, ag breathnú, agus ag comhairliú, nuair ba ghá.

Rinne mé amhlaidh nuair a tháinig ríomhairí ar an saol. D’fhan an t-aon ríomhaire amháin a bhí againn sa chistin, agus, ach an oiread leis an teilifís, cuireadh srian ar an méid ama a chaith siad os a chomhair, agus bhí tuismitheoir ag teacht agus ag imeacht, i rith an ama sin.

Maidir leis na hamhráin lenar éist siad, dá gcloisfinn amhrán, óna mbéal nó ó dhlúthdhiosca, nár réitigh le teagasc an tuismitheora seo, bheadh comhrá agus comhairliú ann arís. Níor stop mé iad ag éisteacht leis na hamhráin chomhaimseartha, ach is dócha, ar bhealach, gur chinntigh mé gurb iad teachtaireachtaí agus teagasc a dtuismitheoirí a d’fhan ina gcloigne, seachas aon teachtaireacht eile. Ceapaim. Tá súil agam.

Bhí mé ag éisteacht leis an raic ar Liveline inniu, raic atá tarraingthe ag an amhrán seo, Horse Outside, leis na Rubberbandits as Luimneach, anuas sa mhullach ar fhear eile as Luimneach, Willie O’Dea.

Bhuel, b'fhéidir gurb é Willie é féin atá ciontach as an raic a tharraingt sa mhullach air féin ach, pé scéal é, tá beagnach milliún go leith amas faighte ag an amhrán, go dtí seo, ar youtube, agus tá an seans ann go mbeidh sé ag uimhir a haon sna cairteacha don Nollaig.

'Sé an smaoineamh a rith liom féin ná go bhfuil an saol ag athrú, ach nach bhfuil sé ag athrú ag an am céanna.

Ó thaobh ‘shock factor’ de, an bhfuil mórán idir amhrán ‘Horse Outside’ an lae inniu, agus na hamhráin ‘Chocolate Salty Balls’, agus 'You Oughta Know', mar shampla, amhráin a bhí ar an bhfód, agus i mbéal go leor páistí, sna nóchaidí, nó an é nach bhfuil ag athrú ach liricí na n-amhrán, mar fhianaise ar a bhfuil ag tarlú sa saol?
.

Sunday, December 12, 2010

Slí Amach

An tír faoi bhrat folaigh...

deacair an cosán romhainn a fheiceáil...

ach, le teacht na gréine...

nochtfar an tslí.
.

Thursday, December 9, 2010

Cute agus Ciontach

Faoin bpodchraoladh ‘Budget 2011 – Olivia O’Leary’, éist le focail Olivia anseo, agus cloisfidh tú an méid a bhí le rá aici, inné, ar Drivetime.

Ansin, más mian leat, féach ar an bhfíseán seo.

Ná déanaimis dearmad cé, agus céard, is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil an tír seo i láthair na huaire.

Is minic cute ciontach.
.

Monday, December 6, 2010

Cloch Le Carn


Anocht, ar RTÉ 1, ag 7.30 i.n., beidh clár teilifíse, Cloch le Carn, le feiceáil, clár is ómós do Eugene Lambert, an puipéadóir a bhásaigh ag tús na bliana. B’fhear é a bhunaigh an Lambert Puppet Theatre; fear díograiseach, fear le fís, fear le grá nach beag aige dá phuipéid.

Agus, b’fhear é a chuir go mór le mo shaol féin, agus mé i mo pháiste, am a bhínn ag breathnú ar na carachtair Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch, ar Wanderly Wagon.

Ó tharla gur scríobh mé an giota seo ar mo bhlag faoi, iarradh orm cúpla focal a rá don chlár, rud a rinne mé, mar go bhfuil meas nach beag agam ar obair an fhir uasail sin agus, go deimhin, ar obair a theaghlaigh. Chomh fada agus is eol dom, tá, nó bhíodh, siad uilig páirteach sa ghnó, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, tráth den saol.

B’fhéidir go gcloisfidh sibh abairt nó dhó uaim ar an gclár. Braitheann an méid sin ar eagarthóireacht, is dócha. Pé scéal é, thug mo choinne le RTÉ chuig an amharclann cháiliúil mé, áit ar thóg mé na pictiúir sa bhlagmhír seo daoibh, a léitheoirí.

Bhí Judge ag tógáil sosa, idir radhairc, agus dheasaigh sé é féin dom, le go mbeadh deis agam an pictiúr seo a thógáil. Nach é atá gealgháireach ag breathnú, cé gur dóigh liom go bhfuil sé iontach brónach ó cailleadh a chara dhil, O’Brien.

An cuimhin libh cé a bhíodh ina chónaí sa teachín beag sin thuas?

Agus an n-aithníonn sibh an féan fánaíochta seo? Ar ndóigh, beidh sibh ann nach bhfaca Wanderly Wagon riamh, ó tharla sibh ró-óg, nó in bhur gcónaí i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe, fearacht Chonamara, áit nach raibh againn ach cainéal amháin teilifíse ar feadh na mblianta, sin RTÉ. Chuir Eugene Lambert 'draíocht' os ár gcomhair. Chuir sé le sonas ár nóige.

Bhí teaghlach mór ag Eugene, agus bhí cairde go leor aige, idir pháistí agus phuipéid. Casadh sibh le cuid acu anocht, an Luan, ar RTÉ 1, Cloch le Carn, ag 7.30 i.n.
.

Bogha Sneachta?

Seo an radharc a bhí romham ar maidin, uair an cloig ó shin. Bogha báistí, nó bogha sneachta?


Anois, tá sneachta ag titim...bogha sneachta, is dóigh liom...

.

Saturday, December 4, 2010

Seanré Na Nuaré

Tharla sé gur cheannaigh mé ceann de na Smartphones úd le déanaí, agus taitníonn sé go mór liom. Ní d’aon aidhm a cheannaigh mé ceann, an dtuigeann sibh, ach bhí fón nua uaim, ó tharla mo sheancheann ag titim as a chéile.

Pé scéal é, isteach liom sa siopa áitiúil, mo sheanfhón neamhchliste briste brúite scríobtha liom, seanfhón a thaitin go mór liom, chomh maith, caithfidh mé a rá. Lig sé dom glaonna a fháil agus a dhéanamh, téacsanna a fháil agus a scríobh, meabhrúcháin a fháil, agus bhí aláram agus clog air. Céard eile a bheadh uaim!

Bhí freastalaí óg, bean ar comhaois le m’iníon féin, taobh thiar den chuntar, í gealgháireach, cairdiúil.

‘Any particular phone in mind?’, a d’fhiafraigh sí.

‘What’s available on an upgrade?’ a d’fhiafraigh mé féin.

Isteach léi ar an ríomhaire. ‘You could get a Smartphone!’ arsa sí, agus í chomh sásta ag roinnt na nuachta sin liom, shílfeá gurb é an lotto féin a bhí buaite agam.

Brilliant!’ arsa mé féin.

Cé nach raibh a fhios agam a dhath faoi Smartphones, bhí a cuid díograise gabhálach, agus teastaíonn frídín díograise uainn uilig na laethanta seo, ach go háirithe.

Thosaigh sí ag taispeáint modh oibre an Smartphone dom. Labhair sí ar ‘Apps’, GPS, Email, Wi-Fí, Bluetooth, Touchscreen, agus QWERTY. Ní raibh focal uaim. Níor thuig mé a leath den stuif faoin bhfón. Ach, tar éis an méid a bhí cloiste agam, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh ceann acu!

Nuair a stop sí, chuir mé míle ceist ar an mbean bhocht. Ní dóigh liom gur chreid sí go bhféadfadh le duine bheith chomh neamheolach ar ní chomh nua-aimseartha, gur casadh mise uirthi.

Ar mo bhealach amach an doras leis an Smartphone, thiontaigh mé agus chuir mé ceist amaideach eile éigin uirthi. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar leagan a súl. Trua a bhí aici dom. Thuig mé a cás.

Blianta ó shin, sna seachtóidí, is dóigh liom, fuaireamar fón nua sa teach sa bhaile i gConamara. Bealadangan 7 an uimhir a bhí againn, más buan mo chuimhne. Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, malartán láimhe an córas teileachumarsáide a bhíodh ann na blianta sin, gan dírdhialiú féin ann.

Dá mbíodh uait glao gutháin a dhéanamh an t-am sin, thógtá sás láimhe an fóin i lámh amháin agus, leis an lámh eile, chastá an cromán a bhíodh ar thaobh an fóin, go bhfaighteá oibreoir ó Oifig an Phoist, agus dhéanadh an duine sin an uimhir a bhí uait a fháil duit.

Córas fada místuama a bhíodh ann, ach cheapamar go raibh sé iontach, mar áis chumarsáide, an t-am sin. Bhíodh go leor de mhuintir na tíre thar lear, fáil acusan ar fhóin thall, agus b’iontach an rud é an fón baile, fiú go raibh sé iontach daor ceann a cheannach, agus níos daoire arís glaoch a chur ar aon duine; gan trácht ar chostas millteanach an ghlao thar lear!

Pé scéal é, bhí mise i mo dhéagóir ag an am, agus ba ghearr go raibh modh oibre an fhóin ar eolas agam. Ó tharla an gléas nua-aimseartha iontach seo againn, tháinig mo sheanmháthair chun tí lá amháin, í ag súil le glaoch as Sasana, óna hiníon, a bhí ag obair thall. Tháinig an glaoch. D’fhreagair mé an fón.

It’s for you!’ arsa mé féin le mo sheanmháthair, go gealgháireach.

‘How do I hold it?’ a d’fhiafraigh sí.

D’airigh mé trua nach beag don tseanbhean os mo chomhair. Bhí saol na teicneolaíochta ag teacht sa mullach uirthi, i ngan fhios di.

Tuigim anois a cás.
.

Friday, December 3, 2010

Ár n-arán laethúil...

...tabhair dóibh inniu, le bhur dtoil. Ná déanaimis dearmad orthu, a léitheoirí.

Éan...
Dó...
Trí...

...scaip an scéal! Agus an t-arán. Mura miste libh, a chairde na n-éan.
.

Thursday, December 2, 2010

Ag Tiomáint Sa Sneachta

Daoibhse nach bhfuil ceaptha ag an sneachta, ach atá ag tiomáint sa sneachta, b'fhéidir go mba mhaith libh súil a chaitheamh ar an méid atá le rá ag Noel Sweeney ó Swilly Drive anseo, 'a few tips on driving in the snow', dar leis.

Ní dochar bheith ar an eolas, a léitheoirí, mura bhfuil an t-eolas agaibh cheana, ar ndóigh.

Mo chuimhne, níor thug mé faoi deara, go dtí inniu, nach raibh na naisc ag bun mo bhlagmhíreanna ag obair, agus tá aiféala orm faoi sin. Mar is eol daoibh, táim fós ag foghlaim.

Pé scéal é, tá caoi curtha agam ar an bhfadhb anois, agus is féidir, más mian libh, mo bhlagmhíreanna a roinnt ar Facebook, Twitter srl, ach brú ar an gcnaipe ‘Roinn’, nó brú ar cheann de na cnaipí eile sin in íochtar.
.

Wednesday, December 1, 2010

Fíor-réaltacht

Leag sí a cloigeann ar mo ghualainn, mar a bheadh meáchan a smaointe, an easpa tuisceana, róthrom. Thit a deora ina dtuilte, agus bhris mo chroí di.

‘I can’t believe he’s gone.’ a dúirt sí.

Bhí mé ar chomhaois léi an t-am a bhásaigh m’athair féin, agus d’airigh mé arís an phian sin a thagann le bás tobann tuismitheora, go háirithe nuair nach mbíonn comhartha tinnis ná rabhadh ann roimh ré.

Anocht, tá dlúth-theaghlach scriosta ag drochscéal a tháinig aniar aduaidh orthu aréir.

Anocht, agus mé ag breathnú ar Prime Time, drochstaid na tíre seo, arís eile, faoi chaibidil ag an bpainéal ann, is leis an dlúth-theaghlach sin atá mo thrua. Ní féidir an bás, ná buairt an bháis, a sheachaint.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.