Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Monday, July 27, 2009

Aimsir

Tá drochbhail ar an aimsir ar maidin, agus ní haon ionadh sin. Bhí sise agus an ghaoth ar spraoi leis na crainn aréir, agus chuala mé í ag troid leis an abhainn ar feadh na hoíche. Tá cuma chonfach ar an abhainn ar maidin, í rud beag fiáin le fearg, shílfeá, mar go bhfuil uirthi tuilte na hoíche a thabhairt ar a droim, anuas ó na sléibhte chun farraige.

Cé go raibh sí gnóthach aréir, níl aon tuirse ar an aimsir inniu, muise, mar go bhfuil sí ag spochaireacht orm, ag taispeáint na gréine dom ó am go chéile, mar a bheadh sí ag tabhairt cuireadh dom siúl ina cuideachta; ach brúnn sí na scamaill dhorcha i mo threo ansin, agus bíonn a fhios agam go bhfuil sí ag diabhlaíocht fós.

Is fearr gan bacadh léi, agus caitheamh aimsire eile a fháil a choinneoidh deas teolaí mé faoi dhíon an tí. Ní bhuailfidh tú an baile amach ar laethanta mar seo, agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé aiteall ar ball. Má bhriseann an aimsir, rachaidh mé ag siúl ansin. Idir an dá linn, comhrá ar phár libhse anois, a léitheoirí dílis.

Le himeacht aimsire, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil bun ar an aimsir. In aimsir na bhFiann, nó fiú ó thús aimsire, is dócha, dhéanfaidís tuar na haimsire de réir chomharthaí an nádúir, ach tá nósanna na seanaimsire ag imeacht le himeacht aimsire. Tá nósanna na haimsire seo ag brath ar thuar na haimsire ón teilifís nó ón raidió, cé gur maith an scéalaí an aimsir, cheapfá.

Ní rachainn féin ag siúl i gcoinne na haimsire, ach tá sé ag déanamh aitill anois agus tá an aimsir fada againn le bheith ag roinnt ama le chéile amach anseo. Fágfaidh mé sibh le seanfhocal a d’inis An Mháistreás dom le déanaí:

‘Leanfaidh an bháisteach go dtí an doras thú, ach leanfaidh an sioc isteach sa leaba thú.’

Tuilleadh faoin aimsir le fáil ar leathanach 20 do FGB Uí Dhónaill, anseo agus anseo ag Proinsias, agus anseo ag Tadhg. Go maire sibh an aimsir, a léitheoirí!
.

Saturday, July 25, 2009

Preab agus Geit ag teacht Aniar Aduaidh Orm

Baintear preab asam ó am go chéile. Ní hé go bhfuil córas mo néaróga rud beag as ord, cé go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil, is dócha, ach tagann rudaí aniar aduaidh orm in amanna, nó baineann siad geit asam. Tarlaíonn a leithéid nuair nach mbíonn duine ag súil le rud, an dtuigeann sibh. Ach ní hionann iad, an phreab, an gheit agus an aniar aduaidh sin.

Mar shampla, bhain Con geit asam inné. Siúd liom isteach chuig iGaeilge, ag tabhairt aire do mo ghnóthaí féin, agus ag iarraidh aire a thabhairt do ghnóthaí daoine eile, nuair a baineadh preab asam. Bhí íomhá nua thuas ar a bhlag ag Con, agus tháinig sí aniar aduaidh orm. Bhain sé preab asam. San áit a mbíodh pictiúr beag bídeach dó féin thuas aige roimhe, bhí aghaidh bhreá mhór shoiléir ag breathnú amach orm. Shílfeá gur baineadh rud beag de gheit as Con é féin, mar a bheadh iontas air gur tháinig mé ar cuairt chuige ar chor ar bith.

Ar ndóigh, tagann rudaí aniar aduaidh orainn uile, ó am go chéile. Nuair a bhásaigh Michael Jackson, mar shampla, tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm, ach níor bhain sé preab ná geit asam. Ní raibh mé ag súil lena bhás ach, mar sin féin, níor stop mé de phreab nuair a chuala mé é, cé gur stop mé, ach ní de gheit a rinne mé é sin. Bhí mé ag scuabadh an urláir ag an am, tháinig an scéal ar an teilifís, agus stop mé go gcloisfinn é. Ní raibh preab ar bith i gceist, agus níor baineadh geit asam. Bhí ord ar mo néaróga.

Ach, bhí mé ar an leaba le tinneas ní ba dheireanaí sa tseachtain, ag breathnú ar an teilifís, an cheolchoirm chuimhneacháin a chuir clann Mhicheal Jackson le chéile sa Staples Centre á craoladh beo ag an am. Bhí mé ag tabhairt leathchluas d’óráid Berry Gordy, bunaitheoir Motown Records, nuair a baineadh geit asam. ‘Michael was constantly trying to top himself.’ a chuala mise, agus beag nár thit mé as mo sheasamh, ach níor thit mar go raibh mé i mo luí ag an am, an dtuigeann sibh.

An é go raibh Berry Gordy ag insint dúinn go raibh sé de nós ag MJ iarrachtaí rialta a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, agus an é go raibh Berry á rá seo os comhair an domhain mhóir!? Tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm. Beag nár léim mé de phreab as an leaba, go roinnfinn an scéal leis an nGarraíodóir. Chuir tinneas stop leis an bpreab sin.

Ach, ar ndóigh, ní hé sin a dúirt Berry ar chor ar bith. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Is é an rud a dúirt sé ‘Michael was driven by his hunger to learn, to constantly top himself, to be the best’. Níor chuala mo chluasa ach leath an scéil, rud a tharlaíonn nuair nach bhfuil duine ach ag tabhairt éisteacht leathchluaise le rud, agus iad tinn leis.

Aiféala orm, a léitheoirí, más rud gur bhain mé geit asaibh leis an scéal míchruinn sin a thabhairt aniar aduaidh oraibh. Preab libh anois!
.

Friday, July 24, 2009

Amhras agus Daonlathas

Bíonn drogall orm, in amanna, mo smaointe agus mo chuid tuairimí a chur ar phár. Ní hé go mbím amhrasach faoi na smaointe iad féin, ach bíonn amhras orm go bhféadfadh mo thuairimí cuir as do dhaoine eile, nó go ngoillfeadh siad orthu ar aon bhealach. Creidim go bhfuil sé de cheart agam mo smaointe a roinnt, más é sin mo thoil, ach ní chreidim go bhfuil sé de cheart agam aon duine a ghortú, cé nach é sin a bheadh i gceist agam a dhéanamh dá ndéanfainn é, má thuigeann sibh libh mé, a léitheoirí.

Go deimhin, tá daoine ann nach roinneann an cineál drogaill sin liom, daoine nach miste leo a mbriathra a scríobh, nó a labhairt, agus iad ar nós cuma liom faoin gcaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar an léitheoir, nó ar an éisteoir. Nílim a rá go ndéanann siad a leithéid d’aon turas, cé go minic a dhéanann, ach ní chuireann goilliúnacht daoine eile isteach ná amach orthu, cheapfá. Tá a dtuairimí acu, agus ní miste leo iad a roinnt, fiú agus fios acu go bhféadfadh na tuairimí sin raic a thógáil, nó anáil a bhaint de dhuine. Is leosan na smaointe sin, creideann siad iontu, agus tá siad in ann iad a labhairt amach, nó a chur ar phár, gan amhras, gan athsmaoineamh. Is suarach le rá iad na daoine goilliúnacha, shílfeá.

A bhuíochas don daonlathas, tá an ceart againn ár rogha rud a rá nó a scríobh, a fhad is nach bhfuilimid ag briseadh aon dlí, is dócha. Tá próiseas daonlathach sa tír seo, agus tá dlíthe i bhfeidhm dá réir sin. Ná bíodh lá amhrais oraibh faoin bpróiseas daonlathach sin, a léitheoirí, fiú má tá sibh in amhras faoi chuid de na dlíthe ársa amhrasacha. Tá siad ann, mar is eol dúinn uile.

Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil smaointe agus tuairimí agamsa nach dtiteann isteach, beag ná mór, le smaointe agus tuairimí go leor daoine eile. Agus tá sé sin ceart go leor. Ní hionann muid uile. Ní hionann ár ngéinte, ní hionann ár n-oiliúint, agus ní hionann ár ndearcadh ar an saol dá bhrí sin. Gan amhras, d’fhéadfadh duine géinte agus oiliúint a roinnt, i gcás clainne mar shampla, gan dearcadh a roinnt. Agus tá sé sin ceart go leor freisin. Níor roghnaíomar ár ngéinte agus, dá bhrí sin, níor roghnaíomar ár ngaolta. Ní féidir ceachtar acu a shéanadh, ach ní hé sin le rá nach féidir dearcadh a shéanadh, mura miste linn an dearcadh sin. Daonlathas ag feidhmiú arís. Níl aon amhras orm faoi sin.

Nílim ag caitheamh amhrais ar na meáin amháin san alt seo, cé go bhfeicim peaca an amhrais ina n-ailt go mion minic, ach táim ag labhairt orainn uile, an tsochaí dhaonlathach. Tá amhras orm, in amanna, go bhfuil daoine maithe amuigh ansin nach bhfuil ag baint úsáide mar is ceart as an tsaoirse a thugann an daonlathas dúinn. Fanann siad ina dtost, nó ina suí ag an gclaí.. Ní deir siad a dhath, fiú nuair a léann siad, nó nuair a chloiseann siad, nó nuair a fheiceann siad rudaí nach n-aontódh siad leo go brách, agus nach bhfuil ceart, go morálta ná de réir dlí. Ní bhacann siad le nithe taobh amuigh dá dtairseach féin. Mura mbaineann rud leo, ní bhaineann siad leis.

Agus tá sé ag tarlú ar feadh na gcianta. Tá daoine ann atá cainteach confach, agus tá daoine ann atá tostach tim. Cén glór a chloistear den chuid is mó? Sea. Ach meas tú cén fáth a dtarlaíonn sé sin, a léitheoir? An é go bhfuil faitíos orthu labhairt amach? Bhfuil an peann borb, an briathar borb, an duine borb níos láidre ná an peann cineálta, an briathar cineálta, an duine cineálta?

Mar a dúirt an t-íobartach ar chlár teilifíse Mhiriam O’Callaghan roinnt seachtainí ó shin, agus é ag labhairt ar an am a chaith sé mar pháiste faoi chúram an stáit i gceann de na hinstitiúidí uafásacha sin,

“Where were all the good people?”
.

Thursday, July 23, 2009

Creideamh agus Eolaíocht

Tá ábhar iontach suimiúil faoi chaibidil inniu ag an bhfear i ngarraijohnnymhorgan, faoin teideal ‘Ceartchreidmheacht na heolaíochta’. Barúlacha suimiúla ag na rannpháirtithe uile sa gharraí inniu, agus is fiú súil a chaitheamh orthu le léargas na bhfear uasal sin a léamh, i mo thuairim. Chuir sé mise mé féin ag machnamh, mar is iondúil leis, muise. Cá bhfuil an fhírinne le fáil? San eolaíocht nó sa chreideamh?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, go bhfuil mo chreideamh féin agamsa faoin gcraic seo. ‘Sé mo bharúil nach bhfuil an fhírinne ar eolas ag aon duine, i ndáiríre, ach go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a chreideann gur acusan amháin atá an fhírinne. Múnlaíonn siad a gcreideamh dá réir sin, as cibé leabhair a fheileann agus, in amanna, is roghnú ‘a la carte’ atá déanta acu, anseo agus ansiúd. Agus tá an ceart sin acu, is léir.

Ach, agus is ‘ach’ mór agam é seo, an bhfuil sé de cheart acu an creideamh sin a bhrú ar dhaoine eile, le bata, beart agus briathar a chuireann faitíos agus scéin i bhfeidhm ar an lucht leanúna atá faoina smacht? Sea, is minic gurb é an ‘smacht’ agus ní an ‘rogha’ a choinnigh, agus a choinníonn fós, cuid de na creidimh seanbhunaithe ag imeacht, feictear dom. Níl aon diamhaslú i gceist leis an tuairim sin, an bhfuil? Deacair a rá na laethanta seo.

Maidir leis an eolaíocht, an rud atá fíor inniu, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhréag amárach, cé nach d’aon turas a tharlódh a leithéid, ceapaim, agus tá súil agam. Tá na modhanna tástála de shíor ag feabhsú, gach dul chun cinn ag cur leis, nó ag baint den toradh a chuaigh roimhe. Níl a fhios ag aon duine againn céard iad na fíricí atá fós amach romhainn ó na heolaithe ach, ar a laghad, chomh fada agus is eol dom, caithfidh siad fianaise láidir bhuan a thabhairt leis na fíricí sin.

Meas tú céard a tharlódh dá nglanfaí amach chuile chuimhne de chreideamh as aigne na ndaoine atá beo sa lá atá inniu ann, agus dá gcuirfí na leabhair chreidimh agus eolaíochta sin uile i bhfolach áit éigin, gan ag daoine ach a meonta féin as an nua, mar a déarfá, saor ón stair?

An mbeadh gá le creideamh ar bith ansin, nó an dtosódh daoine ag múnlú arís, ag scríobh leabhair chreidimh úra, nó ar thóir na fírinne tríd an eolaíocht? Agus, dá mbeadh siad, agus iad ag cumadh na leabhar nua seo, ag rá go raibh siad ag cloisteáil glór duine éigin ag labhairt leo ón spéir, abair, agus go raibh an duine sin ag moladh cuid de na rudaí atá molta sna leabhair chreidimh reatha, cén láimhseáil a gheobhaidh siad ó na húdaráis stát ansin? ‘Gabh mo leithscéal, cloiseann tú glór ag teacht as cén áit?’ an chéad cheist a chuirfí, b’fhéidir. Bheadh eolaithe ansin ag fanacht le tástálacha a dhéanamh orthu, b’fhéidir. Meas tú cén freagra a gheobhaidís?

Ach, níl ansin ach ‘cuir i gcás’ uaimse, an bhean mheánaosta atá de shíor ag machnamh agus ar thóir na fírinne nach bhfuil faighte agam i leabhar ar bith fós. Idir an dá linn, tá na fir fós ag scríobh, agus tá mise fós ag léamh.
.

Tuesday, July 21, 2009

Gathanna Grá

Tá cuairteoirí agam i láthair na huaire, agus is leosan m’am go ceann lá nó dhó.

Tá coinnle lasta agam ar fud an tí anocht. Níl baint aige le creideamh ná a dhath mar sin. Níl ann ach go bhfuil deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá, timpeall an ama seo, agus tá na coinnle ann le solas mo dhearfachta a chur chuici. Deacair é sin a mhíniú don té nach dtuigeann a leithéid. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Tuigeann mo dheirfiúr é, agus is uirthi atá na gathanna grá dírithe.
.

Friday, July 17, 2009

Am

Ba mhaith liom níos mó scríbhneoireacht a dhéanamh ar an mblag, ach ní bhíonn mórán ama agam na laethanta seo. Tá cead luí agus eirí agam agus, dá bhrí sin, tá am agam, ach nílim á bhainistiú ar dhóigh a thabharfadh deis dom níos mó am a chaitheamh ag scríobh. Tá fáth leis sin.

Tá sé deacair chuile thrá a fhreastal. Bíonn laethanta ann agus is mise atá i gceannas ar mo chuid ama, ceapaim. Inné, mar shampla, chinn mé an lá iomlán a chaitheamh ag dul trí na boscaí leabhar uile a thug mé liom as Uimhir 1 go Ceann Scríbe, agus a bhí fós le cur ar na seilfeanna i m’oifig agam. Plean iontach simplí agus soiléir. Shílfeá.

Thosaigh mé ar maidin, le díograis agus le dea-rún. Faoi am lóin, bhí cúpla céad leabhar timpeall orm ar an urlár, mise i lár báire, díograis is dea-rún i bhfolach sna boscaí folmha, áit éigin. Bhí leabhair oscailte chuile áit, caibidlí á léamh agam as chuile cheann acu, gach ceann níos suimiúla ná an ceann roimhe. Faoi dheireadh, thug mé cic sa tóin dom féin, chaith mé na leabhair uile ar nós cuma liom ar na seilfeanna, gan ord, gan eagar. Aiféala orm faoi sin.

Anois, os mo chomhair, taobh leis an ríomhaire, tá trí leabhar oscailte agam; An Poc ar Buile le Críostóir Ó Floinn, agus a chaibidil ar ‘Cearta na mBan' ag fanacht liom; Iarchonnacht Began le Desmond Fennell, agus an caibidil 'Revival or Not?' go foighneach ag faire ar m’aire; agus An Graiméar Nua le Séamus Ó Céileachair, a alt ar ‘An Forainm’ fós le léamh agam, gan trácht ar an dá chóip de Nuacht 24 a tháinig sa phost inniu, an greannán RíRá a tháinig freisin, agus an iris ‘Village’ a cheannaigh mé ar maidin.

Agus cén fáth nár scríobh mé rud éigin tráthnóna inné? Ní raibh am agam, mar ní mise a bhí i gceannas an t-am sin. Tháinig cuairteoirí, gan súil ar bith agam leo, ach fearadh na fáilte rompu. Bhí comhrá againn leo, comhrá gur fiú a roinnt libh amach anseo, a léitheoirí, mar go raibh siad ag insint dom féin agus don Gharraíodóir faoin sean-am, agus faoin ngreim a bhíodh ag an eaglais ar dhaoine. Déanfaidh mé am an scéal sin a roinnt libh amach anseo.

Ní ba dheireanaí san oíche, chuaigh mé féin agus é féin ar cuairt chuig teach nua eile, teach le comharsa linn. Trí bliana ó shin, gan ach tús curtha aige leis an teach nua seo, fuair an leaid óg, ar leis an teach, an drochscéal go raibh ailse ina chuid fola. Aréir, bhí sé istigh sa teach nua sin, ach é ina luí i gcónra, agus gan é ach ocht mbliana is fiche d’aois, a mháthair agus a athair croíbhriste lena thaobh.

Beidh An Bhean Neamhspleách anseo ar ball, í ag teacht don deireadh seachtaine, cinneadh a rinne sí ar maidin nuair, mar a dúirt sí féin, ‘I just fancied some time at home with you and Dad’. Cé gur ghlac mé am inniu chugam féin le rud beag scríbhneoireacht a dhéanamh, is uirthi a bheidh m’aire dírithe don deireadh seachtaine, agus áthas orm go bhfuil ‘time’ aici, agus am agam, le bheith i gcuideachta a chéile.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí, agus roinnigí bhur gcuid ama leo siúd, agus ar na rudaí sin, a thabharfaidh síocháin agus suaimhneas daoibh, a fhad is go bhfuil an t-am agaibh é sin a dhéanamh.
.

Wednesday, July 15, 2009

RíRá

Fuair mé cóip den ghreannán Gaeilge, RíRá, an tseachtain seo caite, a bhuíochas d’Aidan Courtney. Thug mé an chóip sin liom go Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, agus is ann atá sé fós mar go bhfuil grúpa páistí ansin ag dul ag léamh an ghreannáin dom, agus beidh aischothú le fáil uatha amach anseo.

Idir an dá linn, is féidir liom an méid seo eolais a roinnt libh, a léitheoirí. Bhí buachaill, 10 mbliana d’aois, ina shuí taobh liom ag an mbord maidin Dé Luain seo caite, an bheirt againn ag ithe bricfeasta. Thug mé an greannán RíRá dósan, agus thosaigh mé féin ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil, mar is iondúil liom. Bhí mé ag fanacht le héifeacht an chaife a chuideodh liom súile m’aigne a oscailt, an dtuigeann sibh.

Thosaigh mo dhuine le mo thaobh ag gáire. “Ar fheabhas!”, ar seisean. “An bhfuil an greannán go maith?”, a d’iarr mé féin. “Tá sé an-ghreannmhar.” arsa mo chara óg, agus gan é fós ach ar an gcéad leathanach. Tháinig a chairde isteach ansin, agus cuireadh an greannán go leataobh, mar a thuigfeadh sibh, a thuismitheoirí.

Ní féidir aird pháistí a choinneáil dírithe ar ábhar léitheoireachta nuair atá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, mar a bhí an mhaidin sin, is cuma cé chomh maith is atá sé. Ach, más rud gur féidir aischothú a thabhairt ar an ngreannán RíRá ón méid a chuala mé ón leaid sin maidin Dé Luain, tá jab maith déanta ag lucht RíRá, ag Aidan agus a chomhghleacaithe.

Tá siad ag obair ar an suíomh idirlín i láthair na huaire, agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ach scríobh chuig eolas@coimicigael.ie.
.

Tuesday, July 14, 2009

'Na Daoine Béarla'

Tá teaghlach deirfiúracha ar m’aithne a bhfuil cónaí ar a bhformhór acu sa Ghalltacht, duine amháin acu sa Ghaeltacht. Tógadh iad le Gaeilge agus le Béarla i nGalltacht i lár na tíre, a n-athair a labhairt Gaeilge leo an t-am ar fad, a máthair ag labhairt Béarla leo. Béarla an teanga ba choitianta a labhraítí sa teach i measc na ndeirfiúracha, agus is Béarla fós a labhraíonn siad eatarthu féin mar dhaoine fásta anois.

Gaeilge an teanga labhartha a bhí ag an athair é féin ar feadh a shaoil agus é ag fás aníos, i nGalltacht Bhaile Átha Cliath. Gaeilge a labhair a dheirfiúracha agus a dheartháireacha freisin, agus is cleachtas é a thug siad leo isteach ina dteaghlaigh féin nuair a phós siad, blianta fada ó shin. Tá cónaí ar na teaghlaigh sin sa Ghalltacht den chuid is mó, agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu. Is daoine fásta anois iad a bpáistí, agus tá siadsan, freisin, ag labhairt Gaeilge lena bpáistí féin, i nGalltachtaí a bhformhór acu.

Is de bhunadh ceann de na teaghlaigh sin na deirfiúracha a luaigh mé ag tús an ailt. Gaeilge amháin a labhraíonn an deirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht, lena páistí óga, nach bhfuil fós ar scoil; Béarla amháin atá ag páistí óga deirfiúr amháin eile, páistí nach bhfuil fós ar scoil; Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag páistí na ndeirfiúracha uile eile, mar go bhfuil na páistí sin ag freastal ar Ghaelscoileanna éagsúla sa Ghalltacht.

Bhí teacht le chéile ag na deirfiúracha lena bpáistí uile, níl sé i bhfad ó shin. Bhí col ceathracha na nGaelscoileanna ag labhairt Gaeilge den chuid is mó, ach amháin nuair a labhair siad leis na páistí beaga nach raibh fós ar scoil, agus nach raibh Gaeilge acu. Ach ní raibh an ábaltacht sin ag na páistí ón nGaeltacht, mar nach raibh oiread is focal amháin Béarla acu. Agus iad ag labhairt lena máthair ní ba dheireanaí sa lá, ba ‘na daoine Béarla’ an t-ainm a thug siad ar na col ceathracha sin nach raibh Gaeilge acu.

Is é an smaoineamh a rith liomsa agus mé ag éisteacht leis seo ná go bhfuil an Ghaeilge chomh flúirseach sin sa Ghalltacht i mBaile Átha Cliath anois gurb iad an bheirt gan Gaeilge acu fós a tugadh faoi deara, agus a bhí sa mhionlach an lá sin.

Tá seans ag an teanga fós, agus feictear dom gur sa Ghalltacht atá an borradh is mó, agus nílim iomlán cinnte nach as na Galltachtaí, agus ó lucht na nGalltachtaí, a tháinig an tacaíocht is díograisí roimhe seo freisin.
.

Sunday, July 12, 2009

Nathanna Cainte

Bhí mé féin agus an Dómhnallach ag labhairt ar an bhfón an lá cheana, agus an ‘Dip in the Nip’ faoi chaibidil againn, scéal faoi mhná in Éirinn a tháinig le chéile agus snámh carthanachta déanta acu le hairgead a bhailiú d’Action Breast Cancer .

“M’anam, ní raibh folach orthu!” a dúirt an Dómhnallach. Sin nath cainte nach raibh cloiste agam, agus sé ‘They hadn’t a stitch of clothes on’ atá i gceist leis, rud a thuig mé mar gheall go raibh an focal ‘folach’ san abairt, agus mar gheall go raibh mo splancacha céille ag tabhairt faoi deara an leid mhór a bhí le fáil san fhocal sin ‘Nip’.

Isteach liom in FGB Uí Dhónaill, leathanach 564, go bhfeicfinn an raibh bealaí eile le húsáid a bhaint as an bhfocal sin, arb iad ‘hiding’, ‘concealment’ agus ‘covering’ na focail is coitianta dó sa Bhéarla.

Ar ndóigh, tá ‘rud a chur i bhfolach’ ann le haghaidh ‘to hide something’; ‘folach bíog a dhéanamh’ = ‘to play hide and seek’; ‘folach cnoc a chur ar dhuine’ = ‘to leave someone far behind (as in race, or work); ‘folach an chait (ar a thuar) a dhéanamh ar rud’ = ‘to try to conceal the obvious’; ‘Le folach na náire a chur orthu féin’ = ‘in order to cover their nakedness’; agus, mar is eol dúinn uile ‘Níl dul i bhfolach ar an mbás’ = ‘There is no escaping death’.

Is léir, go deimhin, nach bhfuil dul i bhfolach ar an mbás, agus is léir, freisin, nach raibh na mná ar an trá an lá sin le folach na náire a chur orthu féin, ach le hairgead a bhailiú a chuirfidh mná na tíre seo ar an eolas faoi ailse chíche, agus le tacaíocht a chur ar fáil, más gá. Nílim ag dul mo bhuíochas do na mná nochta sin a chur i bhfolach. Go raibh maith agaibh, a mhná misniúla!

Anois, a chairde na gcíoch, cibé faoi na nathanna cainte thuasluaite, scaipigí an nasc seo, Action Breast Cancer, ar na mná lena roinneann sibh grá. Maith sibh!
.

Saturday, July 11, 2009

Colm agus Paul

Bhí mé tinn le cúpla lá anuas, gan ann ach tinneas beag nach fiú trácht air, agus ní raibh fonn scríbhneoireachta orm. Ní minic a tharlaíonn sé ach, ar na laethanta uaigneacha sin, glacaim rudaí go réidh agus caithim go leor ama i gcomhluadar an Gharraíodóra, ag ól caife agus ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil.

Is minic a ritheann an smaoineamh liom, go mór mór ar na laethanta sin, nach mbeadh cuma ar bith ar an saol seo gan an fear uasal sin le mo thaobh, buíochas ó mo chroí ag dul go rialta ag an gCé sin a thug deis dom bualadh leis an nGarraíodóir, agus áthas orm gur phósamar. Bhí an bheirt againn iontach óg ag an am; eisean rud beag níos óige, gan é ach bliain is fiche, mise dhá bhliain is fiche.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thosaíomar ag cur leis an teaghlach, go dtí go raibh cúigear againn ann, mé féin agus é féin fós inár bhfichidí. Tháinig tuismitheoireacht go nádúrtha chuig an mbeirt againn, agus bhí an streachailt chéanna againne agus a bhíonn ag teaghlach ar bith agus iad ag tógáil clainne.

An méid sin ráite, níl sé sin iomlán fíor. Cé go raibh deis againn ár ngrá a roinnt agus ár bpáistí a thógáil de réir reachta stáit agus eaglaise, bhí, agus tá, cúplaí ann agus ní raibh, agus níl fós, na cearta céanna acu agus a tugadh dúinne.

Má bhíonn deis agaibh, a léitheoirí, éistigí le ‘Miriam meets…’ na maidine seo. Éist le Colm O’Gorman agus a pháirtí, Paul, ag labhairt ar a ngrá, ag labhairt ar a dteaghlach, ag labhairt ar na constaicí a cuireadh ina mbealach, nár cuireadh riamh romhainn mar lánúin.

Níl reachtaíocht na tíre seo, stát ná eaglais, ag tabhairt na gcearta céanna dóibhsean agus a tugadh don Gharraíodóir agus dom féin thar na blianta, cé gur léir domsa nach bhfuil a dhath de dhifear eadrainn, mar chúplaí, ach gur beirt fhear iadsan.
.

Wednesday, July 8, 2009

An Ghaeilge Thall is Abhus

Tháinig bronntanas chugam an tseachtain seo ó dheirfiúr liom i Meiriceá. Dúirt sí liom coicís ó shin go raibh bronntanas ar an mbealach tríd an bpost, ceann ordaithe ón idirlíon a bheadh ann. Ní inseodh sí dom céard é, ach gur cheap sí go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart aici. Clog a tháinig, agus teachtaireacht leis ‘May it tick away many happy hours in your beautiful new home’.

Anois, níl Ceann Scríbe feicthe aici fós, ach tá an oiread sin cainte cloiste aici maidir leis uaimse, agus pictiúir go leor curtha ar aghaidh chuici, gur dócha go n-airíonn sí go bhfuil aithne aici ar an áit cheana féin. Cibé scéal é, tá aithne mhaith aici ormsa mar is clog ar leith a chuir sí chugam – is Gaelic Clock atá ann, sé sin le rá, is as Gaeilge atá na focail scríofa air. Anois, níl a fhios agam an bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile ach seo an suíomh as ar tháinig mo cheannsa. Ní Gaeilge an teanga atá scríofa ar an gclog sa phictiúr ar an suíomh, áfach, cé gur Gaelic Clock atá scríofa faoi, ach is clog as Gaeilge a tháinig ar aon nós, agus é díreach cosúil leis an gceann sa phictiúr, ach gur as Gaeilge atá an HAON, DÓ, TRÍ srl., scríofa air.

A bhuíochas ar Chon, fuair mé amach gur féidir t-léinte as Gaeilge a fháil anseo ag caintcampaign.com. Thug mé rud amháin eile faoi deara ar an suíomh seo, tá ‘write a song for the caint campaign’ acu:

Behind every good campaign, is a good song. A song that captivates and encompasses the very essence of its campaign. Caint is here to help and encourage the speaking of irish and we challenge every musician in Ireland to write a song that helps us spread the word of this campaign.The song must have at least a line, verse or chorus sung in Irish. All attempts can be emailed to paul@caintcampaign.com. All attempts will be shown here at www.caintcampaign.com. This site is receiving alot of traffic and we hope this will be encouragement to the young bands and musicians of Ireland (or anywhere else for that matter). We will help promote any musician who helps promote the Caint Campaign’.

Scaipígí an scéal, mura miste libh a léitheoirí. Tá tús curtha agam le m’amhrán féin, an fonn céanna aige agus atá ag ‘Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile’, agus seo chugaibh an curfá:

‘Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte,
‘S an ginideach ar a shála’

Mar a dhéanaim go rialta, thosaigh mé a útamáil liom tríd an suíomh, agus tháinig mé ar an suíomh seo ag gaeilgenaseachtaine.com. Is í Kay Uí Chinnéide atá i gceannas ar an suíomh seo, agus caithfear clárú, rud atá an-éasca a dhéanamh, a léitheoirí. Feicim lógó Fhoras na Gaeilge air, urraíocht tugtha acu don suíomh is cosúil. Maith iad! Is suíomh an-úsáideach é don tuismitheoir le déagóirí acu ar an meánscoil, nó d’fhoglaimeoirí ar bith, i mo thuairim. Is léir go dtuigeann Kay meon an fhoghlaimeora, agus tá an suíomh ag feidhmiú dá réir sin. Nár laga Cé í, agus go n-éirí go geal léi.
.

Monday, July 6, 2009

Is oth liom a chur in iúl duit...

Nuair a thagann litir chun tí chugat agus na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bíonn a fhios agat ar an bpointe nach dea-scéal a bheidh ann. Ceapaim. D’fhéadfadh sé gur tusa an sórt duine a fheiceann an dea-scéal sa drochscéal; b’fhéidir gur tusa an soirbhíoch a fheiceann an rud dearfach san áit a mbíonn an rud diúltach le feiceáil ag duine eile. Is tusa an duine leis an ngloine atá leathlán nuair atá an duine le do thaobh ina shuí agus gloine leathfholamh aige.

Bhí mo chupán caife leathlán agus mé ag oscailt na litreach ar maidin. Ba ghearr uaim an dealg dhúigh a chuirfeadh poll san áit dhearfach, dá mbeadh an áit sin ar chor ar bith dearfach sa chéad áit. Bhí mé ag streachailt leis an lá roimh theacht na litreach, smaointe eile ag réabadh trí mo chloigeann inniu, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta.

Mar sin, nuair a d’oscail mé litir leis na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bhain sé geit asam. Ar feadh soicind nó dhó. Ansin, thug mé faoi deara ábhar na litreach, 'An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí – Torthaí an Scrúdaithe'. Níor éirigh liom ‘sa scrúdú creidiúnaithe an babhta seo’. Ach, ‘beidh deis eile agat an bhliain seo chugainn, más mian leat an scrúdú a dhéanamh arís.’

Ní dóigh liom é. Mar a scríobh mé ar an mblag seo ar an 27 Aibreán, i m’alt ‘An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí’, ní raibh ‘a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin, ach tharraing’. Agus, fuair mé torthaí mo dheargmhire ar maidin. Sách maith agam é. Más rud gur cheap mé go raibh deis agam an 70% a bhaint, an céatadán atá leagtha síos ag Foras na Gaeilge le pas isteach a thabhairt do mo leithéid, bhí mé céad faoin gcéad mícheart.

Bhuel, timpeall 20% mícheart ar aon nós, mar is í sin an bhearna eolais atá idir mé féin agus an t-aistritheoir creidiúnaithe, is cosúil. Nílim chomh cliste agus a cheap mé. B’fhéidir. Is dócha. Gan dabht. Faraor. Níor éirigh liom ach leath na marcanna a fháil. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí. Maithigí mo bhotúin dom, agus maithfidh mise mo bhotúin féin.

Agus ná hinis mo scéal d’aon duine. Níor mhaith liom go gceapfadh siad gur óinseach cheart atá ionam. Coinneoimid eadrainn féin é, a léitheoirí. Bheadh náire orm an scéal a roinnt leo siúd a cheapann go bhfuilim iontach cliste ar fad. Is fearr iad a fhágáil chomh haineolach liom féin.
.

Sunday, July 5, 2009

Féilire

Blianta fada ó shin, chuir deirfiúr liom ‘Birthday List’ teaghlach s’againne le chéile; leathanach amháin a thiocfadh tríd an bpost chugainn leis an gcárta Nollag chuile bhliain, go dtí go bhfuair na ríomhairí an ceann is fearr ar fhir an phoist. Tagann an liosta chuile bhliain i Mí Eanáir anois, trí ríomhphost, chuig gach duine den teaghlach.

Is iad na ceanntásca leathanaigh: dáta breithe, ainm, aois reatha, lá na breithe, bliain na breithe, agus sonraí teagmhála ina mbíonn an seoladh baile, seoladh ríomhphoist, agus uimhreacha gutháin san áireamh. Ar an liosta, tá máithreacha, aithreacha, iníonacha, agus mic. Dá bhrí sin tá a fhios agam, bliain i ndiaidh bliana, cén aois atá ag gach neacht agus nia liom, mar aon le haois gach fear agus bean atá pósta le mo dheirfiúracha agus deartháireacha, chomh maith le haois mo shiblíní agus mo mháthair. Tá an liosta curtha le chéile go croineolaíoch, is é sin le rá go dtosaíonn an liosta i Mí Eanáir, leis an gcéad lá breithe den bhliain, agus leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, mí i ndiaidh míosa.

Tá sé úsáideach ar go leor bealaí. Is féidir liom breathnú ar an liosta go rialta agus bíonn a fhios agam, ar an bpointe, cén breithlá atá ar an mbealach, agus cé leis an breithlá sin. Má bhíonn lá breithe mhór, fearacht 21, 30, 40 nó mar sin, ar an mbealach, bíonn cló trom ar an aois reatha sin. Ach, faraor, ní ar na haoiseanna sin amháin a bhíonn an cló trom, ach ar an uimhir a chuirtear in áit na haoise reatha don té atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ní aois a bhíonn scríofa faoi ‘aois reatha’ sa chás sin, ach an méid blianta atá ann ó d’fhág an ball sin den teaghlach an saol seo. Fágtar an aois a bhí acu nuair a d’imigh siad uainn idir lúibíní taobh lena n-ainm, agus taobh leis sin, idir lúibíní eile, bíonn an dáta ar fhág siad muid.

Timpeall naoi mbliana ó shin, nó mar sin, thosaigh deartháir liom i Meiriceá ag cur féilire teaghlaigh le chéile. Is féilire é atá an-chosúil leis na féilirí sin a gheofá ón mbanc, pictiúir ar an leath uachtarach, boscaí cearnógacha folmha ar an leath íochtarach le go mbeadh duine in ann nótaí beaga a scríobh iontu, dá mba mhian leo. Ar an leath uachtarach d'fhéilire s’againne, cuireann sé pictiúir éagsúla den teaghlach, pictiúir a roghnaíonn muid féin i rith na bliana agus a chuireann muid chuige ag tús Mhí na Nollag, le go mbeidh an féilire réidh aige dúinn roimh thús Mhí Eanáir. Roinneann mo dheartháir na pictiúir amach ar na leathanaigh mhíosúla, agus bíonn colláis de phictiúir dhifriúla le feiceáil againn chuile mhí. Bíonn na boscaí cearnógacha folamh, ach amháin go mbíonn ainm curtha sa bhosca cuí nuair atá breithlá, nó cothrom lae báis, duine den teaghlach ann ar an dáta sin.

An mhí seo, ar an bhféilire, tá pictiúir d’aon dhuine dhéag de na nianna agus neachtanna, cuid acu ag cóisirí, cuid acu ar chamchuairt timpeall ar Washington nuair a bhíomar thall le haghaidh adhlacadh luaithreach le mo dheirféar, Ciara, in Arlington; pictiúir de mo shiblíní uile (cé nach bhfuil mise ann ar chor ar bith an mhí seo!), mo mháthair, agus aintín liom. Tá pictiúr de Chiara ann, a haghaidh chineálta ag breathnú amach orm anois, ag tarraingt ar théada mo chroí mar a rinne sí ar feadh a saoil.

Tá an féilire ar an mballa taobh liom i mo sheomra scríbhneoireachta i gCeann Scríbe anois, agus tá an ‘Birthday List’ taobh leis. Ar an liosta sin tá ainm Chiara luaite le dáta an lae amáraigh. Taobh lena hainm tá ‘30’ scríofa idir lúibíní, a haois nuair a bhásaigh sí, agus taobh leis sin, tá an dáta a bhásaigh sí san Afganastáin. I gcló trom in aice leis sin, san áit b’iondúil dá haois a bheith san am a caitheadh, tá ‘2nd’ scríofa. Ar ndóigh, níl baint ar bith ag an ‘2nd’ sin le haois, faraor, ach cuireann sé i gcuimhne dom, cé nach gá cuimhne a chur san áit a mbíonn an síor-chuimhne beo, nach bhfuil sí linn a thuilleadh, ach go bhfuil sí imithe uainn dhá bhliain i mbliana. Ní bheidh aois leanúnach aici arís go brách.

An smaoineamh a ritheann liom inniu, agus mé ag breathnú trí mo dheora ar an bhféilire agus ar an liosta sin ar mo bhalla, ná go mbeidh Ciara s’againne riamh óg. Ní thiocfaidh aois uirthi arís go brách, agus beidh sí óg i gcónaí sa cholláis teaghlaigh ar an bhféilire. An gcuidíonn sé sin le mo bhrón a mhaolú? Ní chuidíonn, ach is deas an smaoineamh é mar sin féin.

Dá mbeadh sí beo, bheadh Ciara na Gruaige Rua 32 bliana d’aois amárach. Cuirfidh mé barróg chuici, cibé áit ina bhfuil sí, mar a dhéanaim chuile mhaidin ó d’imigh sí uainn. Ba bhean mhór barróga í.

http://www.ciaraweerabrat.com/
.

Friday, July 3, 2009

Beans ag an Galway Film Fleadh

Má bhíonn sibh i nGaillimh ag an Galway Film Fleadh, beidh deis agaibh an gearrscannán ‘Beans’ a fheiceáil ar an 9 Iúil, sa Town Hall Main ag a deich a chlog ar maidin. M’anam, tá sé sin luath ar maidin, don té a bheadh ar an town an oíche roimh ré!

Cibé scéal é, is é Danny Mac Eachmharcaigh an stiúrthóir, agus is í Nuala Ní Fhlathúin an léiritheoir. Is Conallach é Danny, is Connachtach í Nuala. Casadh an bheirt acu orm agus mé ar chúrsa páirtaimseartha san Acadamh i nGaoth Dobhair ní ba luaithe i mbliana; an bheirt acusan ar chúrsa lánaimseartha, agus iad ag plé le Scileanna Teilifíse, mise ag plé le Scileanna Aistriúcháin.

Rinne mé féin an cúrsa i Scileanna Teilifíse anuraidh, agus bhain mé an-sult as; a bhuíochas d'Údaras na Gaeltachta a chuidíonn go mór agus urraíocht á dhéanamh acu ar na cúrsaí seo. D’fhoglaim mé go leor faoin earnáil, agus tá tuiscint mhaith agam anois ar an gcumhacht atá ag eagarthóir agus é/í ag snippáil leo.

Faraor, is annamh gur féidir liom breathnú ar chlár ar bith ar an teilifís anois gan a bheith ag scrúdú uillinneacha ceamara srl., agus tá an Garraíodóir tuirseach ag éisteacht liom ag tráchtaireacht ar ghluaiseachtaí éagsúla ceamara, ar mhodhanna eagarthóireachta agus ar shoilsiú an shot, mé á dhéanamh sin am ar bith a bhím ag breathnú ar chlár ina chuideachta. Tá an fear sin iontach foighneach ar fad, agus ní dheireann sé a dhath liom, ach fágann sé an seomra i ngan fhios dom, agus téann isteach chun na cistine, áit a bhfaigheann sé faoiseamh an clár a fheiceáil gan mise ag blatheráil chainte lena thaobh.

Ar ais chuig Danny agus Nuala, atá i bhfad níos tuisceanaí ar an mblatheráil sin. Ceapaim. Casadh Nuala orm sa cheaintín san Acadamh lá amháin agus, mar a tharlaíonn go minic agus duine as baile, aithníonn Connachtach Connachtach eile, agus thosaíomar ag comhrá; rud a rinneamar go rialta ina dhiaidh sin san Acadamh, ach deis a fháil. Chuir sí Danny in aithne dom lá amháin. Thosaigh mé féin agus é féin ag caint faoi amhráin, ó tharla suim ag an mbeirt againn iontu, agus go gcumann an bheirt againn iad; eisean go rialta, mise ó am go chéile.

Ná fiafraigh díom cén mearbhall a tháinig ar an mbeirt acu, ach tar éis do ‘Beans’ a bheith scríofa, tharraing siad an bhean mheánaosta seo isteach sa ghearrscannán leo, mar aisteoir, rud nach ndearna mé riamh i mo shaol roimhe. In ainneoin mo chuid aisteoireachta, agus a bhuíochas ar an mbeirt acusan, agus ar a gcomhghleacaithe ar an gcúrsa, beidh ‘Beans’ á thaispeáint ar an Galway Film Fleadh Déardaoin seo chugainn; an spás sin tuillte go maith ag na daltaí uile ón Acadamh, ach tuillte go mór ag Danny agus Nuala, atá iontach díograiseach ina gcuid oibre, agus iontach misniúil maidir le mo chumas aisteoireachta!

‘Seo scéal dramatúil a phléann an ceangal idir máthair agus mac’ an méid atá scríofa ar an gclár. Mar sin, má bhíonn sibh ann, agus má thugann sibh faoi deara an mháthair, í gan smideadh, í ag caitheamh éadaí nach gcaithfinn féin go brách, í ag breathnú i bhfad níos sine ná mise, ní mé atá ann. Bhuel, b’fhéidir gur mé...
.

Thursday, July 2, 2009

Nathanna Cainte

Mar a dúirt mé cheana ar an mblag seo (‘Slí na Gaeilge’, 2 Bealtaine), athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, mé ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Go minic, ní mise a thugann faoi deara iad, ach duine de mhná na súl géar. Nílim leath chomh cliste leosan, an dtuigeann sibh.

Ar aon nós, chuir mé ríomhphost chuig an Dómhnallach an lá cheana, rud a dhéanaim go rialta nuair atá focal nó frása dúchasach uaim, agus is minic gurb é toradh na ríomhphost sin ná comhrá uair nó dhó an chloig ar an bhfón, mar ar tharla inné. Tá an bille sin i bhfolach ón nGarraíodóir freisin.

Cuirim an locht ar Dhiarmaid Mac An Adhastair an geábh seo. Bhí sé i gcomhrá le Donncha ar TG4, ar an gclár 'Cladaigh Chonamara', oíche Dé Máirt. Ó tharla iad ag caint ar an droichead idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin, mo cheantar féin, bhí mé greamaithe den suíochán, ag éisteacht le chuile fhocal as béal Dhiarmada. Agus amach as an mbéal sin tháinig na focail “shaothraigh siad an dá shaol”, nath ar thuig mé a chiall ar an bpointe ach nár chuala mé riamh roimhe. Níos faide isteach sa chlár, dúirt Donncha ‘an dá mhar a chéile’, nath cainte a chuala mé cheana, ach nár úsáid mé féin riamh.

Isteach liom ag an ríomhaire ar an bpointe, ar fhaitíos go ligfeadh m’aois i ndearmad an méid a bhí cloiste agam, agus d’iarr mé, trí ríomhphost, samplaí comhthéacsúla ar an Dómhnallach. Mar is iondúil, chuir m’iarratas chuici le mo bhille fóin arís, ach chuir sé go mór le mo stór focal freisin, bail ó Ché ar an mbean uasal sin. Tá a fhios agam anois go raibh saol an-chrua ag an té a ‘shaothraigh an dá shaol’, cé nach bhfuil a fhios agam, go baileach, cén dá shaol atá i gceist – an saol crua, agus an saol an-chrua b’fhéidir?

Is ‘much of a muchness’, nath cainte atá coitianta go maith sa Bhéarla, an ‘dá mhar a chéile’, nó, mar atá in FGB Uí Dhónaill, leathanach 217, ‘Is é an dá mhar a chéile é’ i.e. ‘It is the same thing’, nó, mar a chuir an Dómhnallach i gcomhthéacs dom é, ‘’Sé an dá mhar a chéile dom é’, sé sin, ‘It’s all the same to me’. “D’fhéadfá ‘dhá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla’ a úsáid freisin, is dócha, sórt 'fools seldom differ' atá ann.” a dúirt sí. ‘Like master, like man’ an míniú a thugann FGB, leathanach 82, ar an gceann sin.

Tá sé de nós ag an Dómhnallach nathanna cainte eile a roinnt liom, í á dhéanamh sin go nádúrtha agus í ag labhairt liom ar an bhfón. Ní gá a rá go léimim isteach i dtobar a dúchais chomh luath in Éirinn agus a chloisim nath cainte nua uaithi, agus bíonn deireadh le cibé ábhar eile a bhíonn faoi chaibidil againn, go dtí go bhfaighidh mise lán mo bholg d’eolas faoin nath cainte nua. Ar ndóigh, ní chreideann sise go nathanna cainte iad, mar go bhfuil siad go nádúrtha aici, ach is nathanna cainte úra domsa iad, bean an Bhéarla. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Ar aon nós, agus í ag insint dom faoi shladmhargadh éigin ar an bhfón inné, dúirt sí liom gur iarr sí ar fhear an tsiopa “An bhfuil siad ar ‘ardaigh orm’?”. Dar ndóigh, b’shin deireadh le scéal an tsladmhargaidh mar gur thosaigh mise ag tumadh sa tobar dúchais arís, agus á ceistiú faoin nath cainte nua 'ardaigh orm' a thit ar mo chluas. “‘Fuair mé ar ‘ardaigh orm’ é.”, sé sin ‘I got it for next to nothing’ nó mar sin.” a dúirt sí liom., “Sórt ‘brilliant sale' 'bargain’ a bheadh ann.” a dúirt sí. Bíonn a leithéid le fáil i nGaillimh go minic, is cosúil. Na ‘sales’ agus na ‘bargains’.

Ar aon nós, chuaigh mé ag tumadh ansin in FGB agus siúd ann é, an nath cainte, chan Niall é féin, ar leathanach 59, ‘Fuair sé ar ‘ardaigh orm’ é, he got it for half nothing.’. Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Thug mé faoi deara go raibh ‘ardaigh orm agus ardóidh mé ort’ scríofa ar an leathanach céanna. ‘You help me and I will help you'. Ní gá a thuilleadh a rá, a léitheoirí.
.

Wednesday, July 1, 2009

Fionnachtain

Táim ag cur slachta ar m’oifig i láthair na huaire, ag dul trí cháipéisí, litreacha, leabhair srl. Tá go leor ag dul isteach sa bhruscar, ach tá go leor ag tabhairt cuimhní cinn isteach i mo chomhluadar freisin.

Tháinig mé ar chomhad ní ba luaithe agus fuair mé píosa páipéir istigh ann; focail scríofa ar an bpáipéar ag cara liom, blianta fada ó shin. Mhol sí dom, nuair a thug sí dom iad, aird saoil a thabhairt ar na focail a scríobh sí. Ní raibh ainm an údair leis, agus rinne mé googláil ar na focail inniu le fáil amach cé as ar tháinig siad, seachas ó mo chara, an dtuigeann sibh.

Ní haon ionadh, muise, tá siad curtha i leith an Bhúda féin ar an suíomh idirlíon seo, suíomh nach bhfaca mé riamh ach beidh mé ag dul ar ais chuige, mar is cosúil go bhfuil cúpla rud suimiúil air ar fiú súil a chaitheamh orthu, i mo thuairim. Ach sin mise. Is maith liom a bheith ag útamáil liom.

Ó tharla nach as Gaeilge a tugadh dom iad, agus ó tharla nach raibh Gaeilge ag an mBúda, cheapfainn, nó b’fhéidir go raibh mar bhí an fear sin iontach cliste, chuala mé, seo chugaibh na focail sin as Béarla, ar fhaitíos go mbeadh suim agaibh ina leithéid, agus ó tharla go bhfuil fonn orm iad a roinnt libh.

Do not believe on the strength of traditions even if they have been held in honour for many generations and in many places ; do not believe anything because many people speak of it ; do not believe on the strength of sages of old times ; do not believe that which you have yourself imagined, thinking that a god has inspired you. Believe nothing which depends only on the authority of your masters or of priests. After investigation, believe that which you have yourselves tested and found reasonable, and which is for your good, and that of others.”

Anois, meas tú cén comhtharlú nó tráthúlacht a thug na focail sin chugam inniu, agus cén teachtaireacht atá ann domsa, nó daoibhse fiu! Samhlaígí ceol taibhsiúil sa chúlra…
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.