Sunday, September 27, 2009

An Pota Amhrais

Táim ag éisteacht agus ag léamh liom faoi Chonradh Liospóin le roinnt seachtainí anuas. Tá mé fós ag iarraidh ciall a dhéanamh den rud - chuile dhuine agus a scéal féin aige, go leor tuairimí le cloisteáil ó dhaoine éagsúla atá ag éisteacht leis na scéalta sin; iad uile suimiúil, fiú mura n-aontaím leo uilig.

Cibé scéal é, beidh orainn uile ár vóta a chaitheamh nó, ar a laghad, ba chóir dúinn ceann a chaitheamh más féidir linn ar chor ar bith, ar an Aoine seo chugainn. Tuigim go rómhaith go bhfuil daoine tinn tuirseach den rialtas mar atá sé sa tír seo i láthair na huaire, ach tá córas againn a thugann an ceart dúinn ár vóta a chaitheamh go daonlathach, rud nach bhfuil ag go leor daoine ar fud an domhain, agus níor mhaith liom mo vóta a chur amú le holcas don rialtas. Tá a áit féin ag an gConradh inár dtodhchaí, d’ainneoin an rialtas.

Ar aon nós, chuaigh mé ag siúl ar maidin agus é ar intinn agam mo chinneadh a dhéanamh ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Tá na scéalta uile cloiste agam; na tuairimí uile léite agam. Níl sé ar intinn agam na pointí éagsúla a scagadh ná a iniúchadh anseo, a léitheoirí, mar go bhfuil sibh uile cosúil liomsa, is dóigh liom, bréan den chogadh idir lucht ‘Tá’ agus lucht ‘Níl’. Tá mo bhealach féin agam le mo rogha a dhéanamh agus seo é.

Cuirim An Pota Amhrais ag fiuchadh. Isteach sa phota caithim na pointí feolmhara, ceann i ndiaidh a chéile. Cuirim salann mo smaointe isteach leis na pointí éagsúla, ceann i ndiaidh a chéile. Má thosaíonn an teas ag ardú, nó má thosaíonn an bhoilgearnach ag blub-blubbáil le pointe feola ar leith, bíonn a fhios agam ansin go bhfuil an píosa feola sin rórighin domsa, ábhar éigin ann nach réiteoidh le mo ghoile, agus go mbeidh deacracht agam é a shlogadh.

B’fhéidir nach bhfuil ciall ná réasún leis an modh oibre sin, ach oibríonn sé go hiontach domsa, agus is annamh bréag sa scéal a d’inis mo Phota Amhrais dom. Nuair nár thug mé aird ar an mblub blubbáil, is minic mé dóite ag an sceitheadh.

Maidir leis an gConradh, tá a chuid oibre déanta ag 'An Pota Amhrais' anois. Cibé fáth atá leis, tá mianach éigin i bhfeoil na bhfocal atá ag teacht ó fhormhór an luchta ‘Níl’ a ardaíonn an teas faoin bpota orm, rud beag níos mó ná mar a dhéanann mianach an luchta ‘Tá’.

Mura dtiocfaidh athrú suntasach ar an scéal idir anois agus an Aoine, beidh mé ag vótáil ar son an Chonartha mar go bhfuilim den bharúil gur bhain an tír seo leas as mianach na feola sin go dtí seo, agus ní duine mór caoireola mé.
.

Saturday, September 26, 2009

An Rógaire Rábach

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár raidió Saturday View le Rachael English ar maidin. Ní hé go raibh Rachael liom, an dtuigeann sibh, ach go raibh mé ag éisteacht léi, ó tharla gurb í láithreoir an chláir í.

Bím ag éisteacht leis an raidió am ar bith a mbím i mbun mo chuid oibre timpeall an tí. Ar maidin, mar shampla, bhí mé ag ní na n-urlár, cluaisíní an raidió san áit ba chóir dóibh a bheith, i mo chluasa. Sin mar a bhíonn an saol le go leor daoine ar an Satharn, bíonn siad gnóthach le gnáthchúraimí an teaghlaigh, cé gur dóigh liom nach mbíonn siad uile ag dul thart agus cluaisíní ina gcluasa.

Cibé scéal é, bhí an painéal, ar a raibh an tAire Dermot Ahern, ag caint faoi iompar, nó faoi mhí-iompar más fearr leat an leagan sin, an Tánaiste Mary Coughlan maidir leis an milliún euro, nó mar sin, a íocadh le Rody Molloy. An raibh an ceart aici an méid sin airgid a íoc le Rody, gan comhairle a fháil, gan comhrá de shaghas éigin a dhéanamh le cibé cé atá ar an eolas faoi na nithe sin, sular scaoil sí chomh flaithiúil sin leis? Sin í an cheist a bhí faoi chaibidil agus mise ar mo glúine ar an urlár.

Ansin, chuala mé abairt ag teacht amach as béal an Aire, agus is san abairt sin, i mo thuairim, atá meon ár bpolaiteoirí, agus ár státseirbhísigh, fadtéarmacha le fáil. Bíodh mé ceart nó mícheart, ní dóigh liom go bhfuil tuiscint dá laghad ag a bhformhór acu ar shaol na gnáthmhuintire, ar shaol na ndaoine atá ag streachailt le chuile phingin a shaothraíonn siad, go háirithe sna laethanta meathlaithe seo.

Agus é ag cosaint an méid a rinne, agus a d’íoc, an Tánaiste le Rody ‘I’m entitled to travel first class’ Molloy, dúirt an tAire ‘…and if it meant paying another few pounds…’. Sea, another few pounds, a léitheoirí, d’airgead na gcáiníocóirí.

Ar ndóigh, ní fiú trácht air, a Aire.
.

Thursday, September 24, 2009

Mary, Mary quite...?

Scaipthe, neamhleanúnach, míréasúnach. Sin iad na focail a fuair mé ar maidin ó Thomás de Bhaldraithe agus mé ag tochailt liom ina fhoclóir Béarla-Gaeilge, agus míniú uaim ar an bhfocal ‘incoherent’. Agus cén fáth, cloisim an cheist uaibh, an raibh tú ar thóir an mhínithe sin, a Áine? Agus tá freagra tuillte agaibh, a léitheoirí, ó tharla gur chuir sibh an cheist sin orm. Sea.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió ar maidin, an dtuigeann sibh, mar a dhéanaim ó am go chéile. Bhí ábhar faoi chaibidil aige, nach mbaineann beag ná mór leis an alt seo ach amháin gur chuala mé an abairt ‘we were a little incoherent with our costings’ ó bhéal Gerry, eisean ag tagairt do thogra éigin ina raibh sé páirteach blianta ó shin.

Agus tháinig an cheist isteach i mo chloigeann, ar chloisteáil an méid sin ó Gerry, meas tú an raibh Mary Coughlan rud beag ‘incoherent’ faoi ‘costings’ An Bord Snip Nua agus í ag labhairt léi sa Dáil inné?

Cé acu, meas tú, de na haidiachtaí thuas is feiliúnaí don smaoineamh a bhí taobh thiar de na focail sin uatha – scaipthe, neamhleanúnach, nó míréasúnach?
.

Tuesday, September 22, 2009

Paddy Barry R.I.P.

Chuala mé ar an nuacht ar maidin go bhfuair Paddy Barry bás aréir. Síocháin lena anam dílis.

Níl focail agam an geábh seo, ach mo thrua a roinnt lena mhuintir uile in am seo a mbróin.
.

Teachtaireacht

Cuireann sé iontas orm, ó am go chéile, na míthuiscintí a bhaintear as focail. Caithfear a bheith iontach cúramach is cosúil.

Ní hé an léamh céanna, mar shampla, a bhaineann fir agus mná as, abair, abairt éigin cosúil le ‘Lovely tie you’ve got there’ nó ‘Is maith liom do ghúna’. Agus tú á léamh sin, an dóigh leat gur fear nó bean a dúirt na focail? Agus, cé air a bhfuil an gúna, i do bharúil, ar fhear nó ar bhean? Sea, chuile dhuine agus a bhfreagra, agus a dtuiscint féin acu.

Caithfear a bheith cúramach agus duine ag scríobh, mar tá meonta éagsúla ag na léitheoirí éagsúla agus, go minic, níl aithne phearsanta ag an scríbhneoir agus ar an léitheoir ar a chéile. Cá bhfios don léitheoir céard go díreach atá ag dul ar aghaidh i gcloigeann an scríbhneora, agus an bhfuil leid dá laghad ag an scríbhneoir cén teachtaireacht atá á baint ag an léitheoir as an bpíosa scríofa?

Bímse, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ag rámhaille liom. In amanna go samhlaíoch. In amanna le ciall agus le réasún. Ceapaim. B’fhéidir. Ar ndóigh. Níl a fhios agam. Cá bhfios dúinn?

Ach, tá a fhios agam an méid seo, ní ar an léitheoir a dhírím nuair a bhíonn fonn orm mo smaointe rúnda a roinnt. Ní hea. Dírím m’fhocail ar an té a éistfidh le m’fhocail le foighne, gan bhreithiúnas, le tuiscint iomlán agus le grá.

Sióg, cá bhfuil tú...
.

Sunday, September 20, 2009

Liathróid an Rachmais

Níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, ach bhí mé rud beag buartha faoi iompar ár bpolaiteoirí i rith óráid NAMA Bhrian Lenihan sa Dáil an tseachtain seo caite.

Shilfeá go raibh siad istigh i gclós scoile, iad ag spochadh as a chéile mar a bheadh páistí ann, an cnámhghearradh ag dul anonn is anall eatarthu, agus iad ag gáire leo. Bhí mé féin ag fanacht le ‘liar liar pants on fire’ a chloisteáil, agus nílim iomlán cinnte nár tharla a leithéid.

Ní hé gur miste liomsa, go hiondúil, an dóigh a n-iompraíonn na polaiteoirí iad féin, mar tuigim le fada an lá nach mbeidh tuiscint go brách agam ar an gcraic a bhíonn ag dul ar aghaidh i gClós Scoile na Dála, ach shíl mé, agus iad ag plé le hábhar atá tar éis an tír seo a fhágáil ina praiseach, an gnáthphobal ag fulaingt go mór de bharr neamhaird na bpolaiteoirí thar na blianta, gur thaispeáin an t-iompar sin uatha nach bhfuil tuiscint dá laghad ag an bhformhór acu ar an gcrá uafásach atá ag tarlú timpeall na tíre i láthair na huaire.

Tá súil agam nach labhairt ar son labhartha atá anseo ó Bhrian Cowen, agus go dtiocfaidh ár bpolaiteoirí amach as an gclós scoile, go stopfar den imirt dalladh púcóg, agus go bhfeicfidh siad go bhfuil daoine ag fulaingt agus ag streachailt in am atá iontach crua ar an ngnáthphobal.

Samhlaím, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhfuil siadsan, na polaiteoirí, ag imirt cluichí ar pháirc na polaitíochta, le boic mhóra na mbanc agus leis na tógálaithe, iad uile, feictear dom, ag taobhú lena chéile i gcluiche ina bhfuil an rachmas mar liathróid acu agus nílim cinnte, go baileach, cé atá ar thaobh an ghnáthphobail sa chluiche sin.
.

Saturday, September 19, 2009

Keith, Ken agus Paddy Barry

Éistigí, le bhur dtoil, a léitheoirí, má bhíonn deis agaibh, leis na comhráite sin a bhí ar chlár Marion Finucane ar maidin inniu, Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair, 2009, rud beag roimh mheán lae, agus a chríochnaigh ag meán lae.

Tá sí i gcomhrá le Ken, athair le Keith Barry, garmhac le Paddy Barry, an seanfhear bocht sin, 82, a fágadh gan aithne gan urlabhra ina theach féin i bPort Láirge oíche Dé Céadaoin, tar éis an ionsaithe uafásaigh sin a rinneadh air.

Éist le Ken, agus lena mhac, Keith, a bhí ag labhairt le Marion díreach roimhe, agus má bhíonn fonn ort, éist leis na focail ‘cearta’ a thagann ó Dermot Ahern, ár Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais, agus, ahem, Athchóirithe Dlí, agus é i gcomhrá le Marion ina dhiaidh sin, na ‘focail chearta’ sin uaidh ag tarlú mar thoradh ar chomhrá Keith le Marion; comhrá Ken ag tarlú mar thoradh ar chomhrá Dermot Ahern le Marion.

Go sábhála Cé sin, a léitheoirí, ach céard atá i ndán don tír seo ar chor ar bith! Agus, céard sa sioc a dhéanfar le haire a thabhairt mar is ceart agus mar is cóir, agus mar atá tuillte acu uile, dár bpinsinéirí bochta leochaileacha éislinneacha eaglacha?
.

Friday, September 18, 2009

Fear Teanga

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach rinne mé rud aréir a gheall mé dom féin go ndéanfainn ó bhí mé óg. Ní inniu ná inné a bhí mise óg, bíodh a fhios agaibh. Sea, táim i bhfad níos sine anois ná mar a bhíodh mé agus mé i m’óige. Sin an saol. Níl leigheas air. Caithfear ligean leis na blianta dul thart, mar is iondúil leo a dhéanamh. Ní féidir iad a stopadh, fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a stopadh, rud nach bhfuil uaim, le bheith fírinneach faoi. Ní miste liom m’aois. Is mór an mhaith sin, is dócha.

Anois, cá raibh mé? Oh sea, an rud sin aréir. Is dócha gur thug mé faoi deara go raibh an fonn orm agus mé ag dul isteach sa mheánscoil. Bhí mé aon bhliain déag d’aois, nó mar sin, agus bhí mé i ngrá, creid é nó ná creid, le scríbhneoireacht. Is grá é a mhair ar feadh mo shaoil, ach a cuireadh i leataobh nuair a tháinig an grá mór eile sin, an Garraíodóir, isteach i mo shaol. Choinnigh seisean mo chuid aire dírithe airsean, agus ar an teaghlach a chuir sé faoi mo chúram, go dtí le gairid.

Ar ndóigh, tá m’aire dírithe airsean fós, ach tá na páistí bailithe leo agus tá am agam le haghaidh mo chéad ghrá arís. Tuigeann an Garraíodóir é seo, agus tá sé sásta mé a roinnt. Fear tuisceanach. Tá a fhios aige go maith nach féidir an rud atá sa nádúr a stopadh, ná fiú srian a chur air, ná orm. Fear ciallmhar.

Le scéal fada a dhéanamh den scéal nach raibh in ainm agus a bheith chomh fada seo, d’fhreastail mé ar cheardlann scríbhneoireachta aréir; Short Story Creative Writing Workshop, lena ainm ceart a thabhairt dó. Bhí cúigear ban eile ann, agus fear an tí é féin – stiúrthóir na ceardlainne, chan an Garraíodóir. Chaitheamar an chéad pháirt den oíche ag cur aithne ar a chéile, agus ag dul i dtaithí ar mhodh oibre na ceardlainne. Uair an chloig caite.

Sa dara cuid den oíche, bhí orainn píosa scríbhneoireachta a dhéanamh. Cúig nóiméad caite. Sea, sin mar a tharla sé. Thug an stiúrthóir téama dúinn, siúlóid faoin tuath, agus dúirt ‘off you go until I say stop’. Ní raibh deis againn fiú anáil a tharraingt, ach ár gcloigne a chromadh ar an bpíosa páipéir os ár gcomhair agus iad a mhaisiú le focail. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, nó mar sin, chualamar ‘okay, you can stop now, and you may read them out for me now’.

Anois, tá a fhios agaibh go mbímse ag rámhaille, a léitheoirí, agus sin go díreach a rinne mé agus mé ag maisiú liom, gan stró, ar feadh chúig nóiméad, focail áiféiseacha á scríobh agam faoi dhaoine samhailteacha. Roinn mé an scéal rámhailleach áibhéalach sin leis an stiúrthóir agus leis na mná. Rinne mé amhlaidh leis an nGarraíodóir ar filleadh abhaile dom ní ba dhéanaí.

“You don’t mean to tell me you read that out to them?” a d’fhiafraigh sé, ar chloisteáil na focail ‘it reminded her of her dull dreary first husband’ ag teacht go bródúil as mo bhéal; na focail sin mar chuid den phíosa cruthaitheach samhailteach sin a scríobh mé, an dtuigeann sibh, a léitheoirí ciallmhara cliste.

Why, what’s wrong with it?” a d’fhiafraigh mé féin, stad tobann curtha leis na focail bhródúla chruthaitheacha, iad imithe in aimhréidh teann suaite.

They might think you’re talking about me!” arsa an t-aon fhear céile a bhí riamh agam.
.

Thursday, September 17, 2009

Eisceacht nó Ionannas?

Blianta ó shin, ocht mbliana déag siar le bheith cruinn, thosaigh na Spáinnigh ag teacht go hInis Eoghain. Ní hea, ní ceacht staire é seo ar chor ar bith, a léitheoirí, ach sórt scéilín beag le, b'fhéidir, moladh beag uaimse ag an deireadh. Sea.

Ar aon nós, ar ais chuig na scoláirí Spáinneacha sin linn. Cuireadh fearadh na fáilte rompu, na scoláirí iasachta sin ag cur fúthu, chuile Shamhradh, i dteaghlaigh éagsúla ar fud na háite, duine in aghaidh an teaghlaigh. Bhí siad ag foghlaim Béarla, an dtuigeann sibh, agus bhí na mná tí ag fáil cúpla pingin sa bhreis, rud a chuir go mór le sparán spárálach theaghlach na n-ochtóidí.

Daoibhse nach bhfuil cuimhne ná taithí agaibh ar theaghlach na n-ochtóidí, an teaghlach le páistí ann, go háirithe, agus b'fhéidir ioncam amháin ag teacht isteach dá mbeadh an t-ádh leo, bhí cúlú ann, agus ciorruithe freisin, an t-am sin crua go leor ar thuismitheoirí a bhí ag streachailt leis na pinginí.

Bhí an t-ádh liomsa agus le mo theaghlach mar, ar a laghad, bhí teacht isteach rialta an státseirbhísigh againn. Mar sin féin, ní raibh rachmas sa rialtacht sin, agus ghlacamar le chuile deis a tháinig inár dtreo le hairgead sa bhreis a shaothrú. Dá bhrí sin, ghlacamar le duine de na scoláirí.

Ní raibh a fhios againn an t-am sin go dtiocfadh an cailín álainn sin, an chéad scolaire Spáinneach a fuaireamar, ar ais chugainn ceithre bliana eile i ndiaidh a chéile, agus beirt deirfiúracha ní b'óige ag teacht ina dhiaidh sin, bliain i ndiaidh bliana, go dtí go raibh siadsan, agus ár gclann féin, tógtha. Is iomaí pingin caite acu, agus ag a muintir, sa tír seo, pinginí a chur go mór le geilleagar na tíre, cheapfainn.

An tseachtain seo caite, chaith mé an deireadh seachtaine i gcomhluadar na clainne sin sa Spáinn, turas a gheall mé a dhéanfainn lá éigin, mar go raibh an turas ar mhalairt treorach déanta chugainn go rialta ag athair agus máthair na ndeirfiúracha sin le blianta beaga anuas, an cairdeas eadrainn ag láidriú thar na blianta.

Fáth mo scéil? Ceann de na smaointe sin a rith liom ar maidin agus mé amuigh ag siúl, cuimhní mo shaoire leis an gclann thall fós úr i mo chloigeann, ach focail faoi NAMA agus ciorruithe ag teacht ó chluaisíní an raidió lena raibh mé ag éisteacht, ná go bhfuil na Spáinnigh ag teacht chuig tithe éagsúla ar fud na tíre seo ar feadh na mblianta le Béarla a fhoghlaim. Chomh fada agus is eol dom, diabhal caint a bhí riamh ann an t-am sin, ná anois fiú, ar stádas cánach an lucht lóistín i.e. mná tí na Galltachta, lenar fhan na scoláirí sin.

Má tá an rialtas ag dul ag díriú a aire ar stádas cánach mhná tí na Gaeltachta, dream atá ag cothú teanga agus cairdis mar aon lena macasamhla sa Ghalltacht, iad uile ag cur le teacht isteach a dteaghlach agus ag saothrú airgid dá gclann agus do gheilleagar na tíre, ba chóir go mbeadh an aire sin dírithe le hionannas, chan le heisceacht - ar lucht an bhaile, ar an lucht siúil, lucht na feirimeoireachta, lucht na turasóireachta, lucht na scannánaíochta, lucht na gcapall, lucht na scríbhneoireachta, lucht an cheoil, lucht na bpolaitaíochta; ar ioncam ar bith atá á shaothrú sa bhreis, go háirithe an t-airgead sin atá á shaothrú ó chostais atá i bhfad thar fóir na fírinne.
.

Bailbhín an Bhéarla

Rith smaoineamh liom anocht, agus mé ag scríobh ríomhphost chuig mo chairde sa Spáinn le mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as an am a roinn siad chomh fial sin liom féin, agus leis an Státseirbhíseach, agus muid thall leo. Mar is eol daoibh, a léitheoirí, bíonn orm mo smaointe a roinnt libh, ó am go chéile, agus seo chugaibh an ceann seo. Rámhaille eile, is dócha.

Níl Spáinnis agamsa, ach tá ag an Státseirbhíseach, rud a d’fhág go raibh sise in ann cumarsáid gan stró leis na Spáinnigh agus muid ina gcuideachta. Ach, ní mar sin a tharla. An chuid is mó den am, thiontaigh chuile dhuine ar an mBéarla le go mbeadh mise in ann iad a thuiscint. Ba mhór an náire dom é, agus cheannaigh mé ‘Spanish for Dummies’ ar an bpointe boise a shroich mé siopa leabhar i mBaile Átha Cliath ar mo bhealach abhaile.

Tá a fhios agam an méid seo, a léitheoirí, dá mbeadh mise i mo chónaí sa Spáinn, bheadh orm an Spáinnis a fhoghlaim, mar nach ligfeadh an náire dom iallach a chur ar mhuintir na háite sin a dteanga a thréigean ar mhaithe liomsa, bean an Bhéarla. An chéad uair eile a bheas mise ina gcuideachta, beidh mé ag déanamh mo dhíchill a dteanga dhúchais féin a labhairt le lucht na Spáinne.

An smaoineamh sin? Cén fáth nach mbeadh lucht an Bhéarla, a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, in ann an Ghaeilge a fhoghlaim le nach mbeadh ar mhuintir na háite sin a dteanga dhúchais a thréigean?
.

Tuesday, September 15, 2009

Ar ais arís

Táim ar ais sa bhaile ó aréir, gan mórán le léamh ná le cloisteáil agam ar maidin ach drochscéalta, arís is arís eile.

Tá ‘political adviser’ ag John O’Donoghue, más fíor an méid a léim, cé, dar leis, gur post ‘non-political’ atá aige mar Cheann Comhairle. Suimiúil.

Bhí mé ag éisteacht le Gerry Ryan ar maidin, ríomhphost a scríobh máthair Shane Clancy faoina mac á léamh amach aige. Is é an smaoineamh a rith liom ná ‘an bhean bhocht sin’. Anois, tá a fhios agam go rómhaith gurbh uafásach an rud a rinne Shane, le Sebastian Creane curtha ón saol aige, Dylan Creane agus Jennifer Hannigan gonta go brách aige, gan trácht ar na daoine muinteartha leo uile a bheas ag fulaingt go lá a mbáis féin. Ach, tá an bhean bhocht sin ag fulaingt, a mac féin caillte aici, lámh curtha aige ina bhás féin freisin, agus ní maith liom a trioblóid.

Maidir le Darren Sutherland, níl focail ag aon duine againn a chuirfeadh ciall ná réasún isteach sa scéal sin, mar níl a fhios ag aon duine céard a tharla, ach ceaptar gur chuir sé lámh ina bhás féin, an fear bocht. Más amhlaidh an scéal, is aigesean amháin atá freagra na ceiste ‘cén fáth?’. Ní freagra é a chloisfear uaidh, faraor, agus is lena mhuintir agus lena chairde atá mo thrua inniu.

Níl sé éasca a bheith dearfach agus na scéalta sin romham ar maidin, fiú agus laethanta agus radhairc áille na Spáinne, an comhrá agus an chraic a bhí agam ansin fós úr i mo smaointe. Mar sin féin, tá áthas orm go bhfuilim ar ais in Éirinn arís. Más rud go gcaithfear dul i ngleic le drochscéalta, go háirithe agus iad chomh rialta agus atá siad na laethanta seo, is anseo sa bhaile atá mo shuaimhneas agus mo dhiongbháilteacht ag fanacht liom i gcónaí.

Dán beag daoibh, a léitheoirí, ceann a scríobh mé roinnt blianta ó shin, agus dán a rith liom agus mé amuigh ag siúl ar maidin.

Féinbhás

Nuair a d’imigh tú, ar fhág tú slán?
Ní cuimhin liom go baileach,
Nó an raibh an slán sna focla sin
A choinnigh tú i bhfolach?

Raibh comhartha ann nach bhfaca mé
Ceann ceilte ‘gus faoi rún?
Nó an raibh sé os mo chomhair amach
Ag béiceach orm go ciúin?

An é nach bhfaca mise thú
Ag iompar ualach marfach?
An raibh mo shúile dúnta a’m
Ar do dhuairceas, ar do chráiteacht?

Cén smaoineamh a bhí i do chloigeann bocht
Nuair a thosaigh tú ag imeacht
Raibh aiféala ort, nó raibh solas romhat
Ag lasadh bealach lonrach?

Bhfuil tú sona suaimhneach ‘nois a stór?
Bhfuil sólás i mbeatha mhúchta?
Ná bíodh tú mar atáim anois
Brónach, briste, brúite.

www.aware.ie
.

Wednesday, September 9, 2009

As baile

Faoin am seo amárach, beidh mé i Madrid na Spáinne, agus táim ag tnúth go mór leis. Ní raibh mé riamh ann, ná riamh sa Spáinn fiú.

Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn arís, más é bhur dtoil é. Idir an dá linn, ná bígí uaigneach i m’uireasa.
.

Diamhasla greannmhar?

Éist liom anois, a léitheoirí, mar táim ag dul fainic bheag a fhágáil libh – ná héist leis an bpíosa seo ó youtube más rud gur duine goilliúnach atá ionat maidir le cúrsaí creidimh. ‘Religion is bullshit’ an t-ainm atá ar an taifeadadh, mar sin bígí ag súil leis an rud atá sibh ag súil leis óna leithéid de theideal.

Fear darbh ainm George Carlin atá ann, fear a dúirt a leithéid ‘Atheism is a non-prophet organisation', agus ‘I have as much authority as the Pope, I just don’t have as many people who believe it’ , agus ‘I was thinking about how people seem to read the Bible a whole lot more as they get older; then it dawned on me - they're cramming for their final exam’ , agus ‘Religion is just mind control’.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a chloisfidh greann san áit a gcloisfidh daoine eile diamhaslú. Agus sin mo cheist. An greann nó diamhasla atá sa taifeadadh, i do thuairim?

.

Monday, September 7, 2009

Fáth na Fóibe

Aithníonn daoine an rud sin, faitíos, nuair a bhuaileann siad leis. Tuigeann siad ar an bpointe go bhfuil faitíos orthu mar go n-airíonn siad é - croí ag preabadh, anáil ag tapú, smaointe ag réabadh…

Agus thuigfeá sin, dá mbeadh faitíos ort – an torann sin thíos staighre agus tú sa teach leat féin, madra nó tarbh fíochmhar i do dhiaidh, duine do leanúint agus tú leat féin ar an mbealach dorcha abhaile, an glaoch gutháin sin a dhúisíonn duine de phreab i lár na hoíche...

Ach cén fáth an faitíos neamhréasúnach, na fóibí sin? Agus tá go leor acu ann. Ina measc tá aracnafóibe/uamhan damhán alla, agrafóibe/uamhan sráide, hidreafóibe/uamhan uisce, clástrafóibe/uamhan clóis, mar shampla.

It is believed that heredity, genetics, and brain chemistry combined with life-experiences play a major role.’ dar le Wikipedia. Sea, na géinte sin arís.

Mar sin féin, cén fáth sa sioc a mbeadh faitíos ar dhuine roimh bhananaí (bananaphobia) nó roimh an dea-scéal a chloisteáil (euphobia)? Thuigfeá, b’fhéidir, an ephebiphobia (bheith i bhfaitíos faoi dhéagóirí), an gamophobia (pósadh), nó an gymnophobia (lomnochtacht) mar shampla, ach cén chaoi a maireann an duine le logophobia (focail)! Ní bheidh siad ag léamh an bhlag seo, is dócha.

Cibé scéal é, nílim in ann a theacht ar an ainm cuí don fhóibe atá agam féin, cé nach bhfuilim iomlán cinnte gur fóibe atá ann ar chor ar bith, an dtuigeann sibh. Sórt míchompord a tharlaíonn ionam nuair a bhím timpeall ar bháid nach bhfuil ag bogadh; iad ceangailte go deas, b’fhéidir, taobh an chladaigh, nó ag an gcé, abair.

Ní chuireann sé isteach ná amach orm bheith istigh i mbád, ná bheith ag seoladh i mbád, ach is rud é a tharlaíonn dom agus mé timpeall ar bháid nach bhfuil ag bogadh; an míshuaimhneas sin ionam níos measa arís má bhíonn an taoide amuigh, agus gan aon uisce timpeall ar an mbád ar chor ar bith, nó má bhíonn an bád le feiceáil agam agus é líonta le huisce, nó faoin uisce fiú, mar a fheictear seanbháid scriosta go minic.

Moillíonn m’anáil rud beag nuair a fheicim iad, agus airím faoiseamh ar an bpointe iad imithe as mo radharc. Ní hé nach féidir liom a bheith in aice leo, ach b’fhearr gan a bheith in aice leo, má thuigeann sibh libh mé. Níl ciall ná réasún leis, ar ndóigh, ach sin mar atá.

Anois, céard sa diabhal a tharla riamh i mo shaol, nach eol dom, nó i saol an té a chuir na géinte faiteacha sin ar aghaidh chugam, nach eol dom, le go mbeadh a leithéid ag tarlú, meas tú? Nó, an é gur tharla sé am éigin eile, ‘the survival of the personality after death’ mar a thug Ian Stevenson air?
.

Scoil an tSaoil

Feictear dom go bhfuil na buachaillí móra ag spraoi leo ar chlós súgartha scoil an tsaoil agus nílim iomlán cinnte nach bhfuil rud beag den ‘tá mo cheannsa níos mó ná do cheannsa’ ag dul ar aghaidh. Cuntas bainc, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Cibé scéal é, tá súil agam nach iad na hoibrithe díograiseacha cumasacha ciallmhara a bheidh thíos leis an aighneas, agus go mbeidh sé de chiall acu fáil réidh leis an bhfuílleach, glacadh leis na moltaí a chuirfeadh an gearradh siar cuí i bhfeidhm le jabanna a shábháil, agus nach mbeidh a leithéidí seo ag tarlú de thoradh na neamhairde.

.

Saturday, September 5, 2009

Agus saor sinn ó...

Is maith le daoine rialtacht. Tá nósanna acu, bealaí ina ndéanann siad rudaí ar an gcaoi chéanna, lá i ndiaidh lae. Ar ndóigh, ní bhíonn an dara rogha ag an bhformhór againn. Bíonn orainn éirí ag am ar leith, bheith ag obair ag am ar leith, bheith sa bhaile ag am ar leith, agus mar sin de...

Ach cén fáth an nós sin a bhíonn ag daoine maidir le, abair, cathaoir ar leith a bheith acu sa bhaile, áit ar leith acu le suí ag an mbord sa bhaile, laethanta ar leith acu le jabanna éagsúla a dhéanamh timpeall an tí agus ar uile? An gcuireann a leithéid d’iompraíocht brú ar dhaoine, iad i gcónaí faoi thionchar an chloig agus na nósúlachta, iad de shíor ag siúl ar an mbóthar atá díreach; bóthar gan chor, gan cham?

Is iomaí duine a bhaineann sult agus tairbhe as an nósmhaireacht sin, daoine ar fearr leo rialtacht a bheith i bhfeidhm ina saol. Ach ní bhíonn slí an tsaoil gan chor, gan cham, agus ní bhíonn aon turas uirthi gan chroitheadh, gan chonstaic.

Meas tú nárbh fhearr dúinn mírialtacht de shaghas éigin a bheith inár saol, ó am go chéile…suí in áit dhifriúil le go mbeidh radhairc eile le feiceáil, agus ligean a thabhairt don lá le go mbeidh muid féin ar ligean leis.
.

Thursday, September 3, 2009

Ní fliú trácht air...

Tá mé féin agus é féin rud beag tinn na laethanta seo, an bheirt againn ag troid le frídíní an fhliú le seachtain anuas.

Anois, ní gá domsa a dhath a scríobh anseo maidir leis an scéal mar atá sé sa teach seo i láthair na huaire, ó tharla é léirithe chomh soiléir sin san fhíseán seo ar youtube.
.

Spiorad na Seanórthachta

Coinnigh na smaointe dearfacha sin ag dul, agus beidh laethanta mar seo romhatsa freisin, a léitheoir - má bhíonn an t-ádh leat!
.

Blaiseadh eile de Sheáinín Smaoiseach

Tá an fear sin, Seáinín Smaoiseach, ag útamáil leis, agus seo toradh eile uaidh.

Bí airdeallach, tá na focail mhóra sin ann, mar is iondúil leis an diabhal. Seáinín, chan Tadhg!
.

Cara de dhíth!

Mar is eol daoibh, táim ag foghlaim liom. Chuile lá, agus mé ag plé leis an idirlíon ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim ag dul i dtaithí ar shuíomhanna úra an idirlín, rudaí nach raibh trácht ar chor ar bith orthu agus mise ag tógáil mo pháistí, cosúil le Twitter, Bebo, Facebook agus a leithéidí.

Nuair a thosaigh mé ar an mblagáil seo, bhí orm eolas a fháil ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach le tuiscint a fháil ar an gcraic seo. D’éirigh liom tús a chur le mo bhlag, mar is léir ón bhfianaise os do chomhair, a léitheoir, agus bainim sult as, caithfidh mé a rá. Gurab amhlaidh duit!

Maidir le Bebo agus Twitter, chuaigh mé ag plé leo sin freisin, ar mhaithe le taithí a fháil orthu. Ní féidir liom gan a bheith ag útamáil, an dtuigeann sibh. Cibé scéal é, ní raibh a dhath iontu a choinnigh mo chuid spéise seachránaí ag dul, agus ní bhacaim leo, cé go bhfuil mé cláraithe, creid é nó ná creid. Fuair mé amach, i ndiaidh gach ní, nach gá bheith eolach ar rocket science le do bhealach a dhéanamh timpeall ar na suíomhanna sin. An méid sin foghlamtha agam, d’fhág mé slán acu arís.

Cé go bhfuil go leor daoine ar m’aithne ag plé le Facebook, níor bhac mé leis riamh, go dtí inniu. Sí An Bhean Neamhspleách atá ciontach. Chuir sí an nasc seo chugam, nasc a bhaineann leis na Oilimpeacha Speisialta in Éirinn, agus d’iarr sí orm clárú leo mar ‘cara’ ar an suíomh atá acu ar Facebook anois. "Fadhb ar bith" arsa Áine léi féin. Isteach liom ar Facebook agus táim cláraithe anois, agus Special Olympics Ireland mar chara agam ann.

Isteach leat anseo anois, a léitheoir, agus cláraigh mar chara leis na Oilimpeacha Speisialta, mura miste leat. Ba mhaith leo cairde a fháil, agus ba dheas an rud dá bhfaigheadh.

Tá físeán ann, próifíl an lúthchleasaí, Oliver Doherty, as Inis Eoghain, agus táim chun iarracht a dhéanamh é a íoslódáil anseo daoibh. Má éiríonn le mo chuid útamála, beidh sibh in ann é a fheiceáil ag bun an ailt seo. Mura n-éiríonn, tá sé le fáil ar an suíomh. B’fhiú duit éisteacht leis, má bhíonn deis agat. Scéal álainn.

Tá obair iontach ar bun ag na daoine uile atá ag obair leis na Oilimpeacha Speisialta. Nár dheas do thacaíocht a thaispeáint dóibh inniu, agus an nuacht uatha a scaipeadh, trí chlárú leo mar chara. Maith thú, a chara!
.

Tuesday, September 1, 2009

Is it good for you?

An bhfaca aon duine agaibh an fógra nua seo ar an teilifís?

Anois, b’fhéidir go bhfuil mise ag dul iomlán as mo mheabhair, agus ní haon iontas dá mbeadh, ach an gcloiseann aon duine eile agaibh an tsláinte sin? Ní hea, an ceann tar éis ‘To Arthur…’! No, rud beag níos faide ar aghaidh…rud beag eile…sea, ar chuala tú é?

'To NAMA...'...
.

Daidí na Nollag agus Donegal’s Lapland

Nuair a bhíonn cuairteoirí anseo liom, agus fonn turasóireachta orthu, bíonn mise mar thiománaí acu, le deis a thabhairt dóibh na radhairc a fheiceáil gan anró siúil, stró ná strus a chur orthu féin. Tá na gardaí thart anseo rud beag ait, an dtuigeann sibh, agus cibé faoi na radhairc, is fearr leo é nuair a choinníonn tiománaí a shúile ar an mbóthar. Sea.

Bím i gcónaí réidh le turasóireacht a dhéanamh áit ar bith sa tír seo, go háirithe más áit í nach bhfaca mé cheana. Tá radhairc Inis Eoghain feicthe go mion minic agam le mo chuairteoirí, áiteanna cosúil le Dún Fhraoigh agus Doagh Famine Village i gcónaí ar mo chúrsa taistil leo.

Tógann Daidí na Nollag an Doagh Famine Village ar cíos chuile bhliain, díreach roimh an Nollaig, agus de réir na dtuairiscí uile atá cloiste agam faoi, níl a mhacasamhail le fáil in aon áit eile. Santa’s Island, chan Daidí na Nollag. Bíonn Daidí na Nollag chuile áit, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Tá tóir chomh mór sin ar na ticéid gach uile bhliain, ó chuile chearn den tír, go mba chóir duit, más mian leat ticéid a fháil, d’ainm a chur ar an liosta anois. Tosaíonn an díolachán luath go maith agus, go bhfios dom, d’fhéadfadh cinn na bliana seo a bheith díolta cheana.

Cibé scéal é, tá d’fhainic faighte agat uaim anois. Má bhíonn an t-ádh leat, b’fhéidir nár thosaigh fear na féasóige báine ag léamh a liosta fós…
.

An Cnuasach Cuimhní

Taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn cuairteoirí anseo sa teach. Is mór liom cuideachta mo chairde agus mo mhuintir, mo dhream féin. Nuair a bhíonn siad anseo, bíonn comhrá agus craic agam leo i rith an ama, an nasc eadrainn á dhaingniú le téada na gcuimhní cinn.

Agus mé ina gcomhluadar, líontar spás éigin ionam, áit ina mbailítear le chéile an taisce sin ar a dtugaim An Cnuasach Cuimhní. Nuair a theastaíonn uaim athnuachan nó athmhachnamh a dhéanamh ar an gceangal a chum na cuimhní, má bhím uaigneach ina uireasa, isteach liom sa spás sin, osclaím An Cnuasach Cuimhní, agus léim na leathanaigh ar a bhfuil mo thaisce breactha.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.