Tuesday, September 1, 2009

Is it good for you?

An bhfaca aon duine agaibh an fógra nua seo ar an teilifís?

Anois, b’fhéidir go bhfuil mise ag dul iomlán as mo mheabhair, agus ní haon iontas dá mbeadh, ach an gcloiseann aon duine eile agaibh an tsláinte sin? Ní hea, an ceann tar éis ‘To Arthur…’! No, rud beag níos faide ar aghaidh…rud beag eile…sea, ar chuala tú é?

'To NAMA...'...
.

6 comments:

  1. Níl sé ann, ar ndóigh, a chara, ach go bhfuil samhlaíocht ar leith ag teastáil le hé a chloisteáil, mar atá agamsa, duine atá de shíor ag léamh agus ag cloisteáil faoi NAMA na laethanta seo, agus í mar cheist aici ‘will it be good for us?’!

    Mo mheabhair agus mé féin ag scaradh óna chéile anois…:-)

    ReplyDelete
  2. Tuigim duit, a Mhise Áine. An fearrde muid NAMA? Ach bealach amháin nó bealach eile: tá sé ag teacht.

    ReplyDelete
  3. Cé go bhfuil fhios agam gur ceist an-tábhachtach í seo, táim bréan di chun na fírinne a rá - 'NAMA fatigue' is dócha.

    ReplyDelete
  4. Tá daoine ann a chloiseann 'asail', a Ormondo...:-)

    Is maith liom treo d'fhocail, a Chailliomachais, muid ar chomh-mheabhair...:-)

    Táim chomh tuirseach leatsa, a Dave, ach tá na hailt uile as na páipéir priontáilte agam, agus beidh mé á léamh arís, is arís, is arís...go bhfeice mé an bhfuilim in ann ciall ar bith a dhéanamh den rud...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.