Friday, September 18, 2009

Fear Teanga

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach rinne mé rud aréir a gheall mé dom féin go ndéanfainn ó bhí mé óg. Ní inniu ná inné a bhí mise óg, bíodh a fhios agaibh. Sea, táim i bhfad níos sine anois ná mar a bhíodh mé agus mé i m’óige. Sin an saol. Níl leigheas air. Caithfear ligean leis na blianta dul thart, mar is iondúil leo a dhéanamh. Ní féidir iad a stopadh, fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a stopadh, rud nach bhfuil uaim, le bheith fírinneach faoi. Ní miste liom m’aois. Is mór an mhaith sin, is dócha.

Anois, cá raibh mé? Oh sea, an rud sin aréir. Is dócha gur thug mé faoi deara go raibh an fonn orm agus mé ag dul isteach sa mheánscoil. Bhí mé aon bhliain déag d’aois, nó mar sin, agus bhí mé i ngrá, creid é nó ná creid, le scríbhneoireacht. Is grá é a mhair ar feadh mo shaoil, ach a cuireadh i leataobh nuair a tháinig an grá mór eile sin, an Garraíodóir, isteach i mo shaol. Choinnigh seisean mo chuid aire dírithe airsean, agus ar an teaghlach a chuir sé faoi mo chúram, go dtí le gairid.

Ar ndóigh, tá m’aire dírithe airsean fós, ach tá na páistí bailithe leo agus tá am agam le haghaidh mo chéad ghrá arís. Tuigeann an Garraíodóir é seo, agus tá sé sásta mé a roinnt. Fear tuisceanach. Tá a fhios aige go maith nach féidir an rud atá sa nádúr a stopadh, ná fiú srian a chur air, ná orm. Fear ciallmhar.

Le scéal fada a dhéanamh den scéal nach raibh in ainm agus a bheith chomh fada seo, d’fhreastail mé ar cheardlann scríbhneoireachta aréir; Short Story Creative Writing Workshop, lena ainm ceart a thabhairt dó. Bhí cúigear ban eile ann, agus fear an tí é féin – stiúrthóir na ceardlainne, chan an Garraíodóir. Chaitheamar an chéad pháirt den oíche ag cur aithne ar a chéile, agus ag dul i dtaithí ar mhodh oibre na ceardlainne. Uair an chloig caite.

Sa dara cuid den oíche, bhí orainn píosa scríbhneoireachta a dhéanamh. Cúig nóiméad caite. Sea, sin mar a tharla sé. Thug an stiúrthóir téama dúinn, siúlóid faoin tuath, agus dúirt ‘off you go until I say stop’. Ní raibh deis againn fiú anáil a tharraingt, ach ár gcloigne a chromadh ar an bpíosa páipéir os ár gcomhair agus iad a mhaisiú le focail. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, nó mar sin, chualamar ‘okay, you can stop now, and you may read them out for me now’.

Anois, tá a fhios agaibh go mbímse ag rámhaille, a léitheoirí, agus sin go díreach a rinne mé agus mé ag maisiú liom, gan stró, ar feadh chúig nóiméad, focail áiféiseacha á scríobh agam faoi dhaoine samhailteacha. Roinn mé an scéal rámhailleach áibhéalach sin leis an stiúrthóir agus leis na mná. Rinne mé amhlaidh leis an nGarraíodóir ar filleadh abhaile dom ní ba dhéanaí.

“You don’t mean to tell me you read that out to them?” a d’fhiafraigh sé, ar chloisteáil na focail ‘it reminded her of her dull dreary first husband’ ag teacht go bródúil as mo bhéal; na focail sin mar chuid den phíosa cruthaitheach samhailteach sin a scríobh mé, an dtuigeann sibh, a léitheoirí ciallmhara cliste.

Why, what’s wrong with it?” a d’fhiafraigh mé féin, stad tobann curtha leis na focail bhródúla chruthaitheacha, iad imithe in aimhréidh teann suaite.

They might think you’re talking about me!” arsa an t-aon fhear céile a bhí riamh agam.
.

3 comments:

  1. Bainim an-sult as do bhlag a Mhise Áine.Tá mé chinnte go n-éireoidh leat sa scríobhnóireacht, cad faoi leabhar as Ghaeilge ?

    ReplyDelete
  2. Aontaím le John M. Treise leat. Léim do chuid agus bainim sult as. An saol agus an saothar? Léitear ceann amháin ar an gceanna eile? Léitear. Ach bíonn dul amú mór ar na daoine a dhéanann, dar liom.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh, a fheara. Tugann bhur moltaí misneach dom leanúint ar aghaidh.

    Bainim sult as an scríbhneoireacht, agus cuireann suim agus sult léitheoirí go mór leis an taitneamh a bhainim as.

    Maidir leis an leabhar sin, a John M, táim ag foghlaim na ceirde chuile lá, ach beidh le feiceáil an mbeidh toradh ón rámhaille...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.