Saturday, November 28, 2009

Ceart á Cheilt

Más buan mo chuimhne, bhí mé sé bliana d’aois an chéad uair a thug mé é faoi deara. Ar ndóigh, b’fhéidir gur tharla sé ní ba luaithe ná sin, ach sin an chéad chuimhneamh atá agam féin ar an rud. Is léargas é a d’fhan liom ar feadh mo shaoil. Níor athraigh mé m’intinn riamh ar an ábhar. Agus, is mar sin a airím fós, bíodh mé ceart nó mícheart.

Cleachtadh don Chéad Chomaoineach a bhí ann, agus bhí mé ar mo ghlúine ag ráille na haltóra ag an séipéal i dTír an Fhia. Bhí ár rang iomlán, rang a haon, is dócha, saor ó ranganna na scoile, agus bhí na múinteoirí ár réiteach don Chéad Chomaoineach, ócáid a bhí le bheith ann go gairid ina dhiaidh sin.

Bhí an múinteoir, agus cuiditheoir, taobh istigh de na ráillí, ar thaobh na haltóra, agus bhí muidne, rang a haon, ar ár nglúine, ar an taobh eile de na ráillí. Bhí an múinteoir ag glacadh áit an tsagairt, ag dáileadh amach na bpíosaí d’abhlann, agus ag rá ‘Corp Chríost’. Bhí an cuiditheoir á leanúint leis an bpaiteana, agus á chur faoi smigeanna na bpáistí, ar fhaitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár, de thimpiste. Rud millteanach a bheadh ann dá dtitfeadh an ‘comaoineach’, rud a chonaic mé ag tarlú geábh i séipéal Leitir Móir, agus is dráma é atá fós ar shúile m’aigne, cé nach raibh mé ach an-óg ag an am.

Cibé scéal é, bhí mise ar dhuine de na páistí deireanacha sa líne ag na ráillí ag an gcleachtadh, agus bhí mé ag coinneáil súil ghéar ar mo chomhghleacaithe, le cinntiú go ndéanfainn féin an rud ceart, an rud a bhí a dhéanamh acusan, bhí súil agam – lámha le chéile, abair ‘áiméan’ nuair a déarfadh an múinteoir ‘Corp Chríost’, cuir do chloigeann siar, dún do shúile, cuir amach do theanga, glac leis an gcomaoineach, dún do bhéal, cloigeann síos arís in ómós, coisriceann tú féin, éirigh go réidh agus go cúramach, agus siúl leat go dtí do shuíochán, cloigeann síos go hómósach.

Is cuimhin liom an fhainic a fuaireamar maidir leis an gcomaoineach a bhí anois inár mbéal – gan d’fhiacail a ligean in aice leis, sé sin le rá, ná cogain é, ar ór ná ar airgead, agus gan é a shlogadh, más buan mo chuimhne, go dtí go rabhamar ar ais sa suíochán as ar thángamar; agus é a shlogadh ansin, i gcuideachta paidre, súile dúnta arís, cloigeann síos arís, in ómós.

An faitíos a bhíodh orm féin, agus is fiorfhaitíos a bhíodh ann, ná go rachainn isteach sa suíochán mícheart ar mo bhealach ar ais - nílim iomlán cinnte nach peaca marfach a bheadh ansin freisin, dá dtarlódh a leithéid – agus is minic fonn múisce orm teann faitís go ndéanfainn é, nó go gcuirfinn m’fhiacail ar an gcomaoineach. Go sábhála cibé Cé sinn, ach ní raibh sé ceart, ar chor ar bith, an cineál sin faitís a bheith ar pháiste, ach sin mar a bhíodh, agus sin mar a d’fhulaing mise ag lámha an chreidimh a brúdh orm ag an am.

Ar aon nós, bhí mé ar mo ghlúine ag na ráillí, lá úd an chleachtaidh, agus bhí an múinteoir ag teacht níos gaire. Thosaigh an fonn múisce arís, an faitíos ag méadú i rith an ama, an faitíos go ndéanfainn botún, an faitíos go dtitfeadh an ‘comaoineach’ ar an urlár. Cé nach raibh ann ach cleachtadh, bhí mé iontach buartha, mar sin féin. Agus rith an smaoineamh liom an lá sin, gan mé ach sé bliana d’aois, ‘Níl sé seo ceart!’.

Níor athraigh m’intinn ón léargas sin ó shin. Ní raibh sé ceart an t-am sin, agus níl sé ceart fós, go gcuirfeadh aon chreideamh, ná aon sagart, an oiread sin faitís i gcroí páiste. Ach tharla sé, agus tharla rudaí i bhfad níos measa ag lámha na sagart. Chan chuile shagart, ach i bhfad barraíocht acu, mar is eol dúinn anois.

Agus, níos measa arís, bhí daoine istigh agus taobh amuigh den eaglais ar an eolas faoi, agus lig siad leis leanúint ar aghaidh, in áit amháin nó in áit eile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus, níos measa ná sin arís, chuidigh siad leis an gceilt, agus, dá bhrí sin, chuir siad leis an bpian, agus chuidigh siad leis na sagairt an faitíos a mhéadú i gcroíthe na bpáistí soineanta.

Ní raibh sé sin ceart.
.

Thursday, November 26, 2009

X Factor agus na Oilimpeacha Speisialta


Is cuma an bhfuil nó nach bhfuil Jedward páirteach sa chlár níos mó, más rud gur suim leat an chraic a bhaineann leis an gclár X Factor, agus más mian leat tacaíocht a thabhairt do na Oilimpeacha Speisialta, is féidir leat ticéid a cheannach don chóisir, atá luaite san fhógra thuas, ach scríobh chuig xfactor@specialolympics.ie.
Is féidir, freisin, tuilleadh eolais faoin gcóisir a fháil anseo, nó fiú síntiús a thabhairt ansin freisin.
.

Lá An Altaithe

Mo bhuíochas do Róislín as an lá seo a chur i gcuimhne dom an tseachtain seo.

Tá a fhios agam go bhfuil sibh ann, i Meiriceá, a thugann cuairt ar mo bhlag go rialta, agus is mór liom bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.
.

Wednesday, November 25, 2009

Ní Flow Eflow

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, nílim in ann tiomáint na laethanta seo, agus tá an Black Babe bhocht ina suí go ciúin socair brónach taobh amuigh de Cheann Scríbe le coicís anuas.

Chuir sé iontas orm, mar sin, nuair a fuair mé STR (Standard Toll Request) sa phost, ó eflow, ar maidin, é curtha i mo leith acu go ndeachaigh an Black Babe, gan cead ná cúram, agus gan pingin rua a íoc leo, trí Dhroichead Dola an M50 ag an am céanna agus a bhí mise sínte ar An Bord Snip, ag dul faoi scian.

Bhuel, amach liom ar an bpointe, an litir i mo lámh, agus labhair mé leis na mBlack Babe. Bhí sí ag caoineadh - nó b’fhéidir gur deora báistí a bhí ann - ach, cibé scéal é, bhí a fhios agam, ar an bpointe, gan focal a chloisteáil uaithi, nach raibh oiread is míle amháin tiomáinte aici ó bhí mé féin á stiúradh go deireadh.

Chuir mé glaoch ar eflow, agus bhí Amy ansin iontach deas liom. Rinne sí ‘close up’ ar an bpictiúr a bhí acu den charr-dána-nár-íoc, agus chomh luath agus a chuala mé ‘dirty numberplate’ uaithi, bhí a fhios agam nach í mo Bhlack Babe a bhí ann- ní bhíonn an carr sin salach riamh! Cibé scéal é, bhí an uimhir mhícheart faighte acu, bhí Amy iontach aiféalach, agus ghlan sí m’ainm den liosta ar a mbíonn ainmneacha na ndaoine-dána-nach-n-íocann.

Is léir go dtarlaíonn na cineálacha botún seo go rialta, mar gur tharla an rud ceannann céanna don Phluiméir, níl sé i bhfad ó shin. Fuair sé an STR, agus an carr lena raibh a ainm luaite, bhuel, bhí sí imithe ar shlí na fírinne le blianta fada roimhe. Chuir sé scairt ar eflow, agus dheimhnigh siad féin go raibh botún déanta acu, chomh luath agus a bhreathnaigh siad go géar ar an bpictiúr a bhí acu. Uimhir mhícheart arís.

Ar ndóigh, ba chuma leis an bPluiméir, mar is leaid iontach réchúiseach tuisceanach é, agus bhí sé ar tí slán agus beannacht a fhágáil leo, nuair a thosaigh an comhrá arís, rud éigin mar seo:

eflow: There is another STR on its way to you this week …
Pluiméir: What for …
eflow
: You don’t own a bus, do you…
Pluiméir: No…
eflow
: Just ignore it then…
.

Sunday, November 22, 2009

An Turas go Tír na nÓg

An tseachtain seo caite, tháinig drochscéal amach is amach aniar aduaidh ar mhuintir Chonamara, Árann, Áth Cinn, agus Loch Gorman. Fuair Sarah Byrne, Sorcha Rose McLaughlin, Teresa Ní Mhaolaoidh, agus Marie Stephanie Ní Chonghaile bás i dtimpiste uafásach, agus tá a gcara, Michelle Ní Dhomhnaill as Cill Rónáin, go dona tinn fós san ospidéal.

D’éist mé leis an gclár Ardtráthnóna ar phodchraoladh anseo cúpla lá ó shin. Ar an gclár, bhí Máirtín Tom Sheáinín ag labhairt leis an Athair Mícheál Ó Braonáin as Leitir Móir, áit arb as do Theresa, agus bhí sé ag labhairt le mo dheartháir, Eoin, lena mbíodh Marie Stephanie ag obair ag an deireadh seachtaine.

Bhí an clár iontach brónach, crua ar rannpháirtithe agus ar éisteoirí, cheapfainn, gan trácht ar dhuine ar bith atá muinteartha leis na mná óga áille sin atá imithe ar shlí na fírinne.

Go mbeidh sólás acu, agus ag muintir Mhichelle, cailín atá fós go dona tinn, agus ag a gcuirim gathanna dearfacha go laethúil.

Dán thíos a chum mé inné, i gcuimhne agus i gcomhbhrón.

Ógbhás

Ciúnaíonn toirneach ‘s tintreach
Fiú má réabann siad spéir an domhain mhóir
Ach má ghoidtear uait guth binn na naíonán
Ansin ciúnaítear choíche a nglór

Maolaíonn gála na gaoithe
Fiú má shéideann i bhfiántas is sceoin
Ach má mhúchtar ort anáil an linbh
Ní mhaolaíonn an caoineadh ná’n brón

Imíonn sneachta ‘s leac oighir
Fiú má luíonn ar gach garraí ‘s bóthar
Ach má thógtar uait barróg an pháiste
Ansin imíonn uait boige ‘gus teocht

Triomaíonn deora na báistí
Fiú má shileann siad deora ar dheoir
Ach má sciobtar uait beatha an óige
Ní thriomaíonn na deora go deo.


Ó chum mé an dán sin, chuala mé, ar maidin inniu, go bhfuair leaid óg, sé bliana déag d’aois, as Ceantar na nOileán, bás i dtubaiste bhóthair aréir, díreach siar an bóthar ón áit inar tógadh mé féin. Guím ar a shon, agus ar son na dteaghlach uile atá faoi bhrón inniu.
.

Thursday, November 19, 2009

Riail 5

Nílim ag dul ag labhairt faoin gcluiche sin aréir, mar táim cinnte go bhfuil sibh bréan ag éisteacht leis an gcraic uilig faoi sna meáin inniu.

Beidh bhur n-intinn socraithe agaibh ar thaobh amháin nó ar thaobh eile faoin am seo, agus ní athróidh a dhath uaimse toradh an chluiche,toradh bhur gcinntí, fiú dá mbeadh a dhath sa bhreis le cur agam féin leis an scéal, rud nach bhfuil. Ceapaim.

The decisions of the referee regarding facts connected with play are final. The referee may only change a decision on realising that it is incorrect or, at his discretion, on the advice of an assistant referee, provided that he has not restarted play or terminated the match.’

An méid sin as Riail 5, a léitheoirí, an riail atá luaite de shíor inniu, maidir le hobair an réiteora aréir. Bím i gcónaí rud beag amhrasach faoi riail a thugann cumhacht mar sin do dhuine ar bith, cumhacht a thugann stádas uilechumhachtach, bíodh an duine sin ceart nó mícheart. Ach sin mise. Baininscneach. Ceisteach. Rámhailleach.

Anois, samhlaigh tú féin istigh i gcarr, fear le do thaobh agus é ag tiomáint an chairr. Níl a fhios aige an bhfuil sé ar an mbóthar ceart, ach tá sé ag dul suas agus síos chuile bhóthar, neamhaird iomlán a dhéanamh aige den ‘assistant’ lena thaobh, leis an léarscáil oscailte, an treo ceart marcáilte ar an léarscáil, agus fios an treo sin ag an mbeirt acu.

Is cuma cé chomh minic agus a ‘realising’áileann an tiománaí go bhfuil sé ‘incorrect’, coinníonn sé air ag tiomáint sa treo mícheart, gan aon cheist a chur. Tá an carr ‘restarted’ aige, an dtuigeann sibh. Coinníonn sé air ag imeacht. Eisean atá sa ‘driving seat’.

Tá an ‘final’ cinneadh déanta aige. Tá an t-aistear ‘terminated’. Cé go bhfuil sé san áit mhícheart, tosaíonn sé ag feadaíl. Is cuma leis. Tá sé uilechumhachtach, an dtuigeann sibh.
.

Na Wombles agus Women's Things

An cuimhin leat The Wombles, a léitheoir? Más cuimhin leat iad, seans go bhfuil tú chomh sean liom féin mar sin, nó gar go maith dó.

Bhí an banna ceoil The Wombles ar an bhfód nuair a bhí an Garraíodóir agus mé féin inár meán-déaga, agus bhí na hamhráin uile ar eolas againn – The Wombling Song, Remember You’re a Womble srl. Cheapamar go raibh siad iontach ag an am agus, go deimhin, is dócha go raibh siad iontach ag an am sin. Sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí. Bíonn a sheal féin ag chuile rud.

Nuair a chaill mé mo bhroinn agus m’ubhagáin le deireanaí, bhí a seal liom tagtha chun críche, ar bhealach. Lena linn, agus lena gcomhoibriú, bhí an t-ádh liom gur éirigh liom triúr páistí a shaolú, ach nuair a thosaigh fás de shaghas eile ag tarlú ar an mbroinn, ceann gan chontúirt, ach ceann nár chóir bheith ann, mar sin féin, ní raibh i ndán dóibh ach imeacht, ar mhaithe le mo shláinte féin.

Chuir sé iontas ar dhuine nó dhó gur labhair mé, go hoscailte agus gan náire, ar ‘women’s things’, mar a thug fear amháin air, ar chloisteáil dó, ón nGarraíodóir, go raibh mé san ospidéal. Tuigim é sin. Tá daoine ann agus ní féidir leo, nó ní theastaíonn uatha, labhairt ar a bhfadhbanna sláinte, ná ar fhadhbanna sláinte daoine eile. Tá an ceart sin acu.

Thug mé faoi deara go mbíonn sórt faitís ar dhaoine labhairt faoi ghalair agus faoi thinneas, mar a bheadh siad ag ceapadh go gcuirfeadh anáil na bhfocal luas gan leigheas faoin rud. Ach, chomh maith céanna, meabhraíonn daoine eile gur rud príobháideach atá ann, agus nár chóir labhairt ar ‘women’s things’ ná, is dócha, ar ‘men’s things’, ach an oiread. Agus tuigim sin.

Mar sin féin, táim den bharúil, macasamhail mo dheirfiúr, gur fearr i bhfad labhairt amach faoin tinneas, gan faitíos agus gan náire, le go dtuigfidh daoine an tábhacht a bhaineann le fáthmheas luath, agus le hidirghabháil luath, agus go dtuigfidh siad, freisin, gur féidir an lámh is fearr a fháil ar an bhfadhb. Chan i gcónaí, ach go minic, má éiríonn le duine dul i ngleic leis in am. Cuidíonn tacaíocht agus tuiscint, creidim féin.

Gabh mo leithscéal, a léitheoir, más rud gur chruthaigh mé aon deacracht duit agus an t-ábhar faoi chaibidil agam. Níorbh é sin mo mhian. Rinne mé iarracht rúinín beag de ghreann a chur san áit a mbíonn faitíos go minic, agus d’iarr mé tacaíocht an dearcaidh dhearfaigh, rud a fuair mé go fial, go raibh maith agaibh. Ar scáth a chéile…

Cibé scéal é, ar maidin inniu, agus ceann nó dhó de C’s na Maidine ag rith liom trí mo smaointe sa leaba, d’fhiafraigh an Garraíodóir,

What are you thinking of?’
I’m thinking of The Wombles,’ arsa mé féin.
What about them?’, a d’fhiafraigh sé, tar éis dó véarsa nó dhó de The Wombling Song a chasadh dom.
I was just thinking,’ a dúirt mé, ‘that I am a member of The Wombles + s group now’.
What group is that?’ a d’fhiafraigh an Garraíodóir.
The Wombless,’ arsa mé féin.

Sláinte, a léitheoirí, agus bainigí sult as an bpíosa staire seo.
.

Wednesday, November 18, 2009

Éire -v- An Fhrainc, Am Breise

Tá sé thart, agus tá an toradh againn...

Éire - 1
An Fhrainc - 1

Ah bhuel, lámh agus liathróid...
.

Éire -v- An Fhrainc, Dara Leath

Ag deireadh an dara leath: Éire 1 - An Fhrainc 0

Am breise anois...bímis dóchasach!
.

Éire -v- An Fhrainc

Éire chun tosaigh! Woohoooo

Ach, níl ach leathuair caite...bímis dóchasach!
.

Monday, November 16, 2009

Tomaí Ó Conghaile agus a Nós*anna

Ar dhuine de na daoine uaisle a casadh orm ag an Oireachtas ag tús na míosa, bhí Tomaí Ó Conghaile.

Cé nach bhfuil aithne phearsanta agam ar an bhfear, ach amháin gur bhuail mé leis geábh i mBéal Feirste, agus uair amháin eile ar an Spidéal, thug mé faoi deara, ar an bpointe, gur fear ar leith é Tomaí. Tá fuinneamh iontach aige, agus tá an fuinneamh sin á chur aige, feictear dom, le grá agus díograis, isteach sa tacaíocht iontach a thugann sé don Ghaeilge, agus do mheáin chumarsáide na Gaeilge.

Mar sin, ní haon iontas dom é a chloisteáil go bhfuil an fear seo, Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir agus eagarthóir nós* fear atá ina láithreoir ar an gclár Blas le B.B.C. Raidió Uladh agus a bhíodh, roimhe sin, le Raidió Fáilte; fear a bhíodh, agus a bheas arís, ina láithreoir ar an gclár teilifíse Imeall Geall leis an B.B.C., agus fear a bhíodh ina iriseoir leis an nuachtán laethúil Lá Nua; ní chuireann sé iontas orm go bhfuil Tomaí tar éis babhta ceannais Eircom NI Young Entrepreneur of the Year a bhaint amach, gan é ach mí ó bronnadh an gradam ‘An Suíomh Gaeilge Is Fearr’ ar http://www.nosmag.com/ ag na Irish Web Awards 2009. Go n-éirí go geal le Tomaí Tarraingteach Tiomáinteach!

Mo chuimhne, tá síntiús glactha agam le Nós* ó tháinig an iris ar an bhfód, agus áthas orm go ndearna mé é sin. Níl ar an iris, creid é nó ná creid, ach €40 in aghaidh na bliana, agus tagann gach eagrán sa phost chuile mhí. Aithníodh ardchaighdeán na hirise ag Magazines Ireland Awards 2009 nuair a d’éirigh léi áit a bhaint amach ar an ngearrliosta ‘Best Consumer Magazine’, agus léim gurb é sin an chéad fhoilseachán Gaeilge a fuair a leithéid d’ainmniúchán riamh. Maith sibh uile ar an bhfoireann!

Rith sé liom gur iontach an bronntanas Nollag a bheadh ann síntiús a ghlacadh leis an iris do chlann, mar shampla, ina bhfuil déagóirí agus tuismitheoirí le Gaeilge acu, nó le suim acu sa teanga agus i gcúrsaí reatha a bhaineann le ceol, scáileán, teicneolaíocht, faisean, beatha, taisteal srl.

Más mian libh é sin a dhéanamh agus brontannas deas na Nollag a thabhairt, nó fiú síntiús a thógáil duit féin, agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann uile atá ag obair go deonach leis an iris go dtí seo, is féidir é sin a dhéanamh anseo.
.

An Géibheann; Ag Géilleadh Agus Ag Éalú

Ní bhíonn a fhios agam, go n-éirím ar maidin, cén sórt lá a bheas ann. Ní ag caint ar aimsir atáim, cé go gcuidíonn sí liom má choinníonn sí an bháisteach ar shiúl, ach braitheann an lá go mór ar an méid fuinnimh atá agam ag an nóiméad sin a gcuirim mo chosa fúm ar maidin.

Tógaim coiscéim nó dhó i dtreo na fuinneoige, agus faoin am a shroichim an fhuinneog, bíonn a fhios agam, is cuma cén scéal a bhíonn ag an aimsir romham, an lá istigh nó an lá amuigh a bheas ann; sé sin le rá, an mbeidh orm géilleadh don easpa fuinnimh, agus fanacht i ngéibheann, nó an mbeidh mo dhóthain fuinnimh agam le go mbeidh mé in ann éalú ón teach, agus fuinneamh an dúlra a tharraingt chugam féin, rud a chuidíonn liom, go mór, mé féin a chneasú agus a láidriú.

An lá cheana, d’fhág Séamus teachtaireacht ag insint dúinn go bhfuil a bhean bhocht ar leathchois na laethanta seo, agus chuir sé an dán thíos i gcuimhne dom; dán a scríobh mé agus mé féin faoin stró céanna cúpla bliain ó shin.

Cibé scéal é, tá mé á roinnt libh inniu, ceann de na laethanta annamh sin nach féidir liom éalú ón teach, faraor, ach mé buíoch go bhfuil an méid atá luaite agam sa dá véarsa dheireanacha i Leathchois mar bheannacht i mo shaol, i gcónaí, anseo i gCeann Scríbe.


Leathchois

Maidin Lá Nollag ciúnas fós i mo theaghlach
Bhí aer úr an gheimhridh taobh amuigh do mo mhealladh
Chuir mé orm mo bhróga is d’imigh mé liom
Le láidreacht is fuinneamh i ngach coiscéim uaim

Ní raibh mé ag súil leis an tubaiste a tharla
Ach thit mé ‘s bhris mé cnámh rúitín ‘s sáile
San ospidéal a fuair mé an plaster-of-Paris
A d’fhág mé ar leathchois feadh míosa nó thairis

Ní raibh mé in ann bogadh gan cuidiú gan stiúir
Mé místuama ar chrutches, mar óltach ag siúl
Ag tógáil dhá thaobh de gach bóthar ‘s slí
Mar sin d’fhan mé sa mbaile ar tholg im shuí

Ar dtús bhí m’fhear bocht do m’fhreastal gach lá
Mo chothú, mo bheathú, mo ghléasadh go breá
Ach faoin aonú lá déag bhí sé réidh leis an aire
É spíonta ag réiteach, ag tacú, ag faire

Ansin thuig mé an dúshlán a bhí amach romham
Bheadh orm na crutches ‘s cosa a chur fúm
Is cúraim an lae a dhéanamh mé féin
Le crógacht na mban a dhéanfainn-se é

An staighre is mó a chuir tús le mo cheacht
Teastaíonn dhá chois lena dhéanamh i gceart
Mar sin suas ar mo ghlúine gach oíche a chuas
Is anuas ar mo thóin gach maidin le luas

Folcadh a thógáil, ní raibh mé in ann
Showers amháin a choinnigh mé glan
Cois amháin taobh istigh is ceann eile amuigh
Uisce ar urlár ag imeacht le sruth

Cupán tae, bhí mé in ann é a dhéanamh
An citeal a fhiuchadh, an cupán a líonadh
Ach diabhal blogam den tae a fuair mé le líochán
Mar gur dhoirt mé an lot ‘s mé ag déanamh ar shuíochán

Ach ní buaireamh amháin a bhain le mo dhán
Fuair mé aire thar cuimse ó chairde is clann
Bhí daoine ag glaoch orm ag doras, ar fón
Ni raibh mé riamh i m’aonar ar tholg an bhróin

Ar leathchois a bhí mé ar feadh píosa im shaol
Gan saoirse na folláine mar b’iondúil liom í
Ach tuigim go maith go raibh fáth le mo thriail
Athoscailt mo shúile ar áilleacht an tsaoil.
.

Monday, November 9, 2009

Triail

Táim sa bhaile arís. Go deimhin, táim sa bhaile ó thráthnóna Dé Sathairn, ach ag glacadh rudaí go réidh. Níl aon rogha agam, leis an fhírinne a rá.

Tá mo chloigeann bocht tuirseach, cé go bhfuil mo chorp láidir go maith. Bhí mé in ann siúl go mall réidh maidin Dé Sathairn, mo bhealach a dhéanamh ón leaba san ospidéal go dtí carr an Gharraíodóra gan chuidiú, ach chaith mé an chuid eile den tráthnóna sa leaba i gCeann Scríbe. Tá sé féin ag tabhairt aire mhaith dom, caithfidh mé a rá.

Glacfaidh sé am don ainéistéiseach a bhealach a dhéanamh amach as mo chorp, deirtear liom, agus is é sin atá mo choinneáil siar rud beag. Ach, is cuma. Chuaigh mé ag siúl ar feadh 10 nóiméad inniu, suas agus síos an bóthar taobh amuigh den teach, an ghrian ag soilsiú orm, an ghaoth ag líonadh mo scamhóga le haer úr. Ní airím aon phian, a fhad is nach gcuirim aon bhrú orm féin, rud nach bhfuil ceadaithe go ceann mí nó mar sin, fiú dá mbeadh an fuinneamh agam, rud nach bhfuil fós.

Fiú agus mé slán sa bhaile, bhí mé rud beag brónach, mar sin féin. Tháinig scéal chugam ar maidin, ó mo chara, go bhfuil a fear álainn imithe ar shlí na fírinne. Tá sé ceithre mhí ó chualamar nach raibh fágtha aige ach seal, agus tá an seal sin tagtha chun críche.

Agus, sin an saol, a léitheoirí, chuile dhuine agus a thriail féin rompu. Níl aon ghearán uaim, mar is éasca mo thriail i gcomparáid leis an méid atá ag titim amach i dteach mo chara. Tá cneasú romhamsa, cinnte, ach go bhfóire Cé orainn, nach crua i bhfad an bóthar atá le siúl ag an mbean bhocht sin anois.

Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí sin uaibh, a fheara. Is mór liom bhur mbeannachtaí uile. Coiscéimeanna beaga uaim go ceann tamaillín, ach beidh mé ar ais ar mo sheanléim gan mhoill. Sin mo ghuí, agus sin mo mhian.
.

Friday, November 6, 2009

Brú na Broinne

Cúig mhí ó shin, scríobh mé anseo faoin moilliú a thug mé faoi deara i mo choiscéimeanna, le bliain nó dhó. Scríobh mé, freisin, go raibh mé ag dul i ngleic leis an réabadh nádúrtha sin, cibé an toradh a bheadh ar an iomaíocht eadrainn.

Ar aon nós, nuair a bhí mé sa Spáinn cúpla mí ó shin, bhí fadhb agam le mo dhroim, fadhb a d’fhág go raibh orm beagnach lá iomlán a chaitheamh sínte ar an tolg thall. Mar gheall air sin, ar m'fhilleadh abhaile dom, rinne mé coinne le mo dhochtúir, agus rinne seisean coinne dom le saineolaí san ospidéal.

An mhí seo caite, lá na coinne, bhí an Garraíodóir liom chuig an ospidéal. Ní raibh ceachtar againn cinnte cén sórt tástálacha a bheadh romham, agus ar fhaitíos nach mbeinn in ann tiomáint abhaile, shocraigh sé gurbh fhearr leis theacht liom, ‘to keep you company’, mar a dúirt sé féin. Tuigeann sibh féin an chraic, a léitheoirí. Is maith an rud cuideachta, go háirithe nuair nach bhfuil duine cinnte céard atá amach roimhe, agus bhí mé breá sásta an comhluadar bheith liom.

Cibé scéal é, d’fhan sé féin amuigh sa seomra feithimh, agus isteach liom chuig oifig an dochtúra. Ní haon dea-scéala a bhí romham ón dochtúir, muise, tar éis na dtástálacha uile, cé nach drochscéala amach is amach a bhí ann ach an oiread. Rinne mé mar a dhéanfadh bean ar bith eile sa chás ina raibh mé, ghlac mé leis an toradh uaidh, agus dúirt mé leis go bhfeicfinn é sula i bhfad.

Ar m’fheiceáil ag teacht ina threo, d’éirigh an Garraíodóir, a dhá láimh sínte amach, meangadh gáire ar a bhéal, féitheacha an ghrinn ag damhsa ina shúile, mar is iondúil leo, agus dúirt, ‘Well, am I stuck with you for a little while longer?’. Thosaigh mé féin ag gáire, fios maith agam go mbeadh an fear céanna croí briste dá dtarlódh a dhath dá bhean.
You are, for a lot longer,.’ a d’fhreagair mé ‘But, I have to have a hysterectomy.’

An fear bocht. Shílfeá gur sádh é, leis an dreach uafáis a tháinig ar a aghaidh chineálta. Bhí sé buartha ar mo shon, an dtuigeann sibh, cé nach raibh mé féin chomh buartha céanna. Tá fadhb agam, caithfear fáil réidh léi, sin mar atá, agus sin sin!

Cibé scéal é, táim ag dul faoi scian tráthnóna inniu, a léitheoirí, mo chás ag fanacht liom sa charr, agus An Bord Snip ag fanacht liom san ospidéal. Tá an Garraíodóir ag siúl thart agus dreach imníoch air, cé go bhfuilim féin suaimhneach go leor. Creidim gur fearr i bhfad a bheas an todhchaí nuair a bheas an fhadhb, atá mo chrá le bliain anuas, curtha díom agam. Chan an Garraíodóir, a léitheoirí, ach mo bhroinn!

Ní bheidh mé libh arís go dtí go mbeidh mé ar ais sa bhaile, i gceann lá nó dhó, nó trí...

Idir an dá linn, agus más mian libh, déan cibé rud a dhéanann sibh le gathanna dearfacha a chur i dtreo Cheann Scríbe. Beidh siad de dhíth ar mo Gharraíodóir bocht.

Ná bígí uaigneach i m’uireasa.

.

Tuesday, November 3, 2009

Seáinín Smaoiseach ag an Oireachtas

Tharla sé go raibh an fear dathúil greannmhar sin, Seáinín Smaoiseach, ag an Oireachtas, agus bhuaileamar lena chéile, anois is arís.

Chuir mé ceist air an raibh aon diabhlaíocht eile ag dul ar aghaidh aige na laethanta seo, neamhaird iomlán a dhéanamh agam den bhlonde lena thaobh, cé go bhfuil aithne mhaith agam ar an mblonde chéanna. Bhí jab le déanamh agam, ar bhur son, a léitheoirí, agus ní raibh am le cur amú agam, an dtuigeann sibh.

Bhí sé ag caint le go leor daoine, Tadhg ina measc. Creidim féin go raibh sé ag éisteacht go géar le focail Thaidhg, le go mbeadh sé in ann aithris a dhéanamh orthu arís, am éigin amach anseo. Ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh, ach bhí a chluasa géaraithe go maith aige, mar sin féin.

M’anam, a léitheoirí, nach bhfuil físeán eile curtha le chéile aige. Diabhlaí na rudaí a bhíonn ag dul ar aghaidh ag lucht Nuacht TG4 …



.

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



Sunday, November 1, 2009

Gairm le Gaeilge

Rinne Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, an leabhrán eolais dátheangach, Do Ghairm le Gaeilge/Your Career with Irish, a sheoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas inniu.

Is leabhrán é atá dírithe ar chéimithe atá líofa sa Ghaeilge, é ‘foilsithe ag Graduate Careers Ireland i gcomhar le GTI Ireland agus Fiontar DCU, le maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta’, agus is féidir é a íoslódáil ón idirlíon anseo.

Más rud go bhfuil suim ag céimithe gairm le Gaeilge a bheith acu, is fiú go mór an leabhrán seo a léamh. Tá eolas ann maidir le rudaí ar fiú aird a thabhairt orthu nuair atá post le Gaeilge á lorg ag duine, leideanna maidir le CV agus agallaimh, agus eolas faoi phoist san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, sna meáin, agus in earnáil an chultúir.

Tá cur síos ann ar na deiseanna atá ar fáil in Éirinn, le teagmhálacha úsáideacha agus le leideanna úsáideacha. Tá próifílí céimithe ann, ina gcuireann na céimithe síos ar na gairmeacha le Gaeilge atá acu féin.

Molaim go mór an Dr. Emer Ní Bhrádaigh agus a comhghleacaithe as an obair a rinneadar ar an leabhrán seo, leabhrán a bheas, i mo thuairim, ina chuidiú iontach do chéimithe atá ar thóir post, ó thuaidh agus ó dheas, ina n-úsáidtear Gaeilge.

Dea-scéal le scaipeadh, a chairde na Gaeilge!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.