Sunday, November 1, 2009

Gairm le Gaeilge

Rinne Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, an leabhrán eolais dátheangach, Do Ghairm le Gaeilge/Your Career with Irish, a sheoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas inniu.

Is leabhrán é atá dírithe ar chéimithe atá líofa sa Ghaeilge, é ‘foilsithe ag Graduate Careers Ireland i gcomhar le GTI Ireland agus Fiontar DCU, le maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta’, agus is féidir é a íoslódáil ón idirlíon anseo.

Más rud go bhfuil suim ag céimithe gairm le Gaeilge a bheith acu, is fiú go mór an leabhrán seo a léamh. Tá eolas ann maidir le rudaí ar fiú aird a thabhairt orthu nuair atá post le Gaeilge á lorg ag duine, leideanna maidir le CV agus agallaimh, agus eolas faoi phoist san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, sna meáin, agus in earnáil an chultúir.

Tá cur síos ann ar na deiseanna atá ar fáil in Éirinn, le teagmhálacha úsáideacha agus le leideanna úsáideacha. Tá próifílí céimithe ann, ina gcuireann na céimithe síos ar na gairmeacha le Gaeilge atá acu féin.

Molaim go mór an Dr. Emer Ní Bhrádaigh agus a comhghleacaithe as an obair a rinneadar ar an leabhrán seo, leabhrán a bheas, i mo thuairim, ina chuidiú iontach do chéimithe atá ar thóir post, ó thuaidh agus ó dheas, ina n-úsáidtear Gaeilge.

Dea-scéal le scaipeadh, a chairde na Gaeilge!
.

3 comments:

  1. Mh'anam ach gur fíor dhuit.

    Aon nuacht eile ón Oireachtas?

    ReplyDelete
  2. Beidh, ar ball, a Aonghuis - nuair a bheas na cuairteoirí uile imithe!

    Ar mo bhealach go Leitir Ceanainn arís inniu ...

    ReplyDelete
  3. Maith duit as an eolas a roinnt linn.Beidh an saothar seo an -áisiúil do cheimithe.Cosúil le h-Áongas tá mé ag snúth le do tuairisc ar an Óireachtas.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.