Thursday, May 21, 2009

Uafáis na Tuarascála

Bhí mo mhothúcháin trína chéile ar maidin. Bhí siad ar thóir tuisceana san áit nach bhfuil ciall ná réasún le fáil, faraor.

Bhí mé ag éisteacht le Gerry Ryan. Bhí sé ag léamh leis, as na páipéir laethúla, faoin mhí-úsáid mhillteanach a tharla do leanaí agus iad faoi chúram an stáit, más féidir ‘cúram’ a thabhairt ar an gcaoi ar caitheamh leis na páistí soineanta tréigthe sin.

Sea, bhí siad tréigthe. Agus bhí siad soineanta, sular sciobadh an tsoineantacht sin uatha; lámha brocacha salacha míchneasta ag bualadh, ag tarraingt, ag réabadh, ag maslú, ag cur ruaige ar cibé dóchas nó bladhm de ghrá a bhí ag lasadh i gcroíthe áille na bpáistí faoina gcúram.

As béal na ndaoine sin, a tréigeadh agus iad ina leanaí, a bhí na scéalta ag teacht; daoine fásta bochta leonta gonta gortaithe, ag roinnt linn scéalta na n-uafás millteanach a tharla sna hinstitiúidí stáit inar cuireadh iad.

Níos measa arís, bhí daoine ar an eolas faoi, agus ní dúirt siad a dhath. Agus lean na bulaithe ar aghaidh, gan stop, gan staonadh, ar feadh na mblianta. Ní thuigim é. Níl ciall ná réasún leis.
.

2 comments:

  1. Is iomaí rud sa tsaol seo, a Áine, nach bhfuil ciall nó réasún leis. Tá an rud a tharla ar nós bás clainne nó céile gan coinne. Tá tréimhse fhada ceistiúcháin romhainn.
    Nuair a chonaic mé leathanach tosaigh an Irish Independent innu, is é an chéad rud a dúirt mé liom féin, nó: Sin uilig é ag teacht amach anois. Faoi dheireadh beidh clabhsúr leis. Beidh muid ábalta bogadh ar aghaidh.
    Ansin, d'éist mé leis an nuacht ag a naoi agus leis na híobartaigh a d'fhulaing. Ar an drochuair, tá siad chomh gortaithe, briste, caillte is a bhí ariamh. Níl fhios agam an mbeidh biseach i ndán díobh a choíche.
    A fhad is a mhaireann siad, beidh an scanall seo os ár gcionn agus níl fhios agam cén uair i ndáiríre a bheas deireadh leis an phian. Mar phobal, caithfidh muid cluas agus cúiteamh, chomh fada agus is féidir linn, a thabhairt dóibh siúd a d'fhulaing.
    Chaith mise tamall i m'óige ag traenáil le bheith i mo shagart. Mar a tharlaíonn sé bhí an ghairm sin fágtha i mo dhiaidh agam díreach ag an am chéanna is a thosaigh na scéalta ag teacht amach faoin mhí-úsáid pháistí (lár na 1990í). Tá cuimhne agam gur mhothaigh mé faoiseamh mór ag an am, nach raibh mé mar chuid den chlub ní ba mhó, nár ghá domh rudaí a mhíniú, mé fein a mhíniú. Ansin smaoinigh mé ar mo chairde a thosaigh i Maigh Nuad liom agus a bhí (atá) go fóill ag streachailt leis an ghairm atá acu. I súile an phobail, ba diabhail iad. Chuaigh (téann) mo chroí amach chucu.
    Tá sé ró-luath le seo a rá go fóill, ach tá mé chun é a rá cibé ar bith. Tá an oiread sin daoine maithe san Eaglais, tá an oiread sin daoine atá faoi phian agus piolóid mar gheall ar rudaí nach raibh baint nó páirt acu ann, gur chóir dúinn seasamh siar ar feadh tamaill, gur chóir dúinn ár n-am a ghlacadh chun caoineadh agus macnamh a dhéanamh. Ní chóir dúinn ligint don fhearg a mhothaíonn muid uilig an lámh in uachtar a fháil orainn.
    Is athair mé. Dá dtarlódh a dhath den tseort do mo pháistí, bheinn ag iarraidh fuil mar éiric - sin mar a mhothaímse agus ar an dóigh sin, tuigim cás na n-íobartach, ach tá glór beag eile a deir liom nach dtiocfaidh a dhath maith as an doirteadh fola ach tuilleadh pian agus piolóid.
    Tá sé mall san oíche agus mé ag scríobh seo, b'fhéidir go mbeadh sé ní b'fhearr domh fanacht go maidin sula roinnfinn mo chuid tuaimirí - dá mba fhiú iad a roinnt ar chor ar bith. Is minic dearcadh níos boige againn faoi sholas maidne!

    ReplyDelete
  2. Maidin nó oíche, sé an crá croí agus coirp a bheas roimh na híobartaigh bhochta sin, a Phroinsias. Más rud é go bhfuil faoiseamh le fáil acu ón tacaíocht, tá sé sin acu, anois, ó fhormhór na ndaoine sa tír seo. Faraor nach raibh an tacaíocht sin ann dóibh nuair a theastaigh sí uatha.

    Agus is maith atá a fhios agam nach raibh tacaíocht ann, ach an oiread, do dhaoine a bhí ar an eolas faoi na hionsaithe, agus b’fhéidir nach raibh siad in ann a dhath a dhéanamh fúthu. Bhí, agus tá, fulaingt chuile áit mar gheall ar an méid a tharla. Ach is iad na híobartaigh atá i mo smaointe ar maidin, sa tráthnóna agus san oíche, ó chuala mé na scéalta sin. Tá an méid a tharla greamaithe le stair na tíre seo anois - Gorta an Ghrá.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.