Saturday, October 16, 2010

Fir Fichille

Níl a fhios agam céard sa diabhal atá ag tarlú, a léitheoirí, agus nílim cinnte an bhfuil a fhios ag na daoine atá i gceannas céard atá ag tarlú ach an oiread.

Ní raibh Brian cinnte an raibh sé ar chomhaigne le John. Dúirt Philip gur imigh sé féin, cé go ndúirt Mary gur chuidigh sí féin leis an doras a aimsiú. Agus, tháinig bualadh ón Drumm nach raibh Anglo ag súil leis, shílfeá.

Cluiche fichille a shamhlaím, a léitheoirí, le rí agus banríon i sáinn rialta ag na caisil chliste, na ceithearanaigh loma laga aonaracha ag bogadh anseo agus ansiúd ar fud na háite, gan easpag le feiceáil in aon áit na laethanta seo, ná fiú ridire ar chapall bán.

Marbhsháinn? I sáinn, pé scéal é.
.

2 comments:

  1. Íomhá dheas: ach tá rialacha soiléire ag baint le ficheall.

    ReplyDelete
  2. Is maith ann don riail shoiléir, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.