Tuesday, May 19, 2009

Traidisiúin

Tá an teach nua ag teacht chuige féin anois, cibé fúmsa! Tá an Garraíodóir agus mé féin ag cur fúinn anseo le trí lá anois, ach airím go bhfuilimid inár gcónaí anseo le blianta. Ar ndóigh, nílimid ach 50 slat ón seanteach agus is dócha gurb ionann an suíomh, fiú murab ionann an teach.

Ach ní hionann an t-atmaisféar. Níl boladh na húire anseo, an boladh sin a bhíonn i dteach nua go hiondúil. B’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil boladh úr san áit i ndáiríre, ach go bhfuilim cleachta leis faoin am seo agus nach bhfaighim é. Nó, b’fhéidir go bhfuil baint aige le traidisiúin...

Ní duine mé a chloíonn le traidisiúin, go háirithe na cinn sin nach dtugann cearta comhionannais do chuile dhuine, ach is maith liom a bheith feasach ar na traidisiúin sin a bhain le mo dhream féin, agus leanaim leo más féidir liom, agus mura bhfuil dochar iontu.

Bhí nós ann, san am a caitheamh, airgead a chur faoi bhunchloch an tí nua, le go mbeadh saibhreas sa teach i gcónaí, is dócha. Ní raibh mé sa bhaile nuair a leagadh an bhunchloch don teach seo, ach chuir mé airgead faoi urlár na cistine sular líonadh é le coincréit. Ar ndóigh, ní mar an gcéanna an dá rud, agus ba chóir do chomharsan nó duine éigin eile an t-airgead a fhágáil ann, ach is buí le bocht an beagán. Níl dochar san iarracht!

Nós a thaitníonn go mór liom ón sean-am ná an ceann a bhaineann leis an bhfód móna lasta a thógáil ó ghríosach an tseantí isteach chuig an tine sa teach nua. Ní raibh an Garraíodóir eolach ar na sean-nósanna ach bhí sé breá sásta a bheith páirteach. Ceapaim. Shiúil sé le mo thaobh agus mé ag siúl ón seanteach go Ceann Scríbe agus an gual beo ón ngríosach ar shluasaid amuigh romham. Ócé, ní fód móna a bhí ann, ach is cuma. Tháinig sé ón tine lasta sa seanteach agus sé an scéal a bhaineann leis ná go dtagann gach séan agus sonas beo leis ón seanteach isteach sa teach nua. Lasamar ár gcéad tine i gCeann Scríbe ó bhladhairí an phíosa guail sin agus más dea-chomhartha a bhí uainn, tháinig sé sna laomlasracha arda beo bríomhara a bhaist an tine nua, agus a thug isteach leo an séan agus an sonas sin - tá súil agam!

Deirtear gur chóir tae agus arán a thabhairt leat mar bhronntanas chuig úinéirí teach nua, sa chaoi nach mbeidh tart ná ocras ar na daoine sa teach sin go brách. Níor tháinig aon duine le tae ná arán fós, ach tiocfaidh siad. Seans go bhfuil a fhios agam sin mar gur fhág mé leideanna go leor le mo chairde!

Deirtear nár chóir seanscuab a thabhairt isteach i dteach nua, mar go dtugann sé salachar agus, dá bhrí sin, mí-ádh an tseantí leis. Chuir mé ruaig ar an seanscuab a bhí in úsáid ag na fir oibre agus thug mé scuab dheas ghlan bhándearg isteach liom. “I presume that’s for you!” a dúirt an Garraíodóir. Ní duine mór ‘bándearg’ é, is dócha. Sea.
.

4 comments:

  1. Píosa galánta, a Áine. Go maire sibh an teach úr, agus go mbaine sibh Ceann Scríbe amach ann! Cuirfidh mé bollóg aráin sa phost chugaibh :-)

    ReplyDelete
  2. Ná bac le post! Nach bhfuil bóthar eadrainn?

    ReplyDelete
  3. Go maire sibh bhur nuaíocht a Áine. Anois a thuigim an áit a bhfuair tú an sloinne Durkin, th'éis dom an píosa eile faoi d'athair a léamh. Bhí Durkins béal dorais linne sa mbaile i Lorgain.

    ReplyDelete
  4. Tuar Mhic Éadaigh m'athair, Clár Clainne Mhuiris m'fhear. Deacair fir Mhaigh Eo a shárú!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.