Wednesday, April 22, 2009

Paorach gnóthach

Feicim go leor ábhar suimiúil á bplé ag na blagálaithe Gaeilge eile i láthair na huaire; rudaí a bhaineann le teanga, polaitíocht, teaghlach agus cúrsaí eile an tsaoil. Ba mhaith liom níos mó ama a bheith agam le díriú ar na blaganna éagsúla mar gur suim liom an dóigh a láimhseálann daoine eile an teanga agus iad ag scríobh leo ar chúrsaí an tsaoil.

Ní ag cuardach botún ná a dhath mar sin a bhím (is cuma liom sa sioc fúthu, agus bíonn siad agam féin sách minic), ach is maith liom smaointe daoine eile a chloisteáil, agus a léamh, agus cuireann siad sin le mo stór féin, idir fhocail agus tuiscint.

Mo chuimhne, tá riail shuimiúil maidir le húsáid an tséimhithe tar éis ‘idir+agus’ le fáil ag alt uimhir 4.10 i nGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. Brú ar an gcnaipe ar thaobh na láimhe deise den bhlag anseo, an ceann dár dteideal Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (faoi Cuidiú nó Cruinneas) más suim leat é a léamh – na dt’s sin arís! Idir shúgradh agus dáiríre…

Ar aon nós, bheinn ag cur mo laidhre féin sa lathach níos minice dá mbeadh níos mó ama agam, rud nach bhfuil i láthair na huaire. Tá trí theach faoi mo chúram agam an mhí seo, (nach liom iad) agus scrúdú ar an Satharn seo chugainn. Bhí mé istigh sna trí theach cheana ar maidin, agus níl sé an naoi a chlog fós; agus tá rialacha na mBráithre sin ag fanacht go foighneach liom agus fios maith acu go bhfuil i bhfad níos mó ná trí lá de dhíth roimh an scrúdú le go mbeidh oiread na fríde de sheans agam an scrúdú céanna a bhaint. Go bhfóire Ollmháthair na Cruinne orm!

Mar sin, táim róghnóthach na hábhair éagsúla ar na blaganna eile a chur faoi mo pheann, nó faoi mo mhéar fiú! Ach beidh lá eile ag an bPaorach seo, agus is gearr uaim an lá sin, tá súil agam. Tá scéal na dtrí theach sin le roinnt, agus b’fhéidir riail nó dhó eile le plé eadrainn…

2 comments:

  1. Trí cinn de thithe! Tá tú chomh maith le Pee Flynn fadó! Go n-éirí leat leis an staidéar!

    ReplyDelete
  2. Ah, dá mba liom na tithe sin! Agus dá mbeadh an t-airgead, agus na tithe, atá aigesean agamsa, ní ag éagaoineadh a bheinn ach an oiread.

    Maidir leis an staidéar, níl le rá agam ach "Ochón ó!"....

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.