Bhí mé in áit, le déanaí, agus ba léir go raibh cruinniú de shaghas éigin ag dul ar aghaidh mar go raibh comhaid á n-iompar ag na daoine a bhí ag siúl isteach san ionad, agus málaí cáipéisí ag cuid mhór acu. Ba léir, freisin, go raibh baint éigin ag an gcruinniú le cúrsaí eaglaise, nó a leithéid, mar go raibh culaith na heaglaise ar chuid de na daoine. Mise: “Must be some sort of religious conference.” Glór le mo thaobh: “Those must be the P.Doe Files they are carrying.”
Anois, ní raibh an duine le mo thaobh ag déanamh beag den ábhar, nó ag iarraidh ceap magaidh a dhéanamh de ghrúpa ar leith, ach sé mo thaithí thar na blianta gur minic a bhaineann daoine úsáid as an ngreann, íorónta agus aorach, nuair nach féidir leo ciall ná réasún a dhéanamh d’ábhar.
Agus thuigfeá sin. Cé nach féidir lochtanna duine amháin a chur i leith na gairme iomláine lena mbaineann sé/sí, is minic an ghairm sin lochtach agus bodhar nuair a chloiseann sí Callán na gCogar. Is minic é cloiste againn, le teacht na mbinsí breithimh, go raibh polaiteoirí, dochtúirí, gardaí, eaglaisí, srl., ar an eolas faoi fhadhbanna ar leith ina ngairmeacha éagsúla, go raibh ‘cogair’ i measc a gcomhghleacaithe, go raibh ‘rud éigin’ nach raibh ‘baileach ceart’ faoin rud éigin sin, ach neamhaird an toradh, shílfeá.
Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar teann faitís. Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar teann bulaíochta. Is iomaí duine a d’fhan dall agus bodhar mar gurbh fheil sé dóibh. Is iomaí comhdhall ag comhdháil.
.
Nua ar Aonghus.eu
1 day ago
