Showing posts with label Daidí na Nollag. Show all posts
Showing posts with label Daidí na Nollag. Show all posts

Monday, November 15, 2010

An Bhfuil Tú Páirteach?

Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine faoi bhrú airgeadais na laethanta seo agus, faraor géar, tá Daidí na Nollag é féin faoi bhrú, an fear bocht. Teastaíonn cuidiú uaidh. Anois, ní airgead atá i gceist, an dtuigeann sibh, ach bréagáin nua atá uaidh.

Le seachtain nó dhó, táim ag éisteacht le Ryan Tubridy ar an raidió, suim agam san fheachtas, Toys for Tubs, atá ar bun aige i láthair na huaire. Dar leo, ag 2fm,

‘Ryan Tubridy wants lots of toys for Christmas. Not for himself, but for all the children around the country who will be in need this Christmas. We're working with our friends in St Vincent de Paul to make sure that no child is without a toy this Christmas morning. Are You In?’

Bhuel, ar maidin, chuala mé bean ó Super Valu ar labhairt le Ryan, agus tá siadsan ag dul ag cuidiú le Ryan, freisin, rud a chuideoidh go mór liomsa, agus le go leor daoine eile, ár mbréagáin nua a dheonú, ó tharla an siopa sin lonnaithe fud fad na tíre.

Ar an gcaoi sin, beidh siadsan, agus muidne, na bronntóirí, ag cuidiú le Daidí na Nollag agus, níos tábhachtaí fós, beidh muid uilig ag cuidiú le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Cinnteoidh an Cumann sin go rachaidh na bréagáin chuig na páistí áitiúla i do cheantar, na páistí sin atá ar liosta Daidí na Nollag, ach nach bhfaigheadh a mbronntanas in am, b’fhéidir, ó tharla Daidí na Nollag faoi bhrú, an dtuigeann sibh.

Ní seanbhréagáin atá le deonú, a léitheoirí, ach bréagáin nua, le bhur dtoil. Mura bhfuil siopa Super Valu gar duit, tá liosta na ‘drop off points’ uilig, agus gach eolas eile faoin bhfeachtas iontach dearfach seo, le fáil anseo.

An bhfuil tú páirteach?
.

Tuesday, September 1, 2009

Daidí na Nollag agus Donegal’s Lapland

Nuair a bhíonn cuairteoirí anseo liom, agus fonn turasóireachta orthu, bíonn mise mar thiománaí acu, le deis a thabhairt dóibh na radhairc a fheiceáil gan anró siúil, stró ná strus a chur orthu féin. Tá na gardaí thart anseo rud beag ait, an dtuigeann sibh, agus cibé faoi na radhairc, is fearr leo é nuair a choinníonn tiománaí a shúile ar an mbóthar. Sea.

Bím i gcónaí réidh le turasóireacht a dhéanamh áit ar bith sa tír seo, go háirithe más áit í nach bhfaca mé cheana. Tá radhairc Inis Eoghain feicthe go mion minic agam le mo chuairteoirí, áiteanna cosúil le Dún Fhraoigh agus Doagh Famine Village i gcónaí ar mo chúrsa taistil leo.

Tógann Daidí na Nollag an Doagh Famine Village ar cíos chuile bhliain, díreach roimh an Nollaig, agus de réir na dtuairiscí uile atá cloiste agam faoi, níl a mhacasamhail le fáil in aon áit eile. Santa’s Island, chan Daidí na Nollag. Bíonn Daidí na Nollag chuile áit, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Tá tóir chomh mór sin ar na ticéid gach uile bhliain, ó chuile chearn den tír, go mba chóir duit, más mian leat ticéid a fháil, d’ainm a chur ar an liosta anois. Tosaíonn an díolachán luath go maith agus, go bhfios dom, d’fhéadfadh cinn na bliana seo a bheith díolta cheana.

Cibé scéal é, tá d’fhainic faighte agat uaim anois. Má bhíonn an t-ádh leat, b’fhéidir nár thosaigh fear na féasóige báine ag léamh a liosta fós…
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.