Níl am agam le mé féin a choisreacan na laethanta seo, dá mbeadh fonn orm a leithéid a dhéanamh. Táim istigh sa teach nua chuile lá ag plé le fir oibre. Ach ní fair plé a bhíonn ann. Ní féidir iad a thrust.
Insíonn fir oibre bréaga. Sórt bréaga ar aon nós. Bréaga beaga bídeacha bána. Chan an pluiméir. Is leaid iontach é sin. Tagann sé nuair a iarrtar air a theacht, agus déanann sé a chuid oibre le díograis agus le dúthracht. Tá a fhios aige gur fearr sin a dhéanamh nó beidh raic ann. Tá an ceart aige. Mise a mháthair.
Ach na fir eile agus na bréaga beaga bídeacha sin, nach mbíonn bán ach dathúil go minic.”I’ll be there at 9 o’clock in the morning.”. Sin ceann dathúil. Ach, le bheith féaráilte, orm féin an locht. Níor iarr mé cén mhaidin a bhí i gceist. “I’ll be finished up by Thursday.” Sea. Dathanna an bhogha báistí ar an gceann sin.
Ní hionann seachtain i saol an fhir oibre agus an tseachtain i saol an ghnáthdhuine. Tá fad ar leith i gceann an fhir oibre. Tá sí ar a laghad dhá oiread níos faide. Ní thiteann Déardaoin an fhir oibre ar an lá céanna agus a thiteann Déardaoin an ghnáthdhuine. Nach ait sin.
Ach, táim ag teacht i dtaithí orthu. Táim ag foghlaim. Creidim go dtuigim anois iad. Tá teanga nua foghlamtha agam. Sea. Beidh 'Ceann Scríbe' réidh faoi mo choinne an tseachtain seo chugainn. Ceapaim.
.
Foilsíonn leathabairt fios fátha
12 hours ago
An ceart ar fad agat, a Áine! Ní bréagadóir mé, ach is minic bréag bhán mar sin as mo bhéal le mo bheansa!
ReplyDelete