Thursday, January 7, 2010

Ó Oileán go hInis



Sin thuas an radharc a d’fhág mé i mo dhiaidh inné, agus mé ag imeacht ó Cheantar na nOileán, agus seo thíos an radharc a bhí romham agus mé ag teacht isteach go hInis Eoghain tráthnóna inniu.




Tá sé go deas bheith ar ais i gCeann Scríbe, cé go raibh sé deacair slán a fhágáil ag mo mhuintir arís. Maidin inné, d’fhágamar deichniúir acu in Aerfort na Sionainne, iad in ainm a bheith i mBostún an tráthnóna sin. Níl siad ann fós.

Bhí mé ag éisteacht le clár Joe Duffy ar an mbealach ar ais sa charr inniu, agus bhí sé rud beag cantalach, cheap mé féin. An drochaimsir a bhí ag spochadh as, nó neamhinniúlacht na n-údarás agus iad ag dul i ngleic leis an drochaimsir, is cirte a rá. Tuigim a chás.

Chaith mé go leor ama ag tiomáint ar na bóithre le seachtain anuas, mé ag dul ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, ó Bhaile Átha Cliath go Ceantar na nOileán, ó Cheantar na nOileán go hAerfort na Sionainne cúpla geábh, agus ó chathair na Gaillimhe go Dún na nGall inniu. Níor chuir an sioc isteach ná amach orm in aon áit, ach amháin i mBaile Átha Cliath, áit a raibh drochbhail ar na bóithre, gan gaineamh ná salann caite orthu, mar ba chóir, shílfeá.

Maidir leis na cosáin, ní bhfuair siad aird ó na húdaráis in aon cheantar, feictear dom, gan trácht ar aon bhóthar nár phríomhbhóthar é. Fágadh go leor daoine sáinnithe ina dtithe, gan trácht orthu siúd a fágadh gan uisce, agus gan teas.

Glaodh ar An bPluiméir go minic Lá Nollag, daoine bochta i bpráinn agus an sioc ag pléascadh píopaí orthu, fiú na laethanta luatha sin, ach ní raibh aon chruinniú éigeandála ag na húdaráis éagsúla i mBaile Átha Cliath go dtí inniu!

Bliain nua faoi shéan agus faoi mhaise, a léitheoirí?
.

6 comments:

  1. Maidir leis na cosáin, ar an Mór Roinn tá gach aoinne freagrach as a chuid féin. Dá mbeadh an sneachta scuabtha ag gach siopa 7rl sular rinneadh oighear de faoi chosa na ndaoine, bheadh rudaí i bhfad níos fearr. Tá an donas orainn san tír seo ag cuir an milleáin "orthu siúd". Beagán freagracht muid fhéin cuid den leigheas - agus cultúr san maorlathas a thugann aitheantas don té a thógann cinntí, beag beann ar na gnáis oifigiúla, nuair is gá.

    ReplyDelete
  2. Tuigim é sin, a Aonghuis, ach táim den bharúil le blianta fada anois nach féidir brath go hiomlán ar na húdaráis in am an ghátair, mar sin ní bhím ag súil lena dhath uatha.

    Níl sé de nós agam ‘milleán’ a chur, go háirithe nuair nach féidir a bheith cinnte cé atá i gceannas ar na cinntí a dhéantar, agus nach ndéantar, go leor den am! Ní gearán é sin uaim, ach an réaltacht mar a fheicimse í sa tír seo. Chuile dhuine agus a fhírinne féin acu, mar is eol duit, a chara.

    Agus mé ag éisteacht leis an gclár sin Liveline inné, bhí an duine ‘freagrach’, ón údarás a thugann aire de na bóithre, ag maíomh nach raibh gaineamh ná salann le fáil, nó go raibh siad gann go leor, agus gurb í sin an fhadhb i mBaile Átha Cliath – chomh luath agus a chríochnaigh a chomhrá le Joe Duffy, tháinig go leor daoine gnó ar an bhfón agus iad ag cur in iúl go raibh gaineamh acu le díol, go raibh an t-eolas sin curtha ar fáil acu do na húdaráis chuí, ach nach bhfuair siad fiú freagra ar ais ó na húdaráis éagsúla. Cé gurbh fhág siad teachtaireachtaí agus ríomhphoist leis na húdaráis, ní bhfuair siad aon ghlaoch ar ais - ní raibh daoine sna húdaráis ag freagairt na bhfón, fiú! Ar ndóigh, tá a gceannaire ar laethanta saoire…

    Agus mé ag labhairt le daoine éagsúla inné faoi mhoille na n-údarás i mBaile Átha Cliatha aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb - go leor daoine faoin tuath fágtha i bpráinn le seachtain anuas – sé dúirt duine acu ‘It only became a problem when it hit Dublin, and it hit Dublin badly within the past day or two.’

    Ní cosáin atá acu faoin tuath, a Aonghuis, ach bóithre nach príomhbhóithre iad, agus sioc agus sneachta ag coinneáil go leor daoine i ngéibheann ina dtithe, más fíor an méid atá á chloisteáil agus á léamh agam ó Nollaig. Teastaíonn cuidiú uatha siúd, agus is leosan atá mo thrua. Cé leis atá an ‘freagracht’ maidir leosan, mura le na húdaráis atá sí?

    ReplyDelete
  3. Tá an dá rud ann.

    Is féidir linn féin méid airithe a dhéanamh. Ní mór do na húdaráis roinnt eile a dhéanamh.

    Tá amhras orm faoi na leigheasanna simplí a bhí á mholadh ar Livewhine - chuala cuid de. Níl gach greann ná salann feiliúnach le scaipeadh ar na bóithre. Chuala mé fear bus amháin a rinne iarracht gaineamh trá a scaipeadh, ach nár éirigh leis toisc é bheith ró mhion.

    Súil agam go bhfoghlaimeofar ceachtanna!

    ReplyDelete
  4. Maidir le daille na meáin ar nithe lasmuigh den Pháil, is fíor dhuit dar ndóigh.

    As sin neamhaird aos polaitíochta.

    As sin neamhaird na maorlathaigh.

    ReplyDelete
  5. Dá fhuaire an aimsir... is breá liom na grianghraif!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.