Monday, November 9, 2009

Triail

Táim sa bhaile arís. Go deimhin, táim sa bhaile ó thráthnóna Dé Sathairn, ach ag glacadh rudaí go réidh. Níl aon rogha agam, leis an fhírinne a rá.

Tá mo chloigeann bocht tuirseach, cé go bhfuil mo chorp láidir go maith. Bhí mé in ann siúl go mall réidh maidin Dé Sathairn, mo bhealach a dhéanamh ón leaba san ospidéal go dtí carr an Gharraíodóra gan chuidiú, ach chaith mé an chuid eile den tráthnóna sa leaba i gCeann Scríbe. Tá sé féin ag tabhairt aire mhaith dom, caithfidh mé a rá.

Glacfaidh sé am don ainéistéiseach a bhealach a dhéanamh amach as mo chorp, deirtear liom, agus is é sin atá mo choinneáil siar rud beag. Ach, is cuma. Chuaigh mé ag siúl ar feadh 10 nóiméad inniu, suas agus síos an bóthar taobh amuigh den teach, an ghrian ag soilsiú orm, an ghaoth ag líonadh mo scamhóga le haer úr. Ní airím aon phian, a fhad is nach gcuirim aon bhrú orm féin, rud nach bhfuil ceadaithe go ceann mí nó mar sin, fiú dá mbeadh an fuinneamh agam, rud nach bhfuil fós.

Fiú agus mé slán sa bhaile, bhí mé rud beag brónach, mar sin féin. Tháinig scéal chugam ar maidin, ó mo chara, go bhfuil a fear álainn imithe ar shlí na fírinne. Tá sé ceithre mhí ó chualamar nach raibh fágtha aige ach seal, agus tá an seal sin tagtha chun críche.

Agus, sin an saol, a léitheoirí, chuile dhuine agus a thriail féin rompu. Níl aon ghearán uaim, mar is éasca mo thriail i gcomparáid leis an méid atá ag titim amach i dteach mo chara. Tá cneasú romhamsa, cinnte, ach go bhfóire Cé orainn, nach crua i bhfad an bóthar atá le siúl ag an mbean bhocht sin anois.

Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí sin uaibh, a fheara. Is mór liom bhur mbeannachtaí uile. Coiscéimeanna beaga uaim go ceann tamaillín, ach beidh mé ar ais ar mo sheanléim gan mhoill. Sin mo ghuí, agus sin mo mhian.
.

10 comments:

  1. Fáilte ar ais.
    Nára fada go raibh tú ar do shean léim arís - agus níos fearr, nárbh é sin toisc an sceana?

    Agus go raibh suaimhneas i ndán do'd chara.

    ReplyDelete
  2. Go raibh tú ar fónamh arís sar i bhfad, a Áine.

    ReplyDelete
  3. Tuigim do chuile rud a deir tú, Áine. Agus mé gan ach scartha le mí ó tsaotharlann, fuarthas go raibh bleibín contúirteach ar mo aorta. Is cuimhin go rí-mhaith liom an mhoill a bhí ar an ainéistéiseach mo chorp a thréigin agus an t-áthas a bhí orm nuair a ceadaíodh dom, lá i ndiaidh na hobráide, cúpla coiscéim a shiúl. Coicís anonn agus mé sa bhaile le seachtain shiúil mé ceathrú míle agus an lá dar gcionn, baineadh na greamanna as mo bholg.

    ReplyDelete
  4. Tá áthas orm go bhfuil tú sa bhaile agus guím gach biseach ort, a chara dhil.

    Ar a laghad tá sibh ábalta siúl. Bhris mo bhean caol a chosa an tseachtain seo caite (an cos deas!). Tá a ualach féin le hiompar ag chuile dhuine (fiú ar chos amháin uaireanta), is dócha.

    ReplyDelete
  5. Is iontach an scéal a Áine go bhfuil tú sa bhaile comh luath.Beidh tú ag biseach i ndiaidh an lae.Seans don Gharraiodóir anois a ghrá a thaispeáint ar bhonn praictiúil.

    ReplyDelete
  6. Fáilte ar ais a Áine. Mo bhrón faoi fhear do chara, ach lúchair orm go ndeachaigh achan rud i gceart duitse!

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agaibh, a fheara. Táim ag feabhsú rud beag chuile lá, an Garraíodóir ag tabhairt aire mhaith dom...:-)

    A SheáinO, is maith liom a chloisteáil go bhfuil tú féin ag feabhsú, agus áthas orm go bhfuil an bleibín sin curtha ó chontúirt. Lean ort ar bhóthar do leasa, a chara.

    A Shéamais, is cuimhim liom go rómhaith an t-am a bhris mé mo chois féin. Scríobh mé dán, 'Leathchois' i gcuimhne ar an ngéibheann sin a d'airigh mé nuair nach raibh mé in ann siúl. Mar a dúirt tú, 'ar a laghad tá sibh ábhalta siúl', agus aontaím go hiomlán leat. Go mbeidh cneasú ar chois do mhná gan mhoill, a chara.

    ReplyDelete
  8. Fáilte ar ais, a Áine. Tá súil agam go mbeidh deis agat do scíth a ligean agus bheith ar do shuaimhneas - mar ba chóir a bheith ina phribhléid agat anois le feadh tamaillín.

    ReplyDelete
  9. A Áine,a chroí,
    Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil tú ceart go leor anois, ní fada go mbeidh tú thar n-ais ar do shean léim.
    Tóg go bog é. H xx

    ReplyDelete
  10. Go raibh maith agat, a Hilary. Táim ag feabhsú agus ag neartú, mise agus mo sheanléim ag teacht níos gaire dá chéile chuile lá...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.