Sunday, October 4, 2009

Eotanáis

Tá an lá go hálainn anseo. Cibé as ar tháinig sí, tá an ghrian inár gcuideachta inniu anseo in Inis Eoghain. Creidim féin go bhfuil sí ar thuras abhaile áit éigin, agus nach bhfuil uaithi ach breathnú ar a bhfuil ag tarlú ó bhí sí anseo cheana. Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.

Chuaigh mé amach ar siúl léi ar maidin, agus chas an Fómhar linn. Tá an abhainn rud beag níos fiáine, uisce na sléibhte ag rith léi chun farraige mar a bheadh rás ann; iad in iomaíocht lena chéile, shílfeá, cé gur ionann a luas, cé gur ionann a mianach. Comhbhua a bheas ann, creidim féin, cé nach fiú an t-eolas sin a roinnt leo. Beidh saoirse mar dhuais rompu beirt ag ceann scríbe, agus creidim féin go bhfuil a fhios acu é sin, gan gá ar bith le comhairle an daonnachtaí.

Níor chuala mé gíog ná míog ó éin ná ó bheacha; na míoltóga agus na cuileoga socair ciúin, faoi shuan leis an Samhradh, is dócha. I socracht na maidine, bhí an ghaoth ag sioscadh faoi rún leis na crainn, mar a bheadh faitíos uirthi go gcloisfidh na duilleoga céard atá i ndán dóibh.

Ach tá cuimhne an dúchais ag na duilleoga, agus tuigeann siad go rómhaith go bhfuil siad ag fáil bháis, a seal curtha isteach acu agus é in am dóibh a mbealach a dhéanamh ar ais chun na talún, áit a gcodlóidh siad i measc fhréamhacha na gcrann agus na dtom, go dtí an tEarrach. Tuigeann siad go mbeidh tacaíocht na gaoithe leo, mar is mar sin a bhíonn. Tá eotanáis an nádúir chomh nádúrtha le nádúr é féin.
.

10 comments:

  1. Píosa deas fileata, a Áine. Is maith liom an chodarsnacht a thug tú faoi deara idir glór na haibhne agus tost na n-éan.

    ReplyDelete
  2. Sin mar a bhí sé ar maidin agus mé amuigh ag siúl, a chara!

    Go raibh maith agat as na focail chineálta sin.

    ReplyDelete
  3. Bhí mé féin amuigh ag siúl maidin De Satharn.Bhí dathanna an fhomhair le feicáil don chead uair i mbliana.Is iontach an rud é meas a bheith agat ar an dúlra mar a léiríonn d`alt.Is maith liom an t-abairt "Tá eotanáis an nádúir chomh nádúrtha le nádúr é féin"chun cur síos ar a tharlaíonn don dúlra sa bhfomhar.

    ReplyDelete
  4. Ana dheas. Bhí imní orm nuair a chonac an teideal, ach an an rud is dual don dúlra, ní hionann é agus cam ghníomh an duine.

    ReplyDelete
  5. Hmmmm, a Aonghuis. An cam ghníomh í an eotanáis agus an duine i gceannas uirthi? Alt uait ar an gceann sin, b'fhéidir?

    Is iontach an rud é an dúlra, a John, agus tá an t-ádh orainn go bhfuil deis againn sult a bhaint as a roinneann sé linn...:-)

    ReplyDelete
  6. Duine ag tabhairt breith bháis agus beatha ar dhuine eile? Nó fiú ar fhéin? Baolach, ar a laghad!
    Cá bhfios cén tinfeadh a bhuaileadh mé!

    Ritheann sé liom anois freisin nach ag bású atá duilliúr an tráth seo den bhliain. Claochlú ar neach bheo atá ann - bíonn an crann nó an lus fós beo.

    ReplyDelete
  7. 'bíonn an crann nó an lus fós beo'

    Tá sin fíor, a Aonghuis, ach sciobann an ghaoth léi na duilleoga ón gcrann, seal an duilliúir tugtha chun críche aici rud beag níos luaithe ná mar a bheadh dá dtitfeadh siad chun báis gan a cuidiú..:-)

    ReplyDelete
  8. Bhuel, imíonn ná ribí gruaige le cabhair ón gcíor rud beag níos gasta ná gan é...
    ;-)

    ReplyDelete
  9. Gruaigmharfóirí muid uile...:-)

    ReplyDelete
  10. Ach tá daoine áirithe níos fearr á márú...

    Éist le habhainn agus gheobhaidh tú bás? Más duilleog thú, is dócha...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.