Monday, July 27, 2009

Aimsir

Tá drochbhail ar an aimsir ar maidin, agus ní haon ionadh sin. Bhí sise agus an ghaoth ar spraoi leis na crainn aréir, agus chuala mé í ag troid leis an abhainn ar feadh na hoíche. Tá cuma chonfach ar an abhainn ar maidin, í rud beag fiáin le fearg, shílfeá, mar go bhfuil uirthi tuilte na hoíche a thabhairt ar a droim, anuas ó na sléibhte chun farraige.

Cé go raibh sí gnóthach aréir, níl aon tuirse ar an aimsir inniu, muise, mar go bhfuil sí ag spochaireacht orm, ag taispeáint na gréine dom ó am go chéile, mar a bheadh sí ag tabhairt cuireadh dom siúl ina cuideachta; ach brúnn sí na scamaill dhorcha i mo threo ansin, agus bíonn a fhios agam go bhfuil sí ag diabhlaíocht fós.

Is fearr gan bacadh léi, agus caitheamh aimsire eile a fháil a choinneoidh deas teolaí mé faoi dhíon an tí. Ní bhuailfidh tú an baile amach ar laethanta mar seo, agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé aiteall ar ball. Má bhriseann an aimsir, rachaidh mé ag siúl ansin. Idir an dá linn, comhrá ar phár libhse anois, a léitheoirí dílis.

Le himeacht aimsire, tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfuil bun ar an aimsir. In aimsir na bhFiann, nó fiú ó thús aimsire, is dócha, dhéanfaidís tuar na haimsire de réir chomharthaí an nádúir, ach tá nósanna na seanaimsire ag imeacht le himeacht aimsire. Tá nósanna na haimsire seo ag brath ar thuar na haimsire ón teilifís nó ón raidió, cé gur maith an scéalaí an aimsir, cheapfá.

Ní rachainn féin ag siúl i gcoinne na haimsire, ach tá sé ag déanamh aitill anois agus tá an aimsir fada againn le bheith ag roinnt ama le chéile amach anseo. Fágfaidh mé sibh le seanfhocal a d’inis An Mháistreás dom le déanaí:

‘Leanfaidh an bháisteach go dtí an doras thú, ach leanfaidh an sioc isteach sa leaba thú.’

Tuilleadh faoin aimsir le fáil ar leathanach 20 do FGB Uí Dhónaill, anseo agus anseo ag Proinsias, agus anseo ag Tadhg. Go maire sibh an aimsir, a léitheoirí!
.

2 comments:

  1. Tá mo chroíse briste aici inniu. Tá cúpla mionrud le réiteach sa mhionghairdín agam inniu.

    Ach ní túisce na gléas [aibhléise] i bhfearas agam, ná go nosclaíonn an spéir. Ní túisce eirithe as agam, ná go mbíonn an brádán thart.

    Áibreáin i Mí Iúil, dar m'fhocal.

    Mí Bhuí? N'fheadar.

    ReplyDelete
  2. Tá tonn teasa neamh-iondúil ar siúl anseo i Seattle. Deirtear go mbeidh an teocht go maith os cionn 90F go cionn ceithre lá ar a laghad. Ní bhíonn aerchóiriú ar bith sna tithe anseo. Ar an dea-uair dúinn, tá leaba bhreise againn san íoslach mar a bhfuil sé réasúnta fionnuar... fós.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.