Tuesday, September 14, 2010

Smaointe na Maidine

Ó tharla nach bhfuil mo chomhleapach liom na laethanta seo, níl comhráiteach maidine agam, rud a fhágann mé féin agus mo smaointe ag labhairt lena chéile nuair a dhúisím.

Tuigeann sibh féin céard atá i gceist agam leis an bhfocal sin ‘smaointe’, a léitheoirí, nach dtuigeann? Ní ‘mianta’ atá faoi chaibidil anseo agam, bíodh a fhios agaibh, ach na smaointe sin lena ndúisíonn duine, smaointe a thagann isteach i do chloigeann, agus tú fós leath i do chodladh, nó leath i do dhúiseacht.

Is minic, liomsa pé scéal é, go dtagann smaoineamh amháin ar ais chugam, maidin i ndiaidh maidine, go dtí go mbíonn sé pléite agam go sásúil, sé sin le rá, mo mhachnamh déanta agam air, agus mo chinneadh déanta agam air, mar a déarfá.

Anois, nuair a bhím sa bhaile i gCeantar na nOileán, is minic mé i Reilig Eanach Mheáin, áit ina bhfuil daoine muinteartha, agus cairde, liom curtha. Níl ann ach go gcuidíonn sé liom mo bhuairt a chur díom rud beag, an dtuigeann sibh. Airím, go deimhin, go bhféadfainn labhairt go smaointeach leo am ar bith, áit ar bith, bíodh siad in ann mé a chloisteáil nó ná bíodh. Ag Cé atá a fhios.

Cé nach dtuigim cén fáth a gcuidíonn sé liom, tá faoiseamh, de shaghas, le fáil agam agus mé ag comhrá leo i mo smaointe, bíodh mé ag ní na soithí, abair, nó i mo shuí taobh le huaigh. Ní gá dom tuiscint a bheith agam ar an rud nach dtuigim. Glacaim leis go dtarlaíonn rudaí, fiú mura dtuigim cén fáth.

Mar sin féin, bhí eachtra Vincent Keaney i mo smaointe arís ar maidin, agus, seans, go bhfuil baint nach beag aige sin leis an áit ina bhfuilim i láthair na huaire, gar do mo mhuintir féin. Tá machnamh déanta agam ar an eachtra, agus bíodh sé de cheart aige é a dhéanamh nó ná bíodh, ní dóigh liom gur cheart do Vincent an rud a rinne sé a dhéanamh.

Is cuma céard a rinne an té atá faoin bhfód ann, is áit ghoilliúnach í an reilig, agus tá an bás féin sách crua ar an duine beo, cheana féin. Ní cóir cur lena mbuairt, i mo thuairim.

Sin mo chinneadh ar maidin, bíodh mé ceart nó mícheart.
.

9 comments:

  1. Mí urraim pháistiúil a bhí ann cinnte, agus gan mórán feidhme leis. Tá Cathal bhocht marbh; tá a dóthain fós beo a bhfeadfaí cur ina gcoinne go ciallmhar.

    An fear bocht, más é rince ar uaigh buaic a shaoil....

    ReplyDelete
  2. Úfff. Aontaím libh go hiomlán. Eachtra gránna cibé uaigh atá i gceist. Mo náire air.

    Dála an scéil, a Áine, nuair a bhíos ag staidéar fógraíochta san ollscoil, dúradh linn go dtiocfadh na smaointe is cruthaithí chuig duine díreach roimh agus i ndiaidh codlata. Ba mhinic a tháinig script chugam agus mé sínte sa leaba. Nó sa bhfolcadán ag éisteacht le BBC Raidió 4. I mo 'thearmann teochroíoch' ar ndóigh.

    ReplyDelete
  3. Tá reiligí/uaigheanna naofa toisc gur chuir muid i leataobh iad an mharbh a choinneáil. Tá sé simplí. Ná déan damhsa.

    ReplyDelete
  4. Aontaím. Agóid ghránna gan dealramh.

    ReplyDelete
  5. @ ' más é rince ar uaigh buaic a shaoil.... '

    Sea, a Aonghuis, tá sé brónach más mar sin atá an scéal leis.

    @ John - nár fuaraí do Ché do thearmann teochroíoch cruthaitheach...:-)

    @ 'Ná déan damhsa.'

    Aontaím, a Séan, nuair is uaigh an t-urlár.

    ReplyDelete
  6. @ 'Agóid ghránna gan dealramh.'

    Ní thuigim féin é, a Mhíshásta.

    ReplyDelete
  7. Aontaím, a Séan, nuair is uaigh an t-urlár.

    Cinnte! Agus nuair atá an chónra ag tosú ar damhsa a dhéanamh!

    ReplyDelete
  8. Tá an ceart agaibh. Agus cé acu atá níos measa, an "t-éacht" suarach táir ná clúdach na meán cumarsáide ina thaobh?

    ReplyDelete
  9. Leanann na meáin an scéal, a Ormondo! Is amhlaidh is fearr leo é, shílfeá, más scéal áiféiseach nó pleidhciúil atá ann...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.