Wednesday, September 15, 2010

Rogha 5 - Ireland's Greatest

An cuimhin libh gur luaigh mé Ireland’s Greatest Figures libh cheana?

Ar dtús bhí 40 acu ann, ansin deichniúr. Anois, tá an rogha 5 fógartha, agus seo chugaibh iad:

Bono
Michael Collins
James Connolly
John Hume
Mary Robinson

Dar le Wikipedia, ‘Each of the top five will be profiled in a one-hour documentary programme to be broad cast in September 2010 and presented by a public figure advocating that person's claim to the title of "greatest person". Viewers will vote for the overall winner, to be announced on The Late Late Show in October.

Beidh an chéad chlár ar siúl, ar RTÉ One, ar an teilifís, Dé Luain seo chugainn, ag 21.35 i.n. Dar leo ar shuíomh RTÉ,Former justice minister Michael McDowell explores the life of revolutionary leader Michael Collins and tries to persuade viewers to vote for him’.

Leanfaidh an tsraith ar aghaidh gach seachtain go dtí go mbeidh Bono molta ag Dave Fanning, James Connolly molta ag Joe Duffy, John Hume molta ag Miriam O’Callaghan, agus Mary Robinson molta ag David McWilliams. Beidh deis agaibh vóta a chaitheamh ansin, más mian libh.

Idir an dá linn, is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an rogha 5, ach cliceáil ar na pictiúir chuí anseo.
.

4 comments:

  1. Michael Collins bocht agus bhí an deis aige ach tá gráin (agus an ceart ar fad acu) do McDowell.

    ReplyDelete
  2. Bono? IAC.

    Is seafóideach an rud é John Hume & Mary Robinson a bheith san áireamh freisin.

    ReplyDelete
  3. Ar chaith sibh vóta roimhe, nuair a bhí an Rogha 40 ann?

    Bhí deis ag gach duine vóta a chaitheamh, agus is dócha gur vótáil an pobal, agus gur roghnaiódh an cúigear sin.

    An diabhal daonlathas sin arís...:-)

    ReplyDelete
  4. Agus Connolly an cumannach. Dia dár sábháil!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.