Wednesday, April 28, 2010

Rogha 10 - Ireland's Greatest Figures

Mar a scríobh mé anseo cheana, bhí gearrliosta de Ireland’s Greatest Figures roghnaithe ó shuirbhé MRBI a rinneadh, agus bhí 40 san iomlán ar an ngearrliosta sin.

Bhí vóta le caitheamh ag an bpobal le teacht ar ghearrliosta de dheichniúr. Tá an vóta sin caite anois, agus seo chugaibh, in ord aibítre, an deichniúr a roghnaíodh ar an ngearrliosta nua:

Bono
Dr Noel Browne
Michael Collins
James Connolly
Stephen Gately
John Hume
Phil Lynott
Padraig Pearse
Mary Robinson
Adi Roche

Dé réir mar a léim anseo, tá a fhios ag RTÉ cé hiad an Rogha 5 ón liosta sin, agus is orthu siúd a dhéanfar cláir fhaisnéise anois, cúig chlár a chraolfar i Mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Nuair a bheidh an cúig chlár sin craolta, beidh deis agaibh vótáil arís, a léitheoirí, an geábh seo le go dtiocfar ar Ireland’s Greatest Figure.

Beidh ainm an duine sin le cloisteáil againn ar an Late Late Show am éigin i Mí Dheireadh Fómhair, deirtear.
.

5 comments:

  1. Tá tú níos óige ná mar a cheap mé, a Dhubhaltaigh!

    Ní dóigh liom go bhfuil bean m'aois-se sa tír nach bhfuil aithne aici ar an Dr. Browne.

    Is maith liom go bhfuil a ainm ar an liosta...:-)

    ReplyDelete
  2. Stephen Gately - beannacht Dé lena anam.

    Ach duine de Ireland's Greatest Figures?

    N'fheadar cár tháinig Daniel O'Connell nó Charles Parnell sa chomhaireamh?

    ReplyDelete
  3. Collins: bhí seasamh a choda ann.
    Connolly: mar an gcéanna.
    Hume: príomh-síochána in Éirinn - ná déanaimis dearmad air riamh.
    Pearse: fear gníomhach, gnóthach.

    Idir mhasla agus naomhseanchas: bhí a shaol ní ba chasta ná sin.

    Níl na daoine eile san áireamh, dar liom.

    ReplyDelete
  4. recte: "Hume: príomh-údar síochána in Éirinn"

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.