Monday, September 13, 2010

Cá Bhfuil Mé?

San áit seo, táim i mo shuí go ceochánta faoin gclúid, tá leaba bhrothallach agam, tá caoi mhaith orm, táim ar mo chompóirt, táim cluthmhar anseo, táim ar mo chraoibhín, ar mo chúilín seamhrach, ar mo thúilín tseabhrach, faoi dhídean dheas mhothallach, tá saol sámh agam, tá sáimhríocht anseo, tá saoráid mhór agam, táim i nead sheascair, táim ar mo shocracht, táim chomh té le luichín i stáca.

Tearmann teochroíoch, crios cluthar, ciorcal cosantach, dídean dhíonach? Céard a thabharfá féin ar an áit sin ina bhfuilim anois?
.

22 comments:

  1. 'Comfort zone' eile í sin, go deimhin, a Aonghuis...:-)

    ReplyDelete
  2. ASG, a John, ach tá do smaointe beagán ar strae - táim i gCeantar na nOileán...;-)

    Cén Gaeilge a chuirfeá féin ar comfort zone? Seachas Loch Garman, ar ndóigh...:-)

    ReplyDelete
  3. Sólann!

    Sa bhaile le do mhuintir atá tú mar sin?

    ReplyDelete
  4. Úps - Cén Ghaeilge...a John.

    @ Sólann - is maith liom é, a Aonghuis - d'fhéadfá bheith ar do sháimhín i do shólann...:-)

    Sea, is le mo dhream féin atáim...:-)

    ReplyDelete
  5. An lá cheana, a Aonghuis, chuir fear saolta as Leitir Móir an cheist orm, 'An dtaitníonn an áit thuas leat?'

    Dúirt mé leis go raibh mo chroí istigh in Inis Eoghain, ach gur le Ceantar na nOileán m'anam...:-)

    ReplyDelete
  6. gaolta? .i. duine de do chuid gaolta?

    ReplyDelete
  7. Is fearr liom an focal 'saolta' ná 'sean', a Aonghuis...;-)

    Ní hea, a Dennis. Fear le ceangal aige le Seattle, ach sin scéal do blagmhír eile, amach anseo...;-)

    ReplyDelete
  8. Is cuimhin liom anois. Ach tá brí eile ag saolta ar na saolta seo; sin a chuir mearbhall orm.

    ReplyDelete
  9. Ócé, a Aonghuis - focal nuachumtha de dhíth orm...hmmm...sea, tá sé agam - saoltaithíoch!

    Fear saoltaithíoch a bhí ann...:-)

    ReplyDelete
  10. saoltaithíoch? Is maith an smaoineamh é, ach is gránna an focal é!
    Fear atá “rich in years”, an é sin é? An féidir Gaeilge a chur air seo?

    ReplyDelete
  11. 'rich in years' atá i gceist, ceart go leor, agus 'worldly wise' leis, b'fhéidir.

    Níl a fhios agam an féidir Gaeilge a chur air, a Dennis, ach is maith ann an iarracht!

    Céard a bheadh agat féin ar comfort zone?

    ReplyDelete
  12. Seo focal eile duit in áit “seanfhear”, a Áine: foirfeach. Is foirfeach a chuir an cheist sin ort!

    ReplyDelete
  13. Cé nach bhfuil locht le fáil agam ar 'réimse shábháilte' mar leagan, go dtí seo, is fearr liom féin 'tearmann teochroíoch', leagan a tháinig chugam agus mé i mo chomfort zone anseo lá amháin.

    Agus is aoibhinn liom 'foirfeach' - maith thú, a chara na bhfocal! Focal foirfe, gan dabht...:-)

    ReplyDelete
  14. "is fearr liom féin 'tearmann teochroíoch'"

    Go deas, ach nach bhféadfaí "ar taobh na fothana" a úsáid, go meafarach, mar a déarfá - agus seancheann é as Ceantar na nOileán san áireamh, a Áine?

    ReplyDelete
  15. @ 'ar thaobh na fothana'

    Níor chuala mé é sin cheana, a Ormondo. Ach, cuirfidh mé ceist ar an Dómhnallach faoi...:-)

    ReplyDelete
  16. @ 'ar thaobh na fothana'

    Ní hé a rith léi, a Ormondo, ach meas tú nach ionann é agus 'ar an bhfoscadh', nath atá cloiste aici?

    ReplyDelete
  17. Is téarma seoltóireachta "ar thaobh na fothana". Ciallaíonn sé, is dócha, nach bhfuiltear i mbéal na gaoithe ach ar an taobh eile. Agus ciallaíonn "ar an bhfoscadh" an rud céanna, déarfainn.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.