Monday, September 27, 2010

BabógBaby II

An cuimhin libh an scéal a roinn mé libh, i Mí Aibreáin, faoi BhabógBaby, nó BB, mar a thugtar anois ar bhéirín na mbriathra Gaeilge?

Bhuel, chuala mé an dea-scéal seo trí mo chluasáin ar maidin, an t-órchaighdeán fáighte ag an mbéirín BB ag na British Pre-school Awards.

Dar le hAdrian Devane, an fear ar leis an comlacht babogbaby.com, fear ar léiritheoir scannán é de ghnáth,

'This year was a quiet one for making films so I thought I would start a new business and give it a go...'

Maidir leis an órchaighdeán a fuair an béirín, dúirt sé.

'It’s like a movie getting five stars or a student getting an A-plus...'

Comhghairdeas ó chroí le hAdrian agus leis an gcomhlacht babogbaby.com - ná lagtar go brách lucht an 'Is féidir linn!'

Beidh an béirín ar fáil ón gcomhlacht, ar luach €29.99, i Mí na Samhna, a léitheoirí, díreach in am don Nollaig.

Roinnigí an scéal le fear na féasóige báine leis an gcóta dearg, a chairde, mura miste libh.
.

4 comments:

  1. chonaic mé é ar an nuacht cúpla seachtain ó shin. Tá cuma iontach air agus tá súil agam go ndíolfaidh sé go maith

    ReplyDelete
  2. @ 'tá súil agam go ndíolfaidh sé go maith'

    Mise freisin!

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh, babogbaby.com, ann??

    ReplyDelete
  4. Níor tháinig mé ar leagan Gaeilge, a Dennis.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.