Tuesday, September 28, 2010

Cás Éigeandála?

Dá bhfeicfeá comhartha mar ‘Ná hÚsáid Ach i gCás Éigeandála’ scríofa áit éigin, thuigfeá nár chóir duit an rud a úsáid ach amháin i gcás éigeandála, nach dtuigfeá?

Agus, ní bhainfeá úsáid as 999, ná a leithéid, ach amháin dá mbeadh géarghá leis, an mbainfeá?

Ach, céard is géarghá ann, meas tú? Tine? Timpiste? Tinneas tobann? Sea, sin mar a cheapfá, a léitheoir, ach tá daoine ann, creid é nó ná creid, agus tá a dtuiscint féin acu ar an rud is ‘cás éigeandála’ ann.

I mbliana, fuair an Gloucestershire Police Force, is cosúil, ‘4,500 inappropriate or hoax emergency calls’, rud a chuireann moill ar obair na bpéas, cé go mbíonn cuid acu ‘comical’, dar leo. Na glaonna, a léitheoir, chan na péas!

Pé scéal é, más mian leat samplaí den chineál glaoigh a fhaigheann siad a fheiceáil, tá tuilleadh eolais le léamh anseo. Éist leis an téipthaifeadadh atá ar an leathanach sin, a léitheoir, go gcloise tú an glaoch ón bhfear a chuir scairt ar 999 mar gur shiúil cat strainséartha isteach ina chistin.

Dochreidthe!
.

3 comments:

  1. Fuaimníonn sé trína chéile ach fós tá sé sin náireach..
    Tá fógra faoi láthair ag an Luas ag na stadanna maidir le loit. Ba chóir 999 a ghlaoch,má fheiceann tú duine ag déanamh damáiste. Ní dóigh liom féin gur cás éigeandála é graffiti.

    ReplyDelete
  2. @ 'Ní dóigh liom féin gur cás éigeandála é graffiti.'

    An dóigh leat gur graffiti atá i gceist ag an bhfógra le 'loit'?

    ReplyDelete
  3. Tá graffiti is briseadh gloine i gceist acu.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.