Thursday, August 6, 2009

Leigheas

Táim ar ais i gConamara ó inné, agus chaith mé an tráthnóna agus an oíche ar an leaba le tinneas boilg. Nuair a d’fhágamar Inis Eoghain inné, mé féin agus an Garraíodóir, ní raibh a dhath cearr liom, gan i mo bholg ach bricfeasta breá folláin agus sceitimíní áthais, ó tharla mé ag déanamh ar mo cheantar dúchais.

Stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, mar a dhéanaimid go rialta. Bíonn cupán caife nó greim le hithe againn ann am ar bith a mbímid ar an mbóthar siar. Is maith linn an bhialann Freshies, nó bialann Aghna. Bia blasta le fáil sa dá áit, don fheoilséantóir cosúil liomsa, agus neart iontu don té a itheann ainmhithe, éin, agus éisc, freisin.

Tá sé de nós againn stopadh i bhFreshies ar an mbealach siar, agus in Aghna’s ar an mbealach ar ais. Inné, faoin am a shroicheamar Freshies, ní raibh fonn orm fiú cupán caife a ól, tuar tinnis á fhógairt, tinneas nár bhain ar chor ar bith leis an mbialann dheas sin ach a bhain go mór leis an gcogadh a bhí ag suanbhruith gan suan i mo bholg faoin am sin.

Anois, a léitheoirí, dá mbeadh sibh in ann méid mo bhoilg a fheiceáil, thuigfeadh sibh go rómhaith nach minic a thagann tinneas ar cuairt ar an mbolg céanna. Is bolg é atá bolgtha, mé tite chun boilg le bliain nó dhó, luach an bhéil alpaigh le feiceáil orm. Cibé scéal é, bhí fonn spraoi ar bhia na maidine agus bhí ar an nGarraíodoir stopadh trí huaire ar an mbóthar idir Mám agus Casla le go mbeinn in ann saoirse a thabhairt don bhia sin. D’imigh gach uile ghreim le fána, agus thug siad na sceitimíní áthais leo.

Ní raibh uaim, faoin am sin, ach luí siar ar an suíochán ar chúl an chairr, mé ag ochadh liom, ochón, ochón, ochón ó! Caoineadh na dTrí Bhlúire. Is ar éigean a bhí mé in ann mo chosa a chur fúm nuair a shroicheamar ceann scríbe i gCeantar na nOileán. Amach liom as an gcarr, agus thit mise, m’éadaí agus mo bhróga fós orm, isteach sa leaba, áit ar chodail mé, gan dúiseacht, ar feadh na hoíche.

Anois, táim i mo shuí os comhair an ríomhaire, mé fós rud beag lag, ach i bhfad níos folláine ná mar a bhí mé aréir, leigheas faighte agam i gcodladh na hoíche is dócha. Ar ball beag, rachaidh mé chun na reilige, áit a bhfuil Ciara curtha le m’athair. Cuireadh a hainm ar an gcloch chinn an tseachtain seo. Tuilleadh fianaise, dá mbeadh a leithéid uaim, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

3 comments:

  1. Go raibh do bhiseach buan!

    Táimid ar iall ghairid ag ár ngoile agus é as treo.

    Suaimhneas thiar ort pé scéal é.

    ReplyDelete
  2. Is maith an lia an codladh. Tá áthas orm go bhfuil tú ar do sheanléim inniu.

    ReplyDelete
  3. Táim ar ais ar mo sheanléim arís inniu, a fheara. Go raibh maith agaibh as bheith ar mhaithe liom. :-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.