Sunday, August 16, 2009

Feoilséantóir ag Fiach

Mar is eol agus is léir do mo bholg, is maith liom bia. Agus, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, is feoilséantóir mise. Nuair a bhím ar laethanta saoire, bainim sult as a bheith ag ithe i mbialanna éagsúla, rud a rinne mé go rialta agus mé ar laethanta saoire an tseachtain seo caite.

Ní tráchtaireacht na critice atá anseo uaimse maidir leis na bialanna sin inar ith mé agus mé ar saoire, mar ní saineolaí bia mise, an dtuigeann sibh, ach tá a fhios agam cén sórt bialann a thaitníonn liom féin, mar veigeatóir agus mar dhuine a dtaitníonn seirbhís mhaith ghlan sciobtha chairdiúil léi; an áit a bheith saor go leor le nach mbeidh gá dom iasacht a fháil ón mbanc le híoc as an mbéile agus as an tseirbhís sin. Éasca go maith mise a shásamh, cheapfá, ach bíonn deacrachtaí ag go leor bialanna freastal ar mo leithéid, an feoilséantóir.

Creid é nó ná creid, tá bialanna ann agus nuair a chuirim ceist an bhfuil a dhath acu a d’fheilfeadh dom mar fheoilséantóir, ó tharla gan aon phríomhbhéile dá leithéid ar an mbiachlár acu seachas ‘side orders’ b’fhéidir, is minic a deirtear liom “Oh yes, we have fish and chicken.”. Sea. Tá siad bán, is dócha. An fheoil, chan an freastalaí, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir. Mura bhfeictear dath na fola air, ní feoil é dar leo, is dócha...b’fhéidir...níl a fhios agam.

Luaigh mé Aghna’s agus FRESHies i gClár Chlainne Mhuiris libh cheana, bialanna a thaitníonn go mór liom mar go bhfreastalaíonn siad ar an bhfeoilséantóir chomh maith céanna mar a fhreastalaíonn siad ar an té a itheann ainmhithe srl. Ní raibh gá leis an gceist sin thuas uaim, mar go raibh sé soiléir óna mbiachláir go bhfuil an dá áit sin eolach go maith ar a gceird agus dá bhrí sin, eolach ar mhianta gach iteora. Seirbhís ghasta phroifisiúnta sa dá áit, iad gleoite gléasta, sciobtha scuabtha. Na háitribh agus na freastalaithe.

B’amhlaidh leis ‘An Builín Blasta’ ar An Spidéal, agus leis ‘An Chlúid’ i dTír an Fhia, mar aon le Rodeo ar Shráid na Céibhe, agus le McSwiggans ar Shráid Eyre i gCathair na Gaillimhe. Ní raibh an biachlár ag McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe chomh cairdiúil céanna liomsa agus a bhí na biachláir sna bialanna eile, ach is áit í ina dtaitníonn an t-iasc go mór leis an nGarraíodóir. Bhí chips, mushy peas, beans agus coleslaw agam féin ann, gan aon rogha eile agam ón Fish and Chips Menu, ach iad blasta go maith agus neart ann, caithfear a rá.

Ar thug sibh faoi deara, aon duine agaibh a stop ag fuinneog tosaigh McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe ansin, go bhfuil bratacha na dtíortha uile ar bhileoga eolais acu atá greamaithe den fhuinneog, agus píosa i dteanga na dtíortha éagsúla sin scríofa faoi chuile bhratach, fiú sa tSínis agus sa tSeapáinis? Is aoibhinn liom a fheiceáil go bhfuil an tsochaí ilchultúrtha ag teacht chun cinn agus aitheantas a fháil aici ar an dóigh sin. Tá bratach na tíre seo ann, trí huaire, agus cén teanga ina bhfuil an t-eolas fúthu scríofa? Béarla, béarla, béarla. Gaillimh le Gaeilge nó Éire le Béarla ag teacht chun cinn, meas tú? Cibé scéal é, bhí an áit lán go doras, agus teanga chuile thír le cloisteáil ag teacht ó na boird uile, shílfeá. Táim cinnte go mbíonn Gaeilge le cloisteáil ann freisin, fiú mura bhfuil aitheantas faighte aici mar theanga faoi bhrat na hÉireann ar an bhfuinneog.

'Sé mo thuairim go raibh McSwiggans daor go maith, i gcomparáid le háiteanna eile a bhí chomh maith céanna ó thaobh an bhia de. Cé go raibh an bia blasta, gan dabht, ní raibh an béile mór millteach don té a bheadh ocrach go maith, shíl mé féin. Ach tá goile mór agamsa, faraor.

Cheap mé go raibh an Builín Blasta ar An Spidéal réasúnta maidir le praghas, an bia go hálainn blasta ann, ach is áit é le haghaidh lón breá a fháil, seachas dinnéar mór, má thuigeann sibh libh mé. An méid sin ráite, is ann a chonaic mé an freastalaí is fearr agus is deise dá casadh orm le tamall fada. Edel a hainm, agus tá a fhios agam é sin mar gur iarr mé a hainm uirthi. Dá mbeadh leithéidí Edel le fáil sna bialanna uile ar fud na tíre seo, bheadh na turasóirí ag teacht ar ais ina mílte. Cailín aireach béasach cairdiúil cuidiúil, a pearsantacht agus an tseirbhís a thug sí dúinn mar fhreastalaí ag cur go mór leis an mbéile blasta a fuair mé ansin. Maith thú, a Edel! Agus tá súil agam go bhfuil d’ainm litrithe mar is ceart agam.

Thiar i dTír an Fhia, i gCeantar na nOileán, thaitin An Chlúid go mór liom. Bia blasta, ar phraghas réasúnta, agus neart ar an bpláta don té a bheadh ocrach. Ní bhíonn siad oscailte ag an deireadh seachtaine, faraor, agus dúnann an áit ag 2.30 i.n. Bean le Béarla aici a bhí taobh thiar den chuntar, gan mórán Gaeilge aici ach í ag foghlaim ‘cúpla focal’ gach lá, mar a dúirt sí féin liom, agus dúirt sí an méid sin liom as Gaeilge. Maith thú, a chailín! Bhí bean lena taobh agus í mar a bheadh ateangaire ag aistriú m’ordú don bhean gan mórán Gaeilge, ordú a thug mé go nádúrtha as Gaeilge mar a dhéanaim go rialta sa Ghaeltacht. D’fhág an ateangaireacht sin nach raibh gá domsa an Ghaeilge a thréigeann, agus d’fhág sí ‘cúpla focal’ eile leis an bhfreastalaí, tá súil agam. Ar mo bhealach amach an doras, d’fhág an bhean sin slán abhaile liom i nGaeilge bhreá bhlasta, ise ag titim isteach le teanga na háite, seachas a mhalairt ag tarlú. Maith arís í, agus go maire an teanga a hiarracht!

Rud amháin eile a tharla sa Chlúid, agus a thaispeánann nach bhfuil an dream thiar ar chor ar bith ar gcúl maidir le riachtanais an veigeatóra, cuireadh ceist orm, sular réitigh siad an sailéad feoilséantach a d’ordaigh mé, an n-ithim uibheacha agus cáis. Anois, a léitheoirí, sin ceist an-mhaith le cur ar an bhfeoilséantóir, mar is iomaí feoilséantóir, mo mhacasamhail féin, nach n-itheann feoil ach a d'íosfadh uibheacha, cáis, bainne agus ar uile; ach tá feoilséantóirí ann nach n-itheann a dhath a thagann ón ainmhí, agus ar ‘fíor-veigeatóirí’ iad, nó ‘vegans’ mar a deirtear sa Bhéarla. Maith sibh, a mhná na Clúide!

Smaoineamh daoibh, a léitheoirí, ó tharla gur rith sé liom agus mé ag scríobh an ailt seo. Dá mbeadh tú de shíor ag ithe i mbialann veigeatórach, áit atá ag freastal go hoifigiúil ar an bhfeoilséantóir amháin, an mbeadh tú ag súil le feoil a fháil go rialta ann? Sea. Sin mar a cheap mé. Cuir an smaoineamh sin i gcomhthéacs Gaeltachta agus Gaeilge anois.

Beatha do dhuine a thoil.
.

2 comments:

  1. I gCathair Chorcaí:

    Quay Co-op. http://www.quaycoop.com/
    Atmaisféar cáirdiúil suaimhneach, dearadh deas. Praghasanna réasúnta.

    Café Paradiso. http://www.cafeparadiso.ie/
    Níos daoire. Ní rabhas ann ach ard-chaighdeán de réir mar atá cloiste agam.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an eolas sin a roinnt liom, a chomhrocach...:-) Bainim sult as do bhlag.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.