Thursday, December 23, 2010

Tuismitheoireacht

Thiomáin Gráinneog ó Bhaile Átha Cliath go hInis Eoghain inné, turas a mhair os cionn ocht n-uaire an chloig, cé gur iondúil léi an turas sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre huaire an chloig. Bhí sneachta agus sioc ar na bóithre, an dtuigeann sibh, agus, dá bhrí sin, thiomáin sí le cúram.

Ar ndóigh, ní raibh nóiméad suaimhnis ag an máthair seo, go bhfaca mé m’iníon ag seasamh os mo chomhair aréir, ag doras Cheann Scríbe.

Inniu, tá an turas céanna roimh an mBean Neamhspleách agus, ó tharla na bóithre chomh dona céanna fós, beidh an mháthair seo imníoch, arís eile, go bhfeicfidh sí a hiníon ag seasamh os a comhair, ag doras Cheann Scríbe.

Nach suimiúil gur féidir stop a chur le tuismitheoireacht, nuair atá páistí tógtha, ach nach féidir, go brách, stop a chur le himní an tuismitheora.

Nó, an cuid den tuismitheoireacht í an imní sin?
.

3 comments:

  1. Feictear dom go bhfuil dhá liathróid san imirt anseo: tuismitheoireacht agus máithreacht. Cibé faoin gcéad cheann, ní bhíonn deireadh leis an gceann eile! Slán abhaile don Bhean Neamhspleách!

    ReplyDelete
  2. Áiméan.

    Sílim gur buan-chuid den dtuismitheoireacht an imní. Toradh an ghrá atá ann.

    ReplyDelete
  3. Tá sí slán sábháilte anseo anois, a fheara, go raibh maith agaibh.

    Tá an ceart ag an mbeirt agaibh - toradh an ghrá atá san imní, agus ní bhíonn deireadh leis an imní, ná leis an ngrá!

    Nollaig shona, a chairde...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.