Monday, December 6, 2010

Cloch Le Carn


Anocht, ar RTÉ 1, ag 7.30 i.n., beidh clár teilifíse, Cloch le Carn, le feiceáil, clár is ómós do Eugene Lambert, an puipéadóir a bhásaigh ag tús na bliana. B’fhear é a bhunaigh an Lambert Puppet Theatre; fear díograiseach, fear le fís, fear le grá nach beag aige dá phuipéid.

Agus, b’fhear é a chuir go mór le mo shaol féin, agus mé i mo pháiste, am a bhínn ag breathnú ar na carachtair Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch, ar Wanderly Wagon.

Ó tharla gur scríobh mé an giota seo ar mo bhlag faoi, iarradh orm cúpla focal a rá don chlár, rud a rinne mé, mar go bhfuil meas nach beag agam ar obair an fhir uasail sin agus, go deimhin, ar obair a theaghlaigh. Chomh fada agus is eol dom, tá, nó bhíodh, siad uilig páirteach sa ghnó, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, tráth den saol.

B’fhéidir go gcloisfidh sibh abairt nó dhó uaim ar an gclár. Braitheann an méid sin ar eagarthóireacht, is dócha. Pé scéal é, thug mo choinne le RTÉ chuig an amharclann cháiliúil mé, áit ar thóg mé na pictiúir sa bhlagmhír seo daoibh, a léitheoirí.

Bhí Judge ag tógáil sosa, idir radhairc, agus dheasaigh sé é féin dom, le go mbeadh deis agam an pictiúr seo a thógáil. Nach é atá gealgháireach ag breathnú, cé gur dóigh liom go bhfuil sé iontach brónach ó cailleadh a chara dhil, O’Brien.

An cuimhin libh cé a bhíodh ina chónaí sa teachín beag sin thuas?

Agus an n-aithníonn sibh an féan fánaíochta seo? Ar ndóigh, beidh sibh ann nach bhfaca Wanderly Wagon riamh, ó tharla sibh ró-óg, nó in bhur gcónaí i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe, fearacht Chonamara, áit nach raibh againn ach cainéal amháin teilifíse ar feadh na mblianta, sin RTÉ. Chuir Eugene Lambert 'draíocht' os ár gcomhair. Chuir sé le sonas ár nóige.

Bhí teaghlach mór ag Eugene, agus bhí cairde go leor aige, idir pháistí agus phuipéid. Casadh sibh le cuid acu anocht, an Luan, ar RTÉ 1, Cloch le Carn, ag 7.30 i.n.
.

6 comments:

  1. Sin comhthráthúlacht.

    Bhí coisir lá breithe ag m'iníon ann de Satharn agus mé ag gor blagmhír faoi ó shin.

    ReplyDelete
  2. "...i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe..."

    Garsún aon chainéalaigh a bhí ionam féin! Is cuimhin liom Wanderly Wagon go maith.

    Ní raibh a lán ar siúl in iarthar, nó i meániarthar, na tíre an tráth siúd maidir le cúrsaí teilifíse, ach bhí luachanna eile againn... mar a déarfá... ach cérbh iad?

    ReplyDelete
  3. Bhí m'óige iontach soineanta agus sonasach, a Ormondo, le gaolta go leor timpeall orm, daoine a thug grá, tuiscint agus tacaíocht nach beag dom agus mé ag fás aníos.

    Creidim go gcothaítear síol an todhchaí sa teaghlach, agus roinn mé na luachanna céanna le mo pháistí agus a roinneadh liom féin.

    Más rud nár éirigh leat an clár a fheiceáil aréir, beidh tú in ann é a fheiceáil anseo go dtí an 27ú den mhí seo.

    Bain sult as do thuras ar bhóithrín na smaointe..:-)

    ReplyDelete
  4. Ana chlár. Go raibh maith agat as m'aird a tharraingt air.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.