Tuesday, November 2, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid V

D’fhoghlaim mé mo cheacht Dé hAoine, lá nach raibh mo chuid taighde déanta agam ar Chlár na Féile, mar ba cheart, roimh ré. Maidin Dé Sathairn, bhí an clár leite agam ón Aoine, agus bhí a fhios agam cá mbeinn ag dul, ag cén comórtas, agus ag cén t-am.

Mar a scríobh mé roimhe seo, bhí imeachtaí ag teacht salach ar a chéile, agus bhí orm rogha a dhéanamh dhul ag comórtas amháin seachas ag comórtas eile, abair, cé go mbeadh dúil agam sa dá chomórtas, b’fhéidir. Mar gheall air sin, bhí mé deireanach do chomórtas nó dhó, agus sin mar a tharla dom, arís, maidin Dé Sathairn.

Chomh luath agus a chríochnaigh Comórtas 29, Sceitse, chuaigh mé anonn go dtí Comórtas 32, Amhránaíocht Aonair nach Sean-nós í, ach bhí go leor den chomórtas caillte agam, faraor. Mar sin féin, fuair mé blaiseadh den amhrán ‘nach sean-nós í’, ó tharla gur éirigh liom an dara hamhrán ó na hiomaitheoirí uilig a chloisteáil.

Dar leis an gclár, tá ‘dhá amhrán le canadh gan tionlacan, i stíl nach sean-nós í.’ Chuala mé, mar shampla, aistriúcháin den amhrán ‘As I Went Down to the River to Pray’ á chasadh ag Máire Ní Laoire as Dúglas, le ‘Comhghairdeachas’ an dara hamhrán uaithi.

Taobh amuigh de sin, feictear dom gur amhráin seanaimseartha go maith a bhí á gcasadh, ‘amhráin mhóra na Gaeilge’ mar a thug duine de na moltóirí orthu, más buan mo chuimhne. Is amhráin aitheanta na Gaeilge iad, ceart go leor, ach is amhráin iad nach gcastar ‘i stíl sean-nós’, an dtuigeann sibh.

Níl a fhios agam cén fáth ar cheap mé go mbeadh amhráin nua-chumtha sa chomórtas seo, ach ní dóigh liom anois go mbíonn. Pé scéal é, bhí glór álainn ag an mbuaiteoir, Caitríona Nic Ciarnáin as Ráth Cúil, agus, le clabhsúr a chur leis an gcomórtas seo, chan sí ‘Úna Bhán’. Go hálainn!

Tráthnóna Dé Sathairn, bhí mé ag freastal ar Chúirt Filíochta a bhí eagraithe ag Proinsias, bail óna Ché air, agus ní raibh deis agam freastal ar Phríomhchomórtas Rince Aonair ar an Sean-nós, ócáid a thaitníonn go mór liom. Mar sin féin, a bhuí le Proinsias, bhí tráthnóna pléisiúrtha agam i gcomhluadar ochtar filí sa Fireside Lounge in óstán an Gleneagle, áit ar chaitheamar cúpla uair an chloig ag aithris ár ndánta dá chéile, agus, in amanna, ag aithris dánta ó fhilí eile.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé chuig an Taispeántas Gearrscannán san óstán, áit a bhfaca mé trí ghearrscannán, Preab San Aer, Dún Chaoin 40 Bliain, agus Bibeanna Mheiriceá. Tugadh bileog vótála don lucht féachana, agus bhí orainn vóta a chaitheamh do na gearrscannáin, dá mo mhian linn é a dhéanamh, in ord 1,2, agus 3, de réir mar a thaitin siad linn, is dócha.

Tuilleadh eolais faoi na scannáin le léamh anseo. Bhain mé an-sult astu, caithfidh mé a rá. Agus níl a fhios agam cén toradh a bhí ar an vótáil, ná fiú cén fáth ar chaith mé vóta, ach amháin gur chaith mé vóta, ó tharla gur tugadh bileog vótála dom. Caithim a bheith páirteach, an dtuigeann sibh, agus bhí peann i mo lámh agam ag an am…
.

2 comments:

  1. An féidir ceist a chur cén ord a bhí agat?
    Breathnaíonn siad spéisiúil.

    ReplyDelete
  2. Más buan mo chuimhne, Bibeanna Mheiriceá, Dún Chaoin 40 Bliain, agus Preab san Aer an t-ord inar vótáil mé, a Néidí. An méid sin ráite, ní cinneadh éasca a bhí ann, mar gur bhain mé sult as na trí cinn acu.

    Seans go ndeachaigh scéal na mban i mBibeanna Mheiriceá i bhfeidhm go mór orm, ó tharla tuiscint rómhaith agam ar an imirce, agus an focal brónach sin 'slán'...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.