Monday, November 8, 2010

Neamhláithreacht

sílim gur fearr scríobh nuair a bhuaileann an tinfeadh tú, seachas mothú go bhfuil dualgas ort a bheith ag blagadóireacht.’

Focail chiallmhara ó Aonghus, focail a roinn sé le Scott, ar fhilleadh dó inné.

Bhfuil tú alright?’ a d’fhiafraigh mo chara díom ar an bhfón inné, ó tharla gan focal léite aici uaim, ar mo bhlag, le beagnach seachtain anuas. M’fhreagra, ó tholg na tuirse, áit a mbím ó am go chéile, le bliain anuas, ‘Níl a dhath cearr liom, ach easpa fuinnimh, a chara!

Agus, sin mar a bhíonn an saol liom, a léitheoirí. Bíonn praghas le híoc ar ragaireacht, go háirithe don té atá, fós faraor, ar bhóthar an bhisigh, agus d’fhág mise cuid mhór de m’fhuinneamh i gCill Airne!

Dá thoradh sin, fiú agus an tinfeadh úd, a luaigh Aonghus, do mo bhualadh, arís is arís eile, leis an mbata seo, agus leis an gceann seo agus seo, agus fiú leis an gceann seo, mar shampla, bíonn orm tús áite a thabhairt do dhualgais eile an lae, agus m’fhuinneamh luachmhar a roinnt go cúramach, rud a fhágann an blag bocht díomhaoin, cé nach bhfuilim féin díomhaoin, ná tinn, an dtuigeann sibh.

Agus sin an rud a thaitníonn liomsa faoin mblagáil. Ní dualgas atá ann domsa, ach pléisiúr. Go mba hamhlaidh do mo chomhbhlagálaithe, agus do na léitheoirí a roinneann a gcuid ama luachmhair linn.

Agus, nach deas an rud an cara a thugann neamhláithreacht faoi deara? Nár laga a gCé a gcairdeas.
.

2 comments:

  1. Lig do scíth,
    fan id' shuí,
    ní bheidh tú i bhfad in ísle brí.

    PS Ar chuir tú glaoch ar an nGleneagles? Seans go bhfuil do fhuinneamh fágtha in aice le mo chiall i gcoirnéal éigin ann.

    ReplyDelete
  2. @ 'Seans go bhfuil do fhuinneamh fágtha in aice le mo chiall i gcoirnéal éigin ann.'

    Beidh siad ann romhainn an bhliain seo chugainn, a John...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.