Friday, October 29, 2010

Oireachtas i gCill Airne

Táim anseo ag an Oireachtas i gCill Airne, agus chaith mé an tráthnóna ag éisteacht le comórtais Lúibíní sa Gleneagle Hotel.

D’éirigh liom bheith anseo in am do Chomórtas 18 (12-15 bliana, lúibíní), do Chomórtas 19 (15-18 bliana, lúibíní), agus do Chomórtas 30, lúibíní na ndaoine fásta.

Cuireann sé iontas orm, i gcónaí, an éascaíocht lena ndéanann na daoine óga aithris ar na lúibíní. Bíonn duine nó dhó acu neirbhíseach, gan dabht, rud a thuigfeá, ach ní thabharfá é sin faoi deara agus iad ag canadh leo thuas ar an ardán.

B’as Ciarraí, Corcaigh, An Clár, Baile Átha Cliath, agus Co. na Mí na hiomaitheoirí óga, agus rith an smaoineamh liom ‘cá bhfuil na contaetha eile?’; go háirithe na contaetha úd le Gaeltacht iontu. Bhí ceithre dhalta is fiche páirteach i gComórtais 18 agus 19, Lúibíní, deichniúr as Ciarraí, ochtar as Corcaigh, beirt as Co. an Chláir, beirt as Baile Átha Cliath, agus beirt as Co. na Mí.

Ar ndóigh, bhí comórtais eile ann ní ba luaithe, ach ní raibh mé anseo in am, an dtuigeann sibh. Feicim, ó Chlár na Féile, go raibh beirt as Gaillimh páirteach i gComórtas 17 (faoi 12, lúibíní), ceathrar as Corcaigh, agus seisear as Ciarraí.

Chomh maith leis sin, feicim ón gclár go bhfuil neart daoine óga ón Iarthar páirteach i gComórtais 2,3, agus 4, Rince Aonair ar an Sean-Nós do dhaoine óga; a bhformhór acu siúd as Gaillimh (27), le cuid eile acu as Maigh Eo (6), Sligeach (5), Co. na Mí (6), Liatroim (3), Ros Comáin (3) Baile Átha Cliath (3), Ciarraí (1) agus Co. na hIarmhí (1).

Bhí ionadaithe as Dún na nGall le feiceáil i gComórtais 5, 6 agus 7, Dreas Cainte, áit a raibh cúigear as naonúr iomaitheoirí ag teacht ón gcontae sin, beirt as Co. na Mí, agus beirt as Baile Átha Cliath.

I gComórtais 8, 9, agus 10, Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine óga, tá iomaitheoirí as Ciarraí (25), Gaillimh (22), Dún na nGall (12), Corcaigh (10), Co. na Mí (7), Baile Átha Cliath (3), Luimneach (1), Laois (1), Ros Comáin(1), agus An Clár(1).

Sa Scéalaíocht, sin Comórtais 10, 11 agus 12, bhí iomaitheoirí as Ciarraí (20), Corcaigh (4), Dún na nGall (4), agus Gaillimh (3); agus i gComórtais 14, 15 agus 16, Agallamh Beirte, tháinig siad as Corcaigh (22), Gaillimh (16), Ciarraí (16), Baile Átha Cliath (3), agus Co. na Mí (1).

Bhí Comórtas 30, Lúibíní na ndaoine fásta, iontach, mar is iondúil. Bhí iomaitheoirí as Gaillimh (6), Corcaigh (6), Baile Átha Cliath (4), Dún na nGall (2), Ciarraí (2), agus Co. na Mí (2), ach is iad Aodán Ó Ceallaigh agus Ógie Ó Céilleachair as Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, a bhain an trófaí, é tuillte go maith acu, lena n-iarracht ghreannmhar chliste ‘Comhrá Capaillíní Chill Airne’.
.

4 comments:

  1. Nach mbraitheann an dáileadh i measc na nóg ar chinnireacht ó mhúinteoirí agus daoine le luí leis na disciplín (más sin an focal cuí?) ar leith a bheith sa phobal?
    Bain sult as do thuras aduaidh!

    ReplyDelete
  2. Lúibíní? Maithigí dom m'aineolas ach cad iad Lúibíní?

    ReplyDelete
  3. Saghas drámaíocht filíocht, cosúil le hagallamh beirte.
    Tá rialacha ag baint leis, ach ní heol dom cad iad.

    ReplyDelete
  4. Is dócha go mbraitheann sé ar chinnireacht ó thuismitheoirí, freisin, a Aonghuis, chomh maith le hiarrachtaí na scoile. Cibé dóigh a ndéantar é, is aoibhinn liom na daoine óga a fheiceáil ar an ardán. Tá siad iontach!

    @ 'Saghas drámaíocht filíocht, cosúil le hagallamh beirte.'

    Nílim féin cinnte cé na rialacha a bhaineann leis, ach seo mar a deirtear sa chlár, a Choc:

    'Ceapóga nó Lúibíní ar nós "Oró Mhíle Grá" nó "Im Bim Babaró" a ghabháil le ceol, gan dul thar seacht nóiméad. Beirt a bheith páirteach i ngach iarracht, ag freagairt a chéile i véarsaí fileata, deisbhéalacha."

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.