Friday, September 3, 2010

Scéal Fada an Anró

Tharla sé go raibh mise, faraor géar, i ngéibheann sa tranglam tráchta sin a tharla i nDoire inné.

Bhí beirt phinsinéirí as Meiriceá sa charr liom, an triúr againn ar ár mbealach go dtí an Ulster American Folk Park, áit a raibh súil acu, agus agam, an lá a chaitheamh ag ‘immerse’áil muid féin ‘in the story of Irish Immigration’.

Ar ndóigh, níor éirigh linn é sin a dhéanamh, mar go bhfuiltear ann, fós, a cheapann go gcuideoidh an gaireas bréige sin ‘story’ de shaghas eile, seans, a scaipeadh ar fud an domhain.

Ar éirigh leo aon sprioc a bhaint?

Bhuel, ar lá álainn gréine, Doire beo beathach le turasóirí, agus le muintir na háite, ag baint suilt as an lá, d’éirigh leo muidne, agus go leor leor eile, feictear dom, a choinneáil i ngéibheann inár gcarranna, srón muice le tóin muice, ar feadh uair go leith, an t-achar ama a chaitheamar ag dul ón gCraigavon Bridge ar ais go Ceann an Droichid, amach as an gContae, turas a ghlacfadh deich nóiméad, nó mar sin, go hiondúil.

Ar éirigh linn aon immerse’áil eile a dhéanamh?

D’éirigh. Chuamar go dtí an Lifford Courthouse, áit ar chaitheamar tráthnóna taitneamhach, ach sin scéal le haghaidh blag eile.

As sin, thug mé liom iad go dtí An Ómaigh, agus chonaiceamar an áit inar tharla an tubaiste mhillteanach eile seo.
.

4 comments:

  1. Nach raibh an t-áth dearg le do chuairteoirí go rabhadar immersáilte i bhfíor-eachtra de stair chomhaimseartha na tíre. Buille cróga glórmhar eile ar son saoirse Cháitlín.

    ReplyDelete
  2. Ba bhreá an rud é téip dhubh a fhilleadh ar dhéantóir na coire seo agus é a cheangal leis an droichead le solas dearg ar a cheann!

    ReplyDelete
  3. "Ar éirigh leo aon sprioc a bhaint?"

    D'éirigh leo an pobal "a thabhairt ní ba chóngaraí le chéile"... sa tranglam tráchta, ar aon nós. ;-)

    Is deacair a chreidiúint go bhfuil na scealp-ghrúpaí siúd chomh fada ar an bhfód.

    ReplyDelete
  4. Mar a dúirt mé, a fheara, scéal fada...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.