Tharla sé go raibh An Bhean Neamhspleách sa bhaile an deireadh seachtaine seo.
Bhí cothrom lae tríocha bliain an phósta á cheiliúradh agam féin agus é féin, an dtuigeann sibh, agus bhí slua nach beag i gCeann Scríbe. Tá cuid acu anseo fós, go deimhin, rud a fhágann nach bhfuil mórán ama agam mo rámhaille a roinnt libh na laethanta seo, a léitheoirí. Bainigí sult as an, ahem, ciúnas.
Cibé scéal é, bhí tráthnóna Dé hAoine go hálainn, agus chinneamar dinnéar a ithe taobh amuigh ar an deicre ar chúl an tí, áit a raibh na crainn ag cromadh a gcloigne, ag éisteacht le comhrá an chomhluadair ansin.
‘Is that tree diseased?” a d’fhiafraigh An Bhean Neamhspleách den Gharraíodóir, ar thabhairt faoi deara di go raibh spotaí ar na duilleoga ar cheann amháin de na crainn.
‘No, it’s just an Irish tree.’ a d’fhreagair an Garraíodóir.
‘What do you mean?’ a d’fhiafraigh an Bhean Neamhspleách.
‘It’s got freckles.’ arsa mo dhuine.

Comóradh Sona Daoibh Beirt.
ReplyDeleteIs go raibh triocha bliain eile le chéile agaibh.
:-) Garraíodóir agus fear grinn! Sin dhá thrian d'fhear céile maith. Tá mé cinnte go bhfuil an tríú trian ann freisin.
ReplyDelete;-)
Grma, a Mhíshásta!
ReplyDeleteA Dennis, is léir go bhfuil...;-)