Tuesday, September 7, 2010

Breacadh an Lae


Tharla sé go raibh An Bhean Neamhspleách sa bhaile an deireadh seachtaine seo.

Bhí cothrom lae tríocha bliain an phósta á cheiliúradh agam féin agus é féin, an dtuigeann sibh, agus bhí slua nach beag i gCeann Scríbe. Tá cuid acu anseo fós, go deimhin, rud a fhágann nach bhfuil mórán ama agam mo rámhaille a roinnt libh na laethanta seo, a léitheoirí. Bainigí sult as an, ahem, ciúnas.

Cibé scéal é, bhí tráthnóna Dé hAoine go hálainn, agus chinneamar dinnéar a ithe taobh amuigh ar an deicre ar chúl an tí, áit a raibh na crainn ag cromadh a gcloigne, ag éisteacht le comhrá an chomhluadair ansin.

Is that tree diseased?” a d’fhiafraigh An Bhean Neamhspleách den Gharraíodóir, ar thabhairt faoi deara di go raibh spotaí ar na duilleoga ar cheann amháin de na crainn.

No, it’s just an Irish tree.’ a d’fhreagair an Garraíodóir.

What do you mean?’ a d’fhiafraigh an Bhean Neamhspleách.

It’s got freckles.’ arsa mo dhuine.

3 comments:

  1. Comóradh Sona Daoibh Beirt.

    Is go raibh triocha bliain eile le chéile agaibh.

    ReplyDelete
  2. :-) Garraíodóir agus fear grinn! Sin dhá thrian d'fhear céile maith. Tá mé cinnte go bhfuil an tríú trian ann freisin.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Grma, a Mhíshásta!

    A Dennis, is léir go bhfuil...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.