Saturday, September 25, 2010

Leithscéal agus Forbairt

An cuimhin libh na focail seo uaim, cúpla mí ó shin, a léitheoirí, maidir leis an iris nós*
‘…creidim féin gur mhaith an rud a bheadh ann dá gcuirfeadh lucht na hirise…na síntiúsóirí ar an eolas faoi céard atá i ndán don iris.’

Bhuel, mar is eol do dhuine ar bith a cheannaigh Gaelscéal na seachtaine seo, tá forlíonadh speisialta ag nós* anois, i bpáirt leis an nuachtán sin, agus beidh sé á fhoilsiú ann ar an Aoine dheiridh de gach mí.

Le 'Nuacht na nÓg' ann chomh maith céanna anois, airím go bhfuil Gaelscéal ag dul i dtreis, agus creidim go rachaidh forlíonadh nós* ann chun tairbhe an nuachtáin, chun tairbhe na hirise, agus chun tairbhe an léitheora óig, ach go háirithe.

Idir an dá linn, seo thíos ríomhphost a tháinig chugamsa, mar shíntiúsóir, ó eagarthóir nós*, an tseachtain seo. Go n-éirí go geal libh, a Tomaí!

"A chairde,

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil libh nár éirigh le nós* aon eagrán a chur i gcló i mbliana agus as gan ár léitheoirí agus síntiúsóirí a choinneáil ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhí ag an iris le linn na bliana.

In 2009 ghlac muid an chéim dhúshlánach tús a chur le foilsiú leagan clóite de nós* ar bhonn míosúil, gan aon mhaoiniú ná infheistíocht stáit. Togra iomlán deonach a bhí ann gan mórán áiseanna ach bhí fís againn agus - le cabhair na ndaoine sin a cheannaigh síntiús - d'éirigh linn an foilseachán Gaeilge is snasta agus is comhaimseartha riamh a fhoilsiú ar feadh bliana.

Bhí muid dóchasach i gcónaí go meallfadh an t-éacht seo maoiniú éigin chun cuidiú leis an togra ach, ar chúiseanna éagsúla, níor mheall agus ba ar fhógraí agus ar shíntiúis amháin a bhí an iris ag brath.

Sa deireadh, ba dhúshlán ró-mhór é sin sa ghéarchéim reatha eacnamaíochta agus sin an fáth nár foilsíodh aon eagrán de nós* go dtí seo in 2010.

Gabhaím buíochas mór le gach duine a chuir ar ár gcumas ceann de na hirisí Éireannacha is tarraingtí riamh a fhoilsiú, agus gabhaím leithscéal libh nach raibh muid in ann leanúint ar aghaidh mar a bhí beartaithe.

Ní deireadh iomlán é do nós* clóite áfach mar Dé hAoine seo (24.09.10) tá gliondar orainn a fhógairt go bhfoilseofar forlíonadh speisialta nós* leis an nuachtán náisiúnta Gaelscéal. Tá Gaelscéal, atá lonnaithe sa Spidéal, tar éis an-dul chun cinn a dhéanamh ó seoladh é ní ba luaithe i mbliana agus beidh forlíonadh neamhspleách nós* anois á fhoilsiú i bpáirt leis an nuachtán ar an Aoine dheiridh de gach mí.

Gnáth-mheascán d'ábhar spleodrach nós* atá i gceist leis an fhorlíonadh agus beidh fáil ar na scéalta arís ar bhaile idirlín na hirise, www.nosmag.com, chomh maith.

In ainneoin na ndeacrachtaí airgid agus eile a bhíonn ag na meáin Ghaeilge trí chéile, ba mhaith linn a rá go bhfuil sprioc againn go fóill leagan snasta míosúil de nós* a chur ar fáil arís do phobal na Gaeilge sa todhchaí, ach an infheistíocht chuí bheith faighte.

Nuair a tharlaíonn sé sin, gheobhaidh gach síntiúsóir nach bhfuair iomlán a gcóipeanna uainn an chuid eile dá síntiús agus tá bhur sonraí coinnithe againn dá réir.

Is féidir le haon duine nach bhfuil sásta leis an socrú seo teagmháil a dhéanamh linn chun lascaine do shíntiús Gaelscéal a fháil, nó chun aon cheist eile a phlé.

Chuaigh nós* sa seans nuair a cuireadh tús leis an leagan clóite agus, cé nach ann dó anois mar a samhlaíodh ag an tús, maireann an tseirbhís go fóill. Ar a bharr sin, taispeánadh cad is féidir le pobal na Gaeilge a bhaint amach nuair a thagann muid le chéile, rud is dócha a mbeidh orainn a dhéanamh níos minice amach anseo de réir mar a ghearrtar siar ar ár seirbhísí ginearálta sna ciorruithe reatha.

Míle buíochas arís as bhur bhfoighne agus as bhur dtuiscint, agus tá súil agam go mbeidh sibh linn sa chaibidil nua seo i dturas nós*.

Le meas,

Tomaí Ó Conghaile
Eagarthóir nós*
"
.

2 comments:

  1. An-ghairmiúil. Margadh Gaeilge atá deacair foscailt, gan airgead stáit go háirithe. Sílimse go bhfuil smaoineamh maith ann comhoibriú ar son a chéile.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.