Wednesday, September 8, 2010

An Córán

‘Is iomaí seod sa domhan atá,
álainn, luachmhar, uasal, breá…’

Tá cúpla leabhar síniúchán agam, agus is as ceann acu sin a fuair mé an rann thuas, ar maidin.

Tá sé blianta blianta fada ó shin ó thosaigh mé ag bailiú na síniúchán iontu, a léitheoirí, le cairde, gaolta, agus daoine ar m’aithne ag scríobh teachtaireachtaí de shaghas éigin ar na leathanaigh, leathanaigh atá ag titim as a chéile anois; meirg ar na leathanaigh, ach chan ar na teachtaireachtaí, an dtuigeann sibh.

Ar ndóigh, níl i bhformhór de na teachtaireachtaí ach seafóid shoineanta, a leithéidí ‘did you ever see or ever pass, Áine sitting on an ass…’, cé go bhfuil cinn ann, fearacht an rainn thuas, a scríobh daoine muinteartha liom, daoine atá anois imithe ar shlí na fírinne, agus is aoibhinn liom go bhfuil scríbhinn leo fós i mo sheilbh agam.

Go deimhin, tá rainn eile ann, cinn a scríobh daoine saolta, ar dhaoine muinteartha liom iad, cinn le teachtaireacht shaolta iontu domsa, cinn fearacht ‘Speak gently. It is better far to rule by love than fear…’, mar shampla.

Is minic a tharraingím na leabhair shíniúchán chugam, go háirithe ar laethanta uaigneacha, abair, na laethanta sin nuair a theastaíonn tacaíocht de shaghas éigin uaim, abair. Léim na focail ó m’athair, na focail ó mo sheanmháthair, na focail ó mo shean-aintíní, agus cuimlím mo mhéara ar an áit inar shínigh siad a n-ainmneacha, mar a bheadh ceangal grá á dhéanamh agam leo arís.

Dá dtarlódh a dhath de na leabhair sin, bheinn buartha amach is amach. Is cuma céard atá scríofa iontu nach mbaineann le haon duine eile, is liomsa iad. Baineann na focail liomsa, agus le mo shinsir, le m'amsa a caitheadh, mar a déarfá. Bídís seafóideach nó bídís ciallmhar, tá teachtaireacht, agus tacaíocht, le fáil agamsa uathu.

Mar sin, ní dóigh liom go mbeadh sé de cheart ag aon duine iad a dhó orm, abair, fiú dá mbeadh fonn ar dhuine a leithéid a dhéanamh.
.

13 comments:

  1. Táimse le Heine ar seo: "Das war ein Vorspiel nur, wo man Bücher verbrennt, verbrennt man auch am Ende Menschen."

    Ní raibh ansin ach an tús: san áit a dóitear leabhar, dófar daoine ina dhiaidh.

    Gníomh táir agus amaideach rud a dhó cionn is go bhfuil luach aige do dhaoine eile, ar mhaithe lena bhfearg siúd a spreagadh.

    (Ach sílim freisin go bhfuil dhá slat tomhais in úsáid anseo: ní cloistear an oiread faoi na maslaí rialta do rudaí a mhothaíonn Críostaithe a bheith naofa)

    ReplyDelete
  2. Tá sé go hálainn go mbíonn rainn i do chuid leabhar. Tá an rud eile gránna agus ceapaim go bhfuil masla do Chríostaithe freisin.

    ReplyDelete
  3. Tá Bás ann do Chríostaithe.

    Imreofar díoltas ar Chríostaithe sna tíortha Moslamach arís eile.

    ReplyDelete
  4. Tá fuath ag na daoine siúd ar na daoine eile ba chóir dóibh grá a bheith acu. Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim,
    sibhse a dhéanann an t-olc!’

    ReplyDelete
  5. Aontaím, a Aonghuis.

    Go raibh maith agat, a Néidí.

    @ 'ba chóir dóibh grá a bheith acu'

    Sin é, a Shéain...:-)

    ReplyDelete
  6. Cóip den leabhar, sin an-difriúil ó leabhar gan cóipeanna ar bith, nó bunchóip. Is olc an gníomh fós é, ach ní ionann le dó do leabhair féin, dar liom.

    ReplyDelete
  7. B'fhéidir go mba chóir d'Aine fotacóip a dhéanamh dá leabhar ar eagla go dtiocfadh Críostaithe Poncánacha ar cuairt chuici? IAC.

    ReplyDelete
  8. An teachtaireacht a bhí uaim a roinnt, a Shéamais, ná go bhfuil a ‘leabhar’ féin ag chuile chreidmheach.

    Is cuma cóip nó bunchóip ann, baineann daoine sólás as na leabhair éagsúla.

    An méid sin ráite, mar a thrácht mé ar do bhlagmhír, ní ‘sheasfainn’ le lucht na bagartha, is cuma cén taobh/creideamh lena mbaineann siad.

    Agus ó tharla gur tharraing tú m’aird ina threo, tá tuairimí suimiúla á roinnt ag Mona Charen ina halt anseo.

    IAC, a Choc?

    ReplyDelete
  9. Nuair a thagaim ar litir nó rud éigin den chineál sin a scríobh duine de mo mhuintir atá ar shlí na fírinne anois is minic a chuireann sé faoi gheasa mé agus na mothúcháin ar maistreadh istigh ionam.

    Mar a bheadh anam agus beogacht fós le haireachtaint i lámhscríbhneoireacht na ndaoine úd.

    ReplyDelete
  10. Léigh mé le suim faoi do leabhair síniúchán. Tuigim go maith an saghas ceangail a bhaineann le focal scríofa le lámh dílis. Táim tar éis bosca cártaí beannachta a aimsiú san íoslach. Mhothaigh mé léim chroí nuair a chonaic mé teachtaireachtaí ó mo mháthair, ó mo sheanmháthair srl. - mar sin tá siad fós anseo liom, i chaoi éigin. Go maire do leabhair, agus go mbaine tú tacaíocht astu go deo.

    ReplyDelete
  11. IAC, In Ainm Chroim. FFS as Gaeilge.

    ReplyDelete
  12. @ 'Mar a bheadh anam agus beogacht fós le haireachtaint i lámhscríbhneoireacht na ndaoine úd.' - go díreach! Agus go fileata, a chara...:-)

    @ 'mar sin tá siad fós anseo liom, i chaoi éigin.' - sin mar a airím féin, a Kharen, agus go raibh maith agat as an mbeannacht!

    Tuigim anois, a Choc...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.