Saturday, August 14, 2010

Teanga Choiteann na Gaeltachta?

Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo’

Bhí mé tuirseach aréir nuair a scríobh mé na focail thuas i mo bhlagmhír thíos. Cheap mé go m’fhéidir go mbeadh an t-amhras sin laghdaithe ar maidin. Ní raibh, agus níl fós.

Scríobhaim mo bhlag as Gaeilge, cé go mbeadh sé i bhfad níos fusa agam Béarla a úsáid. Béarla a labhair mé, formhór an ama, ar feadh mo shaoil. Tá leabhair ghramadaí Gaeilge, agus foclóirí, taobh le mo ríomhaire. Bainim úsáid astu go minic. Táim fós ag foghlaim, agus déanaim botúin, go rialta. Mar sin féin, leanaim orm.

Fáth m’amhrais? Tá sé tugtha faoi deara agam, le bliain nó dhó, go bhfuil ár dteanga dhúchais á cur go leataobh, anois is arís, sna Gaeltachtaí. Bhí mé i gcúpla áit sa Ghaeltacht, agus ní raibh Gaeilge ag duine nó dhó, daoine a bhí ag freastal orm, anseo agus ansiúd.

Chuir mé an cheist ‘Are you going to learn Irish?’

Is ceist í a chuirim go rialta nuair a bhíonn duine gan Gaeilge ag freastal orm i gceantar Gaeltachta. Níl ann ach gur suim liom meon an eachtrannaigh i dtreo na teanga seo againne, an dtuigeann sibh.

I try to learn, but it is so difficult.’ a d’fhreagair bean amháin.

Mhothaigh mé go raibh sí aiféalach faoi sin. Dar léi, Béarla a labhraíonn a comhghleacaithe léi. Suimiúil. Is cainteoirí dúchasacha iad uilig.

‘Are you going to learn Irish?’ a d’fhiafraigh mé d’fhreastalaí eile, in áit eile sa Ghaeltacht. Ní aiféalach ach mustrach a freagra,

‘There is also English, so I don’t have to!’

Agus sin agaibh fáth m’amhrais, a léitheoirí.
.

19 comments:

  1. Feictear dom gur saghas reiligiún “saolta” í an Ghaeilge anois (cé nach bhfuil mórán buntáiste saolta ag dul léi). Tá labhairt agus scríobh na Gaeilge an-chosúil le ceol, damhsa, filíocht agus na healaíonta eile sa saol atá inniu ann. Is rogha í. Ní mór í a chleachtadh go rialta. Is amaitéaraigh iad formhór na ndaoine atá gafa inti. Ní thuilleann ach fíor-bheagán daoine a gcuid léi.

    ReplyDelete
  2. Tuigim duit.

    Tá an Béarla fós i mbun an Ghaeilge a chóilíniú. An feachtas i gcoinne na Gaeilge a chuir na Sasanaigh ar bun na céadta ó shin chun an Ghaeilge a dhíothú d'aon turas, tá na hÉireannaigh féin ag leanúint ar aghaidh leis anois. Is iad an t-aineolas, an leisce agus an dímheas mar thoradh ar mhí-chumas an duine féin naimhde na teanga sa lá inniu.

    Téann Éireannaigh isteach sa Ghaeltacht mar tá meas acu ar an nGaeltacht ach labhraíonn siad Béarla, cuireann siad an Ghaeilge sa Ghaeltacht ina tost, tá an Ghaeltacht á lot acu agus, mar bharr ar an donas, tá siad dall ar an lot sin.

    Ach tá an méid sin ar eolas againn cheana féin. Nach olc an mhaise an t-éadóchas do Ghaeilgeoir?

    ReplyDelete
  3. @ 'Ní thuilleann ach fíor-bheagán daoine a gcuid léi.'

    Tuigim sin, a Dennis, ach is é an trua é go bhfuil na daoine, atá in ann an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha dúchasach, ag labhairt i mBéarla le heachtrannaigh atá ag cur fúthu, agus ag obair leis an bpobal, sa Ghaeltacht.

    Is i mBéarla a labhraíonn siad leo, feictear dom, ó tharla an teanga sin acu uilig, is dócha, rud a fhágann nach bhfoghlaimeoidh an t-eachtrannach teanga na háite i.e teanga na Gaeltachta.

    Tá an Béarla ag láidriú gach uair a ghlacann sé áit na Gaeilge i mbéal an dúchasaigh, bíodh an dúchasach sin ag obair leis an té nach bhfuil Gaeilge acu, nó ag ceannach uatha.

    Feictear dom, dá mbeinn ag cur fúm sa Spáinn, mar shampla, agus dá mbeinn ar mo phá lae ann, go mbeinn ag iarraidh teanga na háite sin a fhoghlaim, le go mbeinn in ann cumarsáid a dhéanamh le pobal na háite, agus bheinn ag súil go gcuideodh mo chomhghleacaithe liom an Spáinnis a fhoghlaim, fiú agus Béarla ar ár gcumas againn uilig.

    Ach, sin mise, amaitéarach atá ‘gafa’ le mo theanga, mar go n-airím go bhfuil m’fhéiniúlacht fréamhaithe inti. B’fhéidir nach dtugann dúchasaigh an fhéiniúlacht sin faoi deara, agus iad lonnaithe sa Ghaeltacht; b’fhéidir go bhfuil an teanga neamhiontach acu ann? Níl a fhios agam.

    D’fhéadfadh sé go bhfuil beatha na teanga sna Gaeltachtaí neamhspleácha - na háiteanna Galltachta sin ina bhfuil daoine ag baint úsáide as an teanga go comhfhiosach, is cuma an blag é, nó an teaghlach é, abair. Beidh le feiceáil, is dócha.

    ReplyDelete
  4. @ '... ach labhraíonn siad Béarla, cuireann siad an Ghaeilge sa Ghaeltacht ina tost'

    Sin mo phointe, a Ormondo! Ach, meas tú an dtugann siad é sin faoi deara? Sin an fhadhb, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  5. Tagaim leat a Áine,

    Ní thuigim leisce na daoine a bhfuil Gaeilge acu agus ná úsáidtear í.

    Is duine Galltachta mé. Tá i bhfad níos mó Bearla agam ná Gaeilge. Mar tú fhéin bím in amhras faoi mo chuid gramadaí agus insciní na bhfocai go minic. Tá foclóir sa seomra ach bhainim i bhfad níos mó úsáid as focal.ie ná rud ar bit eile.

    Tháinig mé anse go Chonamar don chéad uair i 1967 agus cé go raibh an Gaeilge go láidir ann ní raibh an phobal. Bhíodar in ísle bhrí, bhíodar leamh le héadóchas. Ní raibh rud ar bith rompa ach an bád bán. Is cuimhin liom teach abhaile go BÁC sa traen a bhí lá de muintir Chonamara don chuid is mó ag filleadh go Sasana. Turas gruama a bhí ann a chuir isteach go mór orm.

    Anois tá brí éigin ann. Tá na tithe an=gus an saol i bhfad níos chompordaí acu. Sea tá an airgead gann arís agus níl an éadóchas ceanna ann.

    Ach, tá an Gaeilge níos laige chomh maith. Má tá tú ar iarraidh beagnach gach rud ón stáit nó ó chomhlucht príobháideach bíonn ort filleadh ar an mBéarla.

    Tá cónaí orm sa Ghaeltacht anois le breis is sé bliana anois. Labhraítear Gaeilge sa ceantair seo, sna tithe taibhrne, sna siopaí 7rl. Deintear mo charr a dheisiú i nGaeilge, faighim boinn nua go háitiúil i nGaeilge. Ach caitheadh mé seirbhís teilifón, BSL agus eile a fháil tré Bhéarla. "The girl with Irish isn't in today!!!"

    Ach ní mór duit trial a bhaint as i ngach bealach is féidir. Nuair atá mé sa Ghaeltacht bainim úsáid as an nGeilge i dtosach. Má tá mé sásta go bhfuil Gaeilge ag an té atá á labhairt liom leanaim ar aghaidh i nGaeilge cé go labraíonn seisean Bearla.

    Is le fear nach bhfuil mórán Gaeilge aige Siopa na Phobail in Indreabhán. Bhí mé istigh ann inné agus ag an scipéad airgid (GRMA focal.ie!) bhí sé ann. Ní raibh mé ag súil le Gaeilge uaidh ach labhair muid i nGaeilge. Tá seiseann sásta í a labhairt.

    Má tá duine sa bhFrainc labharann siad Fraincís ar dtús. Má tá muid sa Gaeltacht labhraímís Gaeilge ar dtús.

    Má labhraítear Gaeilge tá dóchas ann. Má castar ar an mBéarla tá deireadh leis.

    ReplyDelete
  6. @ 'Ní raibh mé ag súil le Gaeilge uaidh ach labhair muid i nGaeilge'

    Maith sibh, a Eoin...;-)

    @ 'Má labhraítear Gaeilge tá dóchas ann'

    Aontaím, a chara!

    ReplyDelete
  7. Bíonn na gaeltachtaí nó formhór d'acu sáite leis an Bhéarla i rith na laethanta saoire go háirithe i rith an tSamhraidh. Bíonn Béarla mar an teanga is coitianta sna tithe tábhairne agus siopaí ceapaim. Táim an dóchasach leis an bPlean Straitéiseach 20 Bhliain ag teacht amach. Caithfear breathnú ar an ngloine mar leath lán. Is as Dún na nGall tú Áine. Féach ar seo: www.slideshare.net/DarrenJPrior/i-bhfcas-dn-na-ngall-in-focus-donegal
    Agus tá mé ag dul ar ais le Nearfm!!!

    ReplyDelete
  8. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  9. "Ach, meas tú an dtugann siad é sin faoi deara? Sin an fhadhb, b'fhéidir..."

    Sin cuid den fhabhb ar aon nós. Agus ní mór nach bhfuil an cineál easpa feasachta siúd ag brú an tsaoil amach as an nGaeilge.

    An dara drochthoradh a bhíonn air ná go sleamhnaíonn an misneach ó dhaoine eile ón nGalltacht a mbeadh sásta de ghnáth Gaeilge a labhairt ach go dtagann drogall cúthaileach orthu de bharr forlámhas an Bhéarla a bheith beirthe isteach sa Ghaeltacht ag na daoine eile.

    Ní ceadmhach do mhuintir na Gaeilge dúchais, de réir dealraimh, a teanga a chosaint agus bítear ag súil go bhfanann siad go deas múinte le linn dá gcultúr a bheith i mbaol a curtha de dhroim an tsaoil.

    ReplyDelete
  10. recte: "...dá gcultúr a bheith i mbaol a churtha de dhroim an tsaoil."

    ReplyDelete
  11. Is Gaillmheach mé, a Darren. Cé go bhfuil an chuid is mó de mo shaol caite agam in Inis Eoghain, is as Conamara mé ó dhúchas.

    Téim ar ais go Ceantar na nOileán chomh minic agus is féidir liom - tá gloine na Gaeilge lán go béal ann, a chara - ar léigh tú alt Bherni Uí Flatharta in Gaelscéal na seachtaine seo...;-)

    Go raibh maith agat as an nasc sin, agus go n-éirí leat ag Nearfm!

    ReplyDelete
  12. A Ormondo, táim den bharúil go bhfuil 'mhuintir na Gaeilge dúchais' breá ábalta a gcultúr a chosaint, nuair is gá...:-)

    ReplyDelete
  13. Tá mé in amhras faoi chuid mhór rudaí sa domhan sa lá atá inniu ann, ach is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid. Coinnigh do theanga, tabhair í do do chlann, tabhair í do dhaoine eile más mian leo í a fhoghlaim. Cá fhad a chuaigh an t-am thart ó thús an ionsaithe (1367 agus 17ú haois)? Agus cá fhad a chuaigh an t-am thart ó thús an athchóirithe (19ú haois dhéanach)? Bogann na teangacha go mall, fiú an Béarla Mór.

    ReplyDelete
  14. @ ' tabhair í do do chlann,'

    Faraor, ach ní dhearna mé é sin, agus is é mo chreach dhóite nár thug.

    An méid sin ráite, tá dúil acu sa teanga, mar atá ag beagnach chuile Éireannach a labhraíonn liom faoin nGaeilge, agus aiféala orthu siúd, nach bhfuil cumas a labhartha acu, nach bhfuil siad in ann í a labhairt.

    Sin é an rud, a Sheáin. Tá daoine sna Galltachtaí ag cronú a dteanga dhúchais, agus tá súil agam nach ligtear di dul i léig sna Gaeltachtaí.

    Táim de shíor ag foghlaim ó mo bhotúin féin, agus meabhraím do dhaoine, le Gaeilge acu, gan mo dhrochshampla a leanúint, ach an teanga a roinnt go fial!

    Ní dhéanfaidh mé an dearmad céanna leis an gcéad ghlúin eile sa teaghlach seo - Mamó, agus ní Granny, a bheas ionam, lá breá éigin, tá súil agam...:-)

    ReplyDelete
  15. Tá an ceart ag Dennis nuair a deir sé gur rogha seachas riachtanas í an Ghaeilge anois, nó sin an bhrí a bhainim as a ndúirt sé. Agus de dheasca an staid sin a bheith ar an teanga, tá an rogha á dhéanamh ag tuismitheoirí áirithe sna Gaeltachtaí gan an teanga a sheachadadh don chéad ghlúin eile. Féach, mar shampla, ar cad a tharla le déanaí i scoil Ghaeltachta in Maigh Eo. Ní raibh Gaeilge ag oiread is dalta amháin agus iad ag freastal ar scoil den chéad uair. Sampla eile uaibh? Tá sé thar a bheith deacair comhrá i nGaeilge a bheith ag cuairteoir le duine faoi bhun cúig is fiche bliana d’aois i gCorca Dhuibhne. Sea, tá an rogha á dhéanamh agus tá ré na nGaeltachtaí ag druidim chun deiridh. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil todhchaí ann don teanga ach ní sna Gaeltachtaí a bheidh cónaí ar formhór lucht a labhartha.

    ReplyDelete
  16. @ 'ach ní sna Gaeltachtaí a bheidh cónaí ar formhór lucht a labhartha'

    Cheapfainn, a SheáinO, go bhféadfadh sé go bhfuil an fhírinne agat ansin. Beidh le feiceáil.

    ReplyDelete
  17. @Ní dhéanfaidh mé an dearmad céanna leis an gcéad ghlúin eile sa teaghlach seo - Mamó, agus ní Granny, a bheas ionam, lá breá éigin, tá súil agam...:-)

    Tá ort bheith cúramach leis an ainm mamó mar ní thuigeann gach duine é agus anois glaonn cairde mo neachtanna is a gcuid tuismitheoirí mamó ar mo mhamaí mar ní thuigeann siad é.

    ReplyDelete
  18. Níor mhiste liom, a Néidí...:-)

    ReplyDelete
  19. Sílim gur an rud eile ba é ab fhearr ná go mbeadh an Ghaeilge don tír dhúchais agus bheadh an Béarla do chumarsáidí idirnáisiúnta. Ní mhairfidh an Béarla mar theanga idirnáisiúnta go deo, agus fágfar muintir na hÉireann ag iompar an tsaic, mar a déarfaí.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.