Tuesday, July 6, 2010

Róluath

Mar a scríobh mé cheana, bíonn laethanta brónacha againn uile, ag amanna ar leith, b’fhéidir, ar chúis amháin nó ar chúis eile.

San áit a mbíodh mothúcháin áthais, agus ceiliúradh, ar an lá seo tráth den saol, tá brón anois. Is mar sin a bheas, is dóigh liom, go lá mo bháis féin.

Roinnim an dán thíos libh, a léitheoirí, mar nach bhfuil ar mo chumas aon cheo eile a scríobh le lá nó dhó. Is dán é a scríobh mé do chárta cuimhneacháin mo dheirféar, Ciara, cúpla mí i ndiaidh a báis.

Mura miste libh, a léitheoirí, roinnim an dán libh i gcuimhne uirthi inniu, ar a lá breithe. Bheadh sí 33 bliana d’aois, dá mbeadh sí fós linn. Ach níl sí linn, agus sin fáth mo bhuartha inniu.

Róluath

Ní raibh a fhios nuair a tháinig tú chugainn
Nárbh fhada do sheal linn, a chroí,
Go raibh breithiúnas tugtha ag aingle
Gur ar iasacht a bhí tú ó Dhia.

Bhí ábhar do shaoil ar phár Pharthais,
do chinniúint breactha roimh ré,
breith agus bás is gan eatarthu
ach tréimhse do bheatha in am Dé.

Ó d’imigh tú uainne gan choinne,
tháinig deireadh do thuras ‘s do dhán,
aistear álainn go tubaisteach gearrtha,
tú sciobtha ó chairde ‘s ó chlann.

Scríobh tú do scéal inár gcroíthe,
é deartha go domhain ‘s go deo,
sé giorracht d’aiste a fhágann
muid uile ag sileadh na ndeor.
.

4 comments:

  1. Ní maith liom bhur dtrioblóid.

    Dán álainn, más tinfeadh brónach féin a spreag.

    ReplyDelete
  2. Ar dheis Dé go raibh a hanam.

    ReplyDelete
  3. Ar dheis Cé go raibh a hanam. Barróg mhór faoi iamh duit

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.