Monday, July 12, 2010

Fulaingt

Tá an fón ag dul ó mhaidin, daoine muinteartha linn ag glaoch orainn, ar fhaitíos gur linne duine acu siúd a maraíodh sa timpiste uafásach sin a tharla in Inis Eoghain aréir.

Ní linn, ach tá an baile seo, agus an inis iomlán, faoi bhrón – ochtar caillte, seachtar acu siúd in aon charr amháin, leaids óga; agus fear amháin meánaosta sa charr eile, é ar a bhealach abhaile ón mbiongó, deirtear.

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach an mbeidh deireadh go brách leis an scrios seo ar ár mbóithre!

Tá aithreacha, máithreacha, deirfiúracha, deartháireacha, mamónna, deaideonna, col ceathracha, páirtithe - teaghlaigh le croíthe briste ar fud na háite ar maidin. Is leosan atá mo thrua.

Arís eile, tá fulaingt mhillteanach in Inis Eoghain. Go sábhála Cé sinn...
.

4 comments:

  1. Agus suaimhneas síoraí dóibh siúd a bhásaigh

    ReplyDelete
  2. Mar gheall ar an gceantar a bhí i gceist tháinig tú go díreach isteach i m'aigne, a Áine, nuair a chuala mé an scéal.

    Go ndéana Dia trócaire ar a n-anamacha... agus an mhórchuid acu daoine óga ar leic an tsaoil a bheadh amach rompu.

    ReplyDelete
  3. @ 'an mhórchuid acu daoine óga ar leic an tsaoil'

    Sea, a Ormondo, agus tá i bhfad barraíocht acu ag fáil bháis sa taobh seo tíre, faraor géar...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.