Friday, July 30, 2010

Bean an Rotha


Bhí bia blasta agam sa bhialann thuas, i nGaillimh, an tseachtain seo caite. B’shin mo chéad uair ag ithe tapas, sa tír seo ar aon nós, agus beidh mé á n-ithe arís sa bhialann sin, gan dabht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin mbialann anseo.

Ar mo bhealach chuig an mbialann, chonaic mé an roth uisce sa phictiúr sin thuas, taobh leis an gcarrchlós, atá in aice le stáisiún na ngardaí ar Shráid an Mhuilinn sa chathair.

Chuaigh mé ar thóir eolais faoin roth, turas a thug mé chuig an sean-alt seo sa Galway Advertiser. Is léir, ón méid a léigh mé, go bhfuair an abhainn, ar a bhfuil an roth suite, a ainm, Abhainn Madeira, ó Oileán Mháidéara ag Páirc an Mhéara sa chathair, áit a raibh grúdlann tráth den saol, mar a léigh mé anseo.

Ach, an rud a tharraing m’aird, agus mé ar mo thuras eolais, agus an scéal sin sa Galway Advertiser faoin Slaughter-House River léite agam, ná an líne seo a leanas, ón alt seo faoin seamlas a bhíodh sa chathair geábh:

This slaughterhouse (or Shlawtherhouse to give it's Galway pronunciation) was well known to local schoolchildren who could hear the bleating animals and who often had to skip over streams of blood in the lane.

B'fhéidir gur Gaillmheach go smior mé, ach ní haon ionadh go bhfuilim i m’fheoilséantóir!
.

4 comments:

  1. Céard go díreach a chiallaíonn “ag tacú leis an nGaeilge”?

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam, a chara, ach b'fhéidir go raibh Gaeilge ag na freastalaithe, nó rud eigin mar sin.

    Ní fhaca mé an comhartha sin ar an bhfuinneog go dtí go raibh mé ar mo bhealach amach. Cuirfidh mé ceist an chéad uair eile a bheas mé ann.

    ReplyDelete
  3. “ag tacú leis an nGaeilge” sílim go gciallaíonn sé le "lámh cúnta". Usáidtear "tacú le duine" agus "tacaíocht do dhuine" ach an rud céanna atá i gceist. Tacaíocht theibí ar ndóigh sa chás seo. H

    ReplyDelete
  4. Chuaigh mé ar ais chucu, a Hilary, agus níl Gaeilge, dar leo féin, ag aon duine de na freastálaithe ann.

    Séard atá ag gceist leis an 'ag tacú' sin acu, dar leo, go gcuireann siad Gaeilge ar an mbiachlár agus ar na fógraí san áit.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.