Tá aithne agam ar bhean, bean a chuaigh ag tonnmharcaíocht coicís ó shin, agus bean a ghortaigh í féin nuair a fuair sí leadóg sa tsrón óna tonnchlár.
Níor thug sí aird dá laghad ar an tsrón bhocht go dtí Dé Céadaoin seo caite, nuair a chinn sí coinne a dhéanamh leis an dochtúir, ó tharla í fós ataithe. An tsrón a bhí ataithe, chan an dochtúir, ar fhaitíos aon mhíthuiscint ort, a léitheoir.
Fuair sí coinne leis an dochtúir ar an Déardaoin, dochtúir a mhol dí dul go dtí A&E san ospidéal i Leitir Ceanainn, áit a ndeachaigh sí an lá arna mhárach, agus áit inar x-ghathaigh siad an tsrón ataithe.
Dhearbhaigh siad san ospidéal go raibh an tsrón bhocht ataithe briste, agus mholadar obráid san ospidéal i Sligeach, áit a ndeachaigh sí an Luan dár gcionn, agus áit ina raibh leaba agus máinlia ag fanacht léi. Bhí an máinlia ansin le caoi a chur ar an tsrón, ar fhaitíos aon mhíthuiscint ort, a léitheoir.
Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, bhí sí féin agus a srón ataithe dheisithe ar ais sa bhaile an tráthnóna céanna agus, cé is moite den aistear dhá uair go leith go Sligeach, bhí sí breá sásta, sílim, leis an gcúram gasta tuisceanach a fuair sí, mar othar poiblí, faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Caithfear creidiúint a thabhairt ó am go chéile, agus corr dea-scéal a roinnt chomh maith céanna.
.
Gaeilge24 i mBéal Feirste
20 hours ago
Deá scéal, cinnte.
ReplyDeleteAch cad a tharla don tonnchlár?
ReplyDelete:-)
@ Ormondo - Cuireadh ina sheasamh sa chúinne é mar phionós.
ReplyDeleteASG!
ReplyDeleteIs dóigh liom nach bhfágfaidh an bhean chéanna a tonnchlár i bhfad sa chúinne...:-)
caitheamh aimsire úr : spéirthumadóireacht
ReplyDeleteAch ní ar thonnchlár, tá súil agam, a Sheain!
ReplyDeleteFocal maith é spéirthumadóireacht, go deimhin, don chaitheamh aimsire úd.