Friday, June 11, 2010

Say Cheesey

A bhuí le trácht ar ábhar eile, nach mbaineann ar chor ar bith leis an ábhar seo, trácht a d’fhág Dennis ar bhlag Dhubhaltaigh maidir le Twitter Lit, tháinig mé ar an liosta seo, The 50 Worst Inventions, ag bun an leathanaigh sin ar time.com.

Bhuail uafás nach beag Síog nuair a thaispeáin mé físeán an Pet Spa dó, agus táim beagnach cinnte gur chuala mé na focail ‘dual amadáin!’ uaidh nuair a chonaic sé an Snuggie for Dogs.

Blianta ó shin, fuair mé an CueCat, saor in aisce, ó mo dheirfiúr i mBostún, ach níor bhain mé úsáid riamh as. ‘Nuff said, mar a deir an Béarla.

Maidir leis na ‘Phone Fingers’, níor chuala mé iomrá riamh orthu, agus ní nach ionadh. Cuirim iadsan, Farmville, agus Venetian Blind Sunglasses isteach i gcatagóir ar leith. An bhfaca mé na focail ‘style morons’'utterly pointless and functionless accessory' scríofa áit éigin san alt sin ar an idirlíon?

Níor bhain mé féin úsáid as Crocs, ná as Hair in a Can riamh, cé go nglacaim leis go bhfuil daoine ann a bhainfeadh, agus a bhaineann. Tá an ceart sin acu. Níl aon dlí ina n-aghaidh, agus ní dóigh liom gur diamhasla atá iontu, ach an oiread. Ceapaim.

Ní cheapaim go gcuirfeadh na Subprime Mortgages aon ‘smile’ ar éadan an Dubhaltaigh, ná ar éadan go leor daoine eile sa tír seo, ach an oiread. Maidir le Clippy, chuir an diabhal sin mise ar mire go mion minic thar na blianta, cé go gcaithfear a admháil go raibh ‘smile’ deas ag an gcréatúr.

Go deimhin, más mian leat anailís a dhéanamh ar do ‘smile’ féin, a léitheoir, is dócha go bhféadfá fios a chur ar bhogearraí ón tSeapáin, agus do Smile Check féin a dhéanamh chuile mhaidin...;-)
.

3 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Soiprithe sna suíocháin taobh thiar dom san eitleán bhí seanlánúin. Sa sos fógraíochta idir dhá scannán bhí bearrthóir gruaige sróine á mholadh ar an scáileán. "Deacair a shamhlú go mbeadh gnó ag éinne den seafóid sin." Tost gairid; ansin glór mná, "O, ní bheinn ró-chinnte."

    (Tá an nóta tráchta thuas i bhformáid LitLasáin - ach bunaithe ar fhíoras, mar a déarfá.)

    ReplyDelete
  3. Ar ndóigh, baineann chuile dhuine a leas féin as níthe an tsaoil, a Ormondo, agus cé go bhfuil níthe ar an liosta sin nach mbainfinn féin ná Sióg úsáid astu, glacaim leis go bhfuil rudaí ar an liosta atá, ahem, áisiúil don úsáideoir

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.