Friday, June 4, 2010

Na Tumchónaithe Gaeilge

Le mo thaobh sa charr, ar mo bhealach abhaile Dé Domhnaigh seo caite, bhí mo chara dhil, Bean an tSléibhe, bean a bhí tar éis seomra a roinnt liom, ón Aoine, in Áras Ghleann Cholm Cille, áit ar chaith mé féin agus í féin an deireadh seachtaine, ag tumchónaí le scór daoine eile.

Céard go díreach atá i gceist le ‘tumchónaí’? Bhuel, le scéal fada a dhéanamh níos faide giorra, is ar bhlag Sheáin Mhóir a chonaic mé an focal, agus is eisean a mheall mé chuig an Áras leis na focail seo ar a bhlag ‘Ar mhaith leat deis a bheith agat Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí eile? Nó má tá tú líofa, ar mhaith leat cuidiú le foghlaimeoirí?’

Bhuel, bhí m’aird aige faoin am sin, agus níor theastaigh mórán meallta eile uaim, nuair a chonaic mé nach raibh le híoc agam ach €50 ar an iomlán, ‘leaba agus bia san áireamh’, agus é geallta ag Séan Mór gur ‘ócáid shóisialta’ a bheadh ann, go mbeadh gach duine ag ‘cuidiú lena chéile’ agus ‘deas cairdiúil lena chéile’.

Ar ndóigh céard eile a bheadh uait, a Áine, arsa mé féin liom féin, agus thug mé Bean an tSléibhe liom, ó tharla í chomh fiosrach liom féin, agus í ábalta bheith ‘deas cairdiúil’, freisin.

An raibh am ar dóigh againn? Bhí, go deimhin, le gach rud eagraithe go hiontach ag Craobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, an dream a reáchtáil an deireadh seachtaine lánGhaeilge seo. Bhí cuid againn ann a raibh Gaeilge dhúchasach againn, cuid eile againn a raibh Gaeilge líofa fhoghlamtha, cuid eile fós ag foghlaim; ach gan focal Béarla á labhairt eadrainn uile, ach ar éigean.

An chéad oíche, d’fhoghlaimíomar, agus chasamar, amhráin as Gaeilge. Bhí cúpla gloine fíona ólta, agus an dinnéar ite againn faoin am sin, dinnéar a bhí eagraithe go hiontach ag bean Sheáin Mhóir, Gina, muid uile ag cuidiú leis an réiteach, agus leis an nglanadh ina dhiaidh sin.

Gloine fíona eile, neart comhrá, dán nó dhó uaimse, agus ansin d’imríomar cluiche, na mná i gcoinne na bhfear. Sórt cluiche mar ‘Pictionary’ a bhí ann, ach gur ainmneacha scannán a bhí le tomhas againn. Bhí ormsa, mar shampla, ‘Ceithre Bhainis agus Tórramh’ a tharraingt ar an gclár bán, i bhfoirm pictiúr, an dtuigeann sibh.

Bhí trí nóiméad ag na mná le ciall a dhéanamh de mo dhrochealaín, agus an freagra ceart a aimsiú. Faoi dheireadh an chluiche, bhí an bua ag na leaids. Seán Mór a bhí ina mhaor ama acu againn, agus ba í Gina a chinntigh go bhfuair muid uile deis ag an gclár bán, más buan mo chuimhne.

Maidin lá arna mhárach, tar éis bricfeasta breá Gaelach, bhí rogha againn - turas báid, siúlóid bhóthair, nó siúlóid sléibhe. Chuaigh ceathrar ar an turas báid, seisear ar shiúlóid bhóthair, agus dosaen againn ar shiúlóid sléibhe, slí an Tower Loop, áit a bhfacamar radhairc áille.

Dinnéar sa bhaile um thráthnóna, agus ansin Tí Bhiddy an oíche sin, le haghaidh seisiún ceoil. Bhí uirlisí ag ceathrar nó cúigear den chomhluadar, agus chasamar, sa phub, na hamhráin a bhí foghlamtha againn an oíche roimhe. Rinneadh, ahem, iarracht ar bheagán damhsa Gaelach a dhéanamh i lár an urláir ann, ach, fiú mura raibh na céimeanna ar eolas mar is ceart, bhí craic san iarracht uainn.

Ag deireadh na hoíche, rinne fear an tí, nár laga a Ché é, bairbeciú dúinn, sular bhuaileamar bóthar ar ais go dtí an tÁras, ar an mbus a bhí eagraithe ag Mícheál/Seán roimh ré.

Maidin lá arna mhárach, bhí bricfeasta mór Gaelach eile againn, le Gina ag treorú chúrsaí na cistine, gach duine agus a jab féin le déanamh aige nó aici, ag réiteach bia, nó ag glanadh tí. D’fhan cuid againn san Áras ag comhrá agus ag caint, as Gaeilge ar ndóigh, agus chuaigh cuid againn ar shiúlóid eile, go Málainn Mhóir.

Thug Seán Mór carnán leabhar as Gaeilge leis, rud a thug deis dúinn leabhair a fheiceáil nach raibh feicthe cheana againn, b’fhéidir. Chuireamar uile a chéile ar an eolas faoi shuímh idirlín úsáideacha na Gaeilge, agus chaitheamar seal, anseo agus ansiúd, ag breathnú ar na suímh éagsúla, ar ríomhaire Sheáin Mhóir.

Ag a dó a chlog, d’fhágamar slán lena chéile, gach duine ag imeacht leis, nó léi, ina charr féin. Ar an mbealach abhaile, arsa Bean an tSléibhe liom, ‘Nach raibh an deireadh seachtaine sin iontach suimiúil!’ Agus, ar ndóigh, bhí an ceart aici. Bhíomar uile ag roinnt eolais lena chéile, bhíomar uile ag foghlaim, agus bhí craic nach beag againn ag an am céanna.

Comhghairdeas le Séan Mór, lena bhean uasal, Gina, le Mícheál Ó Dufaigh, le Craobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, as an deireadh seachtaine iontach sin a chur ar fáil dúinn. Is fada liom go mbeidh an chéad deireadh seachtaine eile ‘tumchónaí Gaeilge’ ann.
.

6 comments:

  1. Is maith liom é a chloisint gur bhain tusa agus na daoine eile sult as. GRMA as an tuairisc chuimsitheach faoi; is breá liom an dea-scéal.

    Dála an scéil - agus is ceist í a chuireas cheana féin ort ar shlí éigin: an raibh tusa i measc na cainteoirí dúchasacha, a Áine?

    ReplyDelete
  2. “Deireadh seachtaine Gaeltachta” a thugtar ar a leithéid abhus anseo. Bhí mé páirteach i gcúpla ceann acu i San Francisco ± 10 mbliana ó shin. Bhain mé sult astu freisin.

    ReplyDelete
  3. An-smaoineamh. Táim tar éis saighneáil suas le suíomh Sheáin Mhóir. Is breá liom an Gaelachas seo. Is ní ghortaíonn sé duine ar bith ach spraoi agus spórt is fáilte roimh chách.

    ReplyDelete
  4. A Ormondó, is le Béarla a tógadh mé, ach rinneadh an tógáil sin i gceantar Gaeltachta, mar sin is dócha gur féidir a rá gur cainteoir dúchais atá ionaim - ceapaim!

    Maith thú, a Dennis!

    @ ' ní ghortaíonn sé duine ar bith ach spraoi agus spórt is fáilte roimh chách'

    Sin é go díreach, a chara...:-)

    ReplyDelete
  5. Go raibh céad maith agat as an alt deas seo a scríobh faoin deireadh seachtaine i nGleann Cholm Cille, a Áine! Bhain mé féin an-sult as bhur gcomhluadar agus chuir sibh go mór le saibhreas na hócáide.

    Is ón téarma 'tumoideachas' a ghoid muid an téarma 'tumchónaí Gaeilge'. Má thig páistí a 'thumadh' in oideachas lánGhaeilge, bhuel is féidir an chuid eile againn a 'thumadh' sa Ghaeilge i ndeireadh seachtaine cónaitheach.

    Tá tugtha faoi deara agamsa, go minic, ag ócáidí atá in ainm is a bheith i nGaeilge, go mbíonn cuid mhór Béarla sa chomhluadar. Scriosann sé seo cibé seans atá ag an fhoghlaimeoir a 'nós teanga' a bhriseadh ón Bhéarla go dtí an Ghaeilge. Creidimse gur féidir foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa a chur le chéile i gcomhthéacs lánGhaeilge, agus go dtig leo sult agus spraoi a bheith acu i nGaeilge amháin, rud a chuidíonn go mór leis na foghlaimeoirí ó thaobh muiníne de. Má tá muid chun 250,000 cainteoirí Gaeilge a chruthú, ní i seomraí ranga amháin a dhéanfar é!

    Tá súil agam go mbeidh tú féin agus Sábha ar ais linn am inteacht eile!!!!!

    ReplyDelete
  6. @ 'Má tá muid chun 250,000 cainteoirí Gaeilge a chruthú, ní i seomraí ranga amháin a dhéanfar é!'

    Áiméan, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.